Tháinig Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 i ngníomh an 9ú Meitheamh 2017. Ní mór do chuideachtaí de chineálacha áirithe Tuairiscí maidir le hÍocaíochtaí a chomhdú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí faoi Chuid 26 d’Acht na gCuideachtaí 2014 (arna leasú). Foirm PR1 a chuirtear faoi bhráid.
Cuireann Cuid 26 oibleagáid ar chuideachtaí móra, grúpaí móra agus “eintitis leasa phoiblí” atá gníomhach sa tionscail mianadóireachta agus eastóscach nó i lománaíocht foraoiseacha príomhúlacha tuairiscí bliantúla maidir le híocaíochtaí a rinneadh le rialtais a ullmhú agus a chomhdú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (Sceideal 18 AC 2014). (Liostaítear thíos - Cuideachtaí arna Liostú i Sceideal 18 le hAcht na gCuideachtaí 2014). Leis na hailt nua den Acht déantar foráil do chuntas ar na híocaíochtaí atá lena gcur san áireamh, an fhormáid do thuairisciú agus na cuideachtaí a bhfuil feidhm aige seo ina leith. Níl oibleagáid ar chuideachtaí neamhainmnithe príobháideacha neamhtheoranta (ULC) Tuairiscí maidir le hÍocaíochtaí a chomhdú faoi alt 1274a. Foirm lena comhlánú Ní mór na doiciméid a chomhdú ag baint úsáide as Foirm PR1. Ní mór an fhoirm a chomhdú laistigh de 11 mí ó Dheireadh na Bliana Airgeadais. Cion i gcatagóir 3 é má mhainnítear comhdú a dhéanamh. Táille €15. Foirmeacha Tá oibleagáid ar chuideachta sealbhaíochta, a ullmhaíonn ráitis airgeadais grúpa faoi alt 293, tuairisc chomhdhlúite maidir le híocaíochtaí a ullmhú áit gur fiontar mianadóireachta nó cairéalithe nó fiontar lománaíochta í féin nó a fochuideachta(í).
Tuairisc maidir le hÍocaíochtaí Eintitis Cuirfidh cuideachta san áireamh, i leith a tuairisce maidir le híocaíochtaí eintitis, do gach aon bhliain airgeadais, na nithe seo a leanas i ndáil lena gníomhaíochtaí ábhartha: (a) an rialtas lena bhfuil gach aon íocaíocht déanta, an tír lena mbaineann an rialtas sin san áireamh; (b) suim iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh le gach aon rialtas; (c) an tsuim iomlán in aghaidh gach cineál íocaíochta a rinneadh le gach aon rialtas; (d) ait a bhfuil na híocaíochtaí sin curtha i leith tionscadail shainiúil, an tsuim iomlán in aghaidh gach cineál íocaíochta a rinneadh i leith gach aon tionscadail agus suim iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh i leith gach aon tionscadail. (Áit a ndéanann cuideachta íocaíocht nach bhfuil curtha i leith tionscadail shainiúil, ní bheidh sé riachtanach sa tuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis í a chur i leith tionscadail shainiúil). Ní bheidh oibleagáid ar chuideachta íocaíocht a chur san áireamh sa tuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis más rud é — (a) gur íocaíocht shingil í de shuim níos lú ná €100,000, nó (b) gur cuid í de shraith d’íocaíochtaí gaolmhara laistigh de bhliain airgeadais áit a bhfuil suim iomlán na sraithe íocaíochtaí sin níos lú ná €100,000. Ní dhéanfar, áfach, íocaíochtaí, gníomhaíochtaí agus tionscadail a bhriseadh go saorga ná a chomhiomlánú chun an cur i bhfeidhm a sheachaint. Éilítear nochtadh íocaíochtaí chun substaint, seachas foirm, gach aon íocaíochta, gníomhaíochta ábhartha nó tionscadail i gceist. Áit a ndéantar íocaíochtaí comhchineáil le rialtas, luafaidh an tuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis luach na n-íocaíochtaí comhchineáil sin agus, áit is infheidhme, méid na n-íocaíochtaí comhchineáil sin, agus cuirfidh na stiúrthóirí nótaí tacaíochta ar fáil chun a mhíniú cén chaoi ar cinneadh luach na n-íocaíochtaí comhchineáil sin. Inneachar na tuairisce comhdhlúite maidir le híocaíochtaí Cuirfidh cuideachta sealbhaíochta san áireamh, i leith a tuairisce comhdhlúite maidir le híocaíochtaí, do gach aon bhliain airgeadais, an t-eolas céanna a leagadh amach thuas i gcás tuairisce maidir le híocaíochtaí eintitis agus luafaidh sí freisin: (a) íocaíochtaí ar bith a tháinig mar thoradh ar ghníomhaíochtaí ábhartha fiontair mianadóireachta nó cairéalithe agus (b) íocaíochtaí ar bith a tháinig mar thoradh ar ghníomhaíochtaí ábhartha fiontair lománaíochta. (Áit a ndéanann fiontar íocaíocht nach féidir a chur i leith tionscadail shainiúil, ní bheidh sé riachtanach sa tuairisc chomhdhlúite maidir le híocaíochtaí í a chur i leith tionscadail shainiúil). Díolúintí atá ar fáil Tá díolúintí ar fáil faoi Chaibidil 4 Cuid 26 d’Acht na gCuideachtaí 2014:
Aicmiú Tionscail de réir Caighdeáin Idirnáisiúnta Athbhreithniú 4
Cairéalú cloch ornáideacha agus cloch tógála, aolchloch, gipsim, cailce agus slinne