Déileáiltear le Cruinnithe Ginearálta agus Rúin i gCaibidil 6, Cuid 4 d'Acht na gCuideachtaí 2014. Ceanglaítear ar chuideachta cruinniú ginearálta bliantúil a thionól i ngach bliain faoi alt 175, agus gan níos mó ná 15 mhí a bheith idir na cruinnithe sin. Ceanglaítear ar chuideachta fós cruinniú ginearálta bliantúil a thionól laistigh de 18 mí ón uair a corpraíodh í.
An Cruinniú Ginearálta Bliantúil agus an chuideachta TEO Cruinniú gan tionól Ní gá do Chuideachta Phríobháideach faoi Theorainn Scaireanna atá cláraithe faoi Chuid 2 d'Acht na gCuideachtaí 2014 (cuideachta TEO) cruinniú ginearálta bliantúil a thionól sa chás ina síneoidh na comhaltaí go léir atá i dteideal bheith i láthair agus vótáil ag cruinniú ginearálta den sórt sin rún i scríbhinn, roimh an dáta is déanaí chun an cruinniú sin a thionól. Ní mór go ndéanfaí an méid seo a leanas sa rún i scríbhinn:
Gach cineál eile cuideachta, cibé acu Cuideachtaí Poiblí Teoranta, Cuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe, Cuideachtaí Neamhtheoranta nó Cuideachtaí faoi Theorainn Ráthaíochta, ní mór dóibh cruinniú ginearálta bliantúil a thionól sa chás ina bhfuil beirt chomhaltaí nó níos mó acu. Tabhair faoi deara: Ní mheastar faoi Acht na gCuideachtaí 2014 gur cuideachtaí TEO iad cuideachtaí atá cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí roimhe seo mar chuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna. Feidhmíonn siad faoin reachtaíocht um Chuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe go dtí go ndéanfar iad a chomhshó go dtí an tsamhail TEO nua. Féach ar bhileog 31 le do thoil maidir le Comhshó. Cruinniú lasmuigh den Stát Féadfar cruinniú ginearálta bliantúil a thionól lasmuigh den Stát sa chás ina bhfuil comhaontú d'aon ghuth ina leith sin; mura bhfuil, tá an dualgas ann na socruithe riachtanacha a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir le comhaltaí, trí mhodhanna teicneolaíocha, páirt a ghlacadh i gcruinniú den sórt sin gan an Stát a fhágáil. Tá an gnó nach mór a bheith san áireamh ag cruinniú ginearálta bliantúil leagtha amach in Alt 186. Áireofar sa ghnó ag an gcruinniú ginearálta bliantúil:
Cruinniú Ginearálta Urghnách Gach cruinniú ginearálta, seachas cruinnithe ginearálta bliantúla, meastar gur Cruinnithe Ginearálta Urghnácha iad. Ní mór fógra a thabhairt maidir le gach cruinniú ginearálta do gach comhalta, stiúrthóir agus do rúnaí na cuideachta chomh maith le hionadaí pearsanta comhalta éagtha. Má tá iniúchóir ceaptha, gheobhadh sé nó sí fógra freisin. Ní mór go dtabharfaí fógra 7 lá sula ndéanfar gach cruinniú ginearálta a thionól. Ní mór fógra 21 lá a thabhairt i gcás cruinniú ginearálta bliantúil nó cruinniú ag a bhfuil rún speisialta le rith, áfach. Faoi alt 181(2), ceadaítear fógra gearr i leith cruinnithe sa chás ina n-aontaíonn gach comhalta atá i dteideal bheith i láthair agus vótáil leis sin agus sa chás ina n-aontaíonn na hiniúchóirí leis freisin (má tá siad ceaptha). Is féidir le córam a bheith comhdhéanta de bheirt faoi alt 182 mura luaitear a mhalairt sa bhunreacht nó más comhalta amháin atá ag an gcuideachta. Déileáiltear in alt 183 den Acht le seachvótálaithe agus tá an fhoirm sheachvótála leagtha amach in alt 184. Tagann na hailt sin in ionad roinnt de na réimsí i dTábla A den Sceideal a ghabhann le hAchtanna na gCuideachtaí roimhe seo 1963-2013. Rúin speisialta agus gnáthrúin Éilíonn rún speisialta tromlach 75% de na vótaí arna gcaitheamh ag na comhaltaí atá i dteideal vótála. Tugtar sainmhíniú ar ghnáthrún san Acht seo (alt 191) agus ciallaíonn sé rún arna rith trí thromlach simplí de na vótaí arna gcaitheamh ag na comhaltaí atá i dteideal vótála, le vóta arna chaitheamh go pearsanta nó trí sheachvótálaí ag cruinniú ginearálta den chuideachta. Rúin i scríbhinn Féadfaidh rún i scríbhinn faoin Acht nua seo a bheith ina rún speisialta nó ina ghnáthrún. Féach alt 193 agus alt 194 le do thoil. Is ionann rún d'aon ghuth i scríbhinn agus ceann i scríbhinn, arna shíniú ag na comhaltaí uile de chuid cuideachta atá de thuras na huaire i dteideal bheith i láthair agus vóta a chaitheamh. Roimhe seo, faoi shean-Achtanna na gCuideachtaí, ní fhéadfaí an rún i scríbhinn sin a úsáid ach amháin i gcás ina ndearnadh foráil dó in airteagail na cuideachta. San Acht nua, áfach, tá feidhm aige sin maidir le gach cuideachta TEO (cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna faoi Chuid 2 den Acht nua). Tabhair faoi deara: Ní mheastar faoi Acht na gCuideachtaí 2014 gur cuideachtaí TEO iad cuideachtaí atá cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí roimhe seo mar chuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna. Feidhmíonn siad faoin reachtaíocht um Chuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe go dtí go ndéanfar iad a chomhshó go dtí an tsamhail TEO nua. Féach ar bhileog 31 le do thoil maidir le Comhshó. Rún tromlaigh i scríbhinn
Cuideachtaí Comhalta Aonair Is ionann cuideachta comhalta aonair agus cuideachta ag a bhfuil comhalta aonair. Bíonn gach cumhacht is infheidhmithe ag cuideachta i gcruinniú ginearálta infheidhmithe ag an gcomhalta aonair gan an gá cruinniú ginearálta a thionól. Níl feidhm aige sin, áfach, maidir leis an gcumhacht chun iniúchóir a chur as oifig. Chuirfí an rún faoi bhráid an CRO ansin laistigh de 15 lá. Rúin do chur faoi bhráid an CRO – Ginearálta Faoi alt 198 d'Acht na gCuideachtaí 2014, ceanglaítear cóip de rún speisialta a chur faoi bhráid an CRO laistigh de 15 lá ón uair ar ritheadh é. Úsáidtear Foirm G1 chun na críche sin. Foirmeacha Áirítear leis na rúin a chaithfear a chur faoi bhráid an CRO:
Taifid a choinneáil Ní mór don chuideachta taifid a chothabháil. Déileáiltear in alt 213 – alt 218 d'Achtanna na gCuideachtaí 2014 le foirm an chláir agus an gá é a choimeád. Ceanglaítear fógra a sheoladh chuig an CRO i gcás nach gcoimeádann cuideachta an clár ag a hoifig chláraithe, agus i gcás ina n-athraíonn sí an áit ina gcoimeádtar na cláir. Úsáidtear foirm B3 chun na críche sin. Foirmeacha