CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy
Faoi Alt 347 d'Acht na gCuideachtaí 2014, cuirtear deireadh leis an gceanglas maidir le sínithe lámhscríofa Stiúrthóirí, Iniúchóirí agus araile a bheith san áireamh i ndoiciméid chuntas a chomhdaítear leis an CRO, agus éilítear ina ionad sin go mbeadh na sínithe i bhfoirm chlóscríofa ar gach doiciméad.
Beidh athrú ar an r-B1 i www.CORE.ie chun a bheith in oiriúint dóibh siúd ar mian leo cuntais ina bhfuil sínithe clóscríofa a chomhdú.
Taispeánfar liosta de na cineálacha cuideachta nó na cineálacha cuntas don chustaiméir agus ní mór tic a chur i mbosca lena chur in iúl cén cineál cuntas atá á gcomhdú ag a chuideachta. Taispeánfar Deimhniú comhfhreagrach ansin ar leathanach na sínithe agus is féidir leis an Stiúrthóir agus an Rúnaí síniú i gcomhair an r-B1 agus na gcuntas araon ar an leathanach amháin sin.
Ansin féadfaidh an té a bhfuil cuntais á gcur i láthair aige nó aici:
Tá soláthraithe bogearraí ag obair faoi láthair ar a gcuid pacáistí a thabhairt cothrom le dáta chun na cineálacha cuntais a chur san áireamh i liosta na gceangaltán agus na nDeimhnithe comhfhreagracha. Go dtí go mbeidh an nuashonrú curtha i bhfeidhm, comhdaigh foirmeacha B1 mar is gnáth le do thoil, le cuntais ina bhfuil sínithe clóscríofa agus Deimhniú Foriomlán ina bhfuil an deimhniúchán ábhartha agus é sínithe ag an Stiúrthóir agus an Rúnaí (cosúil leis an gceann a bhíonn in úsáid acu siúd a chomhdaíonn leaganacha páipéir - féach thíos). Chun eolas a fháil ar cén uair a bheidh an áis nua ar fáil, déan teagmháil le do sholáthraí bogearraí le do thoil.
Go hachomair:
I CORE, nuair a bheidh d’fhoirm B1 comhdaithe agat, téigh go dtí do 'Spás Oibre'. Faoi 'Bainistiú Doiciméad' feicfidh tú 4 dheilbhín. Cliceáil ar an deilbhín 'Uaslódáil Cuntais PDF'.
Taispeánfar foirm duit ansin chun do chuntais a uaslódáil. Comhlánaigh an fhoirm sin agus cliceáil ar 'Brabhsáil'. Aimsigh an comhad PDF ar do ríomhaire agus cliceáil ar 'Cuir Isteach'.
Má tá sé roghnaithe agat na cuntais a shíniú le leathanach sínithe, gheobhaidh tú leathanach sínithe ar a bhfuil barrachód tríd an ríomhphost ar gá do na Stiúrthóirí é a shíniú, nuair a bheidh na sonraí bailíochtaithe. Má tá sé roghnaithe agat na cuntais a shíniú le Deimhniú ROS, beidh tú in ann bileog chumhdaigh a íoslódáil, nuair a bheidh na sínithe ROS curtha leis.
Sa chás ina bhfuil sé roghnaithe agat na cuntais a shíniú go leictreonach agus íocaíocht a dhéanamh le cuntas custaiméara nó le cárta creidmheasa/dochair, tá an próiseas iomlán leictreonach, agus mar sin níl aon ghá le leathanach sínithe ná le bileog chumhdaigh.