Téarmaí agus Coinníollacha a Bhaineann le Ríomhchomhdú Doiciméad Ina n-Iomláine Leis an CRO

Réamhrá

A. Chun foirmeacha/tuairisceáin de chuid CRO a ríomhchomhdú ina n-iomláine, de bhun Achtanna na gCuideachtaí 1963-2013 agus Achta um Thráchtáil Leictreonach, 2000 (ECA), glacfaidh an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO) le doiciméid i bhfoirm leictreonach, ríomhshínithe, ríomhdheimhnithe agus ríomhchomhdaithe sa mhodh arna leagadh amach iontu.

B. Baineann na téarmaí agus na coinníollacha sin le gach foirm CRO a bhféadfadh go gcuirfeadh Cláraitheoir na gCuideachtaí an Córas comhdaither seo ar fáil dóibh sa todhchaí.

C. Eisíonn an Oifig um Chlárú Cuideachtaí na Téarmaí agus Coinníollacha seo mar chomhlacht poiblí, de bhun Alt 12 agus 13 d’ECA, agus ba cheart iad a léamh i bpáirtíocht leis an Acht sin agus le haon fhógraí eile a eisíonn an CRO de bhun an Achta sin. Gníomhairí Comhdaithe

D. Déanfar gníomhairí a shainaithint do chóras CRO i modh a cheadóidh cruthúnas céannachta an tseoltóra ar aon doiciméad i bhfoirm leictreonach a sheachadtar ar an CRO. Déanfaidh an CRO uimhir a shannadh do ghníomhairí.

E. Déanfaidh an uimhir atá sannta mar chuid den chóras aicmiúcháin de bhun Alt 247 d’Acht na gCuideachtaí 1990.

F. Ní mór do ghníomhairí iarratas a chur isteach ar an uimhir sin ar Fhoirm J1a. Sainaitheantas Sínitheoirí

G. Oifigeach cuideachta, is é sin. stiúrthóir nó rúnaí, a roghnaíonn doiciméid a ríomhshíniú, eiseofar uimhir aitheantais dó Deimhniú ROS - www.revenue.ieLinks to external website.

H. Féadann oifigeach cuideachta ID CRO a úsáid i gcomhfhreagras leis an CRO mar thagairt. Éilítear í a chur ar ríomhdhoiciméid atá seolta ag an oifigeach nó thar cheann an oifigigh don CRO.

I. Beidh ID CRO mar chuid de chóras aicmiúcháin de bhun Alt 247 d’Acht na gCuideachtaí 1990.

J. Bainfidh údarú an ghníomhaire le haon doiciméad i bhfoirm leictreonach a chomhdaíonn an gníomhaire agus é ag baint úsáide as an tacar aitheantais. Ábhar eisiach don oifigeach agus don ghníomhaire is ea bainistíocht ar úsáid cheart an tacair aitheantais agus taifid chuí a choimeád ar idirbheartaíochtaí agus ar na fíorúcháin siúd de réir mar is gá.

K. I gcás a bhfuil tacar aitheantais ar bheirt oifigeach nó níos mó ar fhoirm CRO, atá á ríomhchomhdú le CRO, ní mór do gach oifigeach, a bhfuil a thacar aitheantais ar taispeáint sna doiciméid sin, údarú a thabhairt don ghníomhaire comhdaithe atá ag ríomhchomhdú an doiciméid.

CRO Notice: ECA 2 Date of Issue: 2 Aibreán 2002

Nasc: Foirmeacha