CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy
TABHAIR FAOI DEARA GO gCUIRFEAR DEIREADH LEIS AN SCÉIM UM THARSCAOILEADH PIONÓIS - ÓN 1 MEITHEAMH 2015 AR AGHAIDH Tabhair faoi deara le do thoil gurb amhlaidh, ó dháta thosach feidhme Acht na gCuideachtaí 2014 (an 1 Meitheamh 2015), go bhféadfar iarratais ar shíneadh ama i ndáil le comhdú tuairisceáin bhliantúil a dhéanamh tríd an gCúirt Dúiche de réir alt 343(5) den Acht. Is lú i bhfad na costais a bhaineann le hiarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ná iad siúd a bhaineann le hiarratas chun na hArd-Chúirte (arb í an chúirt atá leagtha síos faoi láthair). Éistfidh an Chúirt Dúiche (de bhun fógra chun an Chláraitheora) iarratais ar shíneadh ama i ndáil leis an tuairisceán bliantúil a chomhdú agus d'fhéadfadh sí Ordú a dhéanamh lena gcuirfear síneadh ama le spriocdháta an chomhdaithe. Sa chás ina ndéanfaidh cuideachta Ordú den sórt sin a chomhdú leis an CRO laistigh de 28 lá ón tráth a rinneadh an tOrdú, agus ina gcomhdóidh sí an tuairisceán bliantúil ina dhiaidh sin laistigh den am breise a leagfaidh an Chúirt síos, measfaidh an CRO go bhfuarthas in am iad. Dá bharr sin, ní bheidh feidhm ag iarmhairtí an chomhdaithe dhéanaigh (pionóis um chomhdú déanach / caillteanas na díolúine um iniúchadh) maidir leis an tuairisceán bliantúil sin. Cuirfear tuilleadh eolais faoin bpróiseas sin ar fáil ar www.cro.ie in am is i dtráth. Dá réir sin, ón 1 Meitheamh 2015 ar aghaidh ní bheidh CRO ag glacadh le hiarratais ar an bpionós um chomhdú déanach a tharscaoileadh. Ina ionad sin, má theastaíonn breis ama ó chuideachtaí chun a dtuairisceán bliantúil a chomhdú, ba chóir dóibh iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil a n-oifig chláraithe suite. NB. Ní bheidh feidhm ag alt 343(5) den Acht maidir le tuairisceán bliantúil atá faighte ag an CRO cheana féin ar an 1 Meitheamh.