Ceisteanna Coitianta Leathanach 2

Pléann an chéad leathanach CCanna le hidirdhealú idir ainmneacha cuideachtaí agus ainmneacha gnó agus leis na ceanglais chláraithe don bheirt acu.

Féach freisin CCanna faoi Chomhdú Ar Líne maidir le ceisteanna a bhaineann le CORE.

Conas is féidir liom Deimhniú Dúblach a fháil?

Tá trí bhealach chun Deimhniú Dúblach a fháil (a bhfuil síniú bunúsach air)

Nóta Tábhachtach: Custaiméirí ar mian leo doiciméid a cheannach ón Oifig Phoiblí. Ní mór gach iarraidh chun litreacha stádais, deimhnithe dúblacha nó aon doiciméid dheimhnithe eile a cheannach a chur isteach roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig postalenquiries@dbei.gov.ie. Beidh na doiciméid ar fáil lena mbailiú/lena seoladh sa phost laistigh de 24 huaire ón iarraidh a fháil.

1. Buail isteach ar an oifig phoiblí ag Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, áit a bhfaighidh tú deimhniú gearr (gan seanainmneacha ar an deimhniú). Uaireanta ní féidir deimhniú fhada a ghiniúint (ag taispeáint gach seanainm) ag am an iarratais. Sna cásanna sin cuirfear an deimhniú ar fáil i gcionn dhá nó trí lá oibre agus is féidir é a thógáil ansin nó á chur sa phost chuig an gcustaiméir.

2. Scríobh chuig Fiosrúcháin Phoist, An Oifig um Chlárú Cuideachta, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, ag lua ainm agus uimhir na cuideachta/an ghnó (má tá ar fáil). Más cuí, léirigh más mian leat seanainmneacha na cuideachta a thaispeáint ar an deimhniú dúblach.

3. Má tá cuntas agat leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí, féadann tú d'iarratas a sheoladh mar r-phoist chuig: postalenquiries. Luaigh ainm do chuntais, údarú íocaíochta ó do chuntas agus más mian leat go seolfar an deimhniú chugat nó go dtógfar é.

Is €12 táille ar Dheimhniú Dúblach.

Féadann tú Deimhniú Dúblach a fháil le haghaidh úsáide earnála poiblí amháin - saor in aisce, go simplí trí sheoladh r-phoist agus uimhir agus ainm na cuideachta/an ghnó a iontráil. Nasc le Saoráid Deimhnithe Dúblacha

Seoltar an deimhniú dúblach i bhformáid PDF sa r-phost. Bheadh Adobe Acrobat de dhíth chun amharc ar dhoiciméid PDF agus is féidir iad a íoslódáil saor in aisce ó láithreán gréasáin Adobe - www.adobe.comLinks to external website. Bíodh a fhios agat gur féidir leat deimhniú dúblach a ordú d’Ainm Cuideachta nó Ainm Gnó araon. Agus deimhniú dúblach á ordú ar líne, cinntigh go gcomhfhreagraíonn ‘cineál gnó’ leis an deimhniú atá de dhíth ort le do thoil. Féadann tú d’uimhir a sheiceáil leis an tSaoráid Cuardaigh Cuideachta a úsáid.

ar ais go barr

Tuairisceán Bliantúil - An féidir liom achomharc a iarraidh in aghaidh pionóis ar chomhdú déanach?

Is féidir, is féidir achomharc a dhéanamh, ach tá cúinsí teoranta inar féidir tarscaoileadh a mheas. Féach leathanach Tarscaoileadh Pionóis.

ar ais go barr

Tuairisceán Bliantúil - Cad is mo DTB ann?

Dáta Tuairisceáin Bhliantúla (DTB) Cuideachta is ea an dáta is deireanaí nach mór tuairisceán bliantúil a dhéanamh suas go dtí an dáta sin. Ní mór tuairisceán bliantúil a chomhdú leis an CRO laistigh de 28 lá ón dáta a raibh sé déanta suas dó. Féach Tuairisceán Bliantúil a Chomhdú. Féach freisin an leathanach Earráidí Coitianta a bhaineann le comhdú tuairisceán bliantúil.

ar ais go barr

Tuairisceán Bliantúil - An féidir le CRO glacadh le doiciméid a seoladh le facs?

Ní féidir, níl cóip facs inghlactha, mar nach mór sínithe bunúsacha a bheith ar gach doiciméad a chuirtear chuig an CRO. Féach freisin an leathanach Earráidí Coitianta a bhaineann le comhdú tuairisceán bliantúil. Féach freisin leathanach Céimeanna Praiticiúla maidir le doiciméid a sheoladh sa phost don CRO.

ar ais go barr

Tuairisceán Bliantúil - An bhfuil mé i dteideal díolúine ó iniúchadh a éilimh?

Ag brath ar na cúinsí, féadann cuideachta bheith i dteideal díolúine ó iniúchadh a éilimh. Tá líon coinníollacha le comhlíonadh. Féach leathanach Díolúine ó Iniúchadh le haghaidh tuilleadh sonraí le do thoil.

ar ais go barr

Tuairisceán Bliantúil - An féidir liom mo DTB a athrú?

Is féidir, féadtar DTB a athrú agus is féidir go mbeidh foirm sa bhreis le cur isteach leis an tuairisceán bliantúil, ag brath ar na cúinsí. Féach na céimeanna chun DTB a Athrú agus Bileog Faisnéise 23.

ar ais go barr

Tuairisceán Bliantúil - Cad iad na pionóis ar chomhdú déanach?

Éiríonn pionós €100 dlite ar chomhdú déanach maidir le tuairisceán bliantúil lá i ndiaidh spriocdháta an chomhdaithe, is é sin spriocdháta 28 lá i ndiaidh dáta glan an tuairisceáin, i dteannta le pionós €3 in aghaidh gach lá ina dhiaidh sin, suas go dtí uasphionós €1,200 ar gach tuairisceán. Gearrfar an pionós seo i dteannta leis an ngnáth-tháille comhdaithe €20 gach tuairisceán. Féach freisin leathanach Spriocdháta Caillte.

ar ais go barr

Tuairisceán Bliantúil - An féidir liom mo DTB a athrú le mo chéad tuairisceán?

Is féidir. Ba cheart gan an fhoirm B73 a chomhdú le chéad tuairisceán bliantúil na cuideachta (déanta suas go dtí dáta atá 6 mhí i ndiaidh corpraithe, níl cuntais ag gabháil leis) mar giorraíonn an comhdú seo an t-amscála atá ar an gcuideachta cuntais a chomhdú - mar shampla cuideachta atá corpraithe 10 Feabhra 2017, tá an chéad tuairisceán bliantúil le déanamh (gan cuntais) suas go dtí 10 Lúnasa 2017.

Ar chomhdú an tuairisceáin seo is 10 Lúnasa 2018 an chéad dáta tuairisceáin bhliantúla eile. Má chomhdaíonn an chuideachta B73 lena chéad tuairisceán, áfach, cruthaíonn sé DTB nua, an dáta ainmnithe aige ar an B73.

ar ais go barr

Tuairisceán Bliantúil - Cathain nach mór dom mo chéad tuairisceán bliantúil a chur isteach?

Is é Dáta an chéad Tuairisceáin Bhliantúla (DTB) an dáta sé mhí i ndiaidh dháta corpraithe na cuideachta. Ní mór tuairisceán bliantúil a chur isteach, ach ní gá, áfach, cuntais a bheith ag gabháil leis an gcéad tuairisceán sin. Titfidh an dara DTB agus na cinn ina dhiaidh sin ar dháta cinn bliana chéad DTB na cuideachta, ach amháin má roghnaíonn an chuideachta an DTB a athrú, agus tá cuntais ag teastáil leis na tuairisceáin sin.

ar ais go barr

Cur Ar Ais - Conas is féidir liom cuideachta a chur ar ais ar an gclár?

Tá cur cuideachta ar ais ar an gclár ag brath ar an dóigh ar díscaoileadh cuideachta. Is féidir le cuideachta a baineadh den chlár a chur ar ais air laistigh de 20 bliain an díscaoilte. Is féidir cur ar ais a dhéanamh i gceann amháin as dhá bhealach ag brath ar an méid ama ón díscaoileadh sin - Gníomhaíocht Riaracháin agus Ordú Cúirte.

Cuideachta a díscaoileadh chun leachtaithe comhlíonta, is féidir léi an díscaoileadh a chur ar neamhní, ach laistigh de 2 bhliain an díscaoilte amháin, le hordú cúirte.

ar ais go barr

Díscaoileadh - An bhfuil mé i dteideal baint thoilteanach den chlár a iarraidh?

Is féidir le cuideachta baint thoilteanach den chlár a iarraidh ach amháin faoi chúinsí ar leith agus i ndiaidh di faisnéis áirithe a chur isteach. Ní mór foirm H15 a chomhlánú. Féach Baint Thoilteanach den Chlár le haghaidh tuilleadh sonraí le do thoil.

ar ais go barr

Díscaoileadh- Conas is féidir liom cuideachta a dhíscaoileadh?

Is féidir cuideachta a dhíscaoileadh i ndiaidh leachtaithe nó baint den chlár, ar féidir gur idir Baint ThoilteanachBaint Neamhthoilteanach é. Éilíonn baint thoilteanach nach bhfuil sócmhainní ná dliteanais ag cuideachta agus go bhfuil sí suas chun dáta lena tuairisceáin bhliantúla.

ar ais go barr

Morgáistí - Cé mhéad atá air chun muirear nó sásamh muirir a chomhdú?

I gcás cuideachta atá corpraithe sa Stát:

Comhdófar Foirm C1 (Iarratas chun sonraí muirir a chlárú sa Stát) nó C1a/C1b· Foirm C3 (Sonraí muirir atá faoi réir réadmhaoine a fuarthas) leis an CRO laistigh de 21 lá ó cruthaíodh an muirear. €40 an táille chomhdaithe.

I gcás cuideachta atá corpraithe lasmuigh den Stát agus a bhfuil áit ghnó nó bhrainse bunaithe sa Stát aice: · Foirm F8 sonraí muirir ar réadmhaoin sa Stát a chruthaigh cuideachta atá corpraithe lasmuigh den Stát nó F8a/F8b· Foirm F9 (sonraí muirir atá faoi réir réadmhaoine a fuarthas sa Stát.).

Tá táille chomhdaithe €15 ar Fhoirm C17

Comhdaítear Foirmeacha C6 (sásamh iomlán) agus C7 (sásamh páirteach) i gcás ar sásaíodh an muirear. Tá táille €15 ar shásamh. Féach Morgáistí chun tuilleadh sonraí a fháil.

ar ais go barr

Morgáistí - Conas is féidir liom athrú i sonraí an iasachtóra a chlárú?

Déanann clár táillí an CRO taifead ar "na daoine atá i dteideal an táille a fháil" mar cheann de na nithe éigeantacha atá luaite i mír 414

Má tharlaíonn sé go n-athraíonn an t-iasachtóir, atá faoi tháille cláraithe, fad is atá an táille sin le híoc, is féidir sonraí an duine, atá i dteideal an táille, a bhfuil leasú déanta air i gclár an CRO, a fháil má chuireann sé iarratas i scríbhinn (Foirm C17) chuig: Rannóg na Morgáistí, CRO. agus má chuireann sé cóip cláraithe den ghníomhas nuachana nó gníomhas aistrithe, de réir mar is cuí, chun fíorú a dhéanamh air go dtí an Rannóg.

Nuair a bheidh na nithe a luadh cheana faighte, beidh an CRO in ann sonraí ‘An Duine atá i dTeideal’ar an gclár maidir leis an táille atá luaite a leasú

ar ais go barr

Leachtú - An féidir leachtú a stopadh agus tús a chur le trádáil arís?

Ní féidir le cuideachta filleadh ar stádas Normálta agus tús a chur le trádáil arís ach amháin i ndiaidh ordú na hArd-Chúirte. Féach leathanach Foirceannadh le tuilleadh faisnéise a fháil le do thoil.

ar ais go barr

Leachtú - An leanann an chuideachta le tuairisceáin bhliantúla a chur isteach nuair a scaoiltear chun Leachtú í?

Ní leanann, nuair a scaoiltear cuideachta chun Leachtú, cuirtear tuairisceáin an leachtaitheora isteach gach bliain - foirmeacha E3, E4 ag brath ar an gcineáil leachtaithe atá i gceist. Tá táille chomhdaithe €15 gach doiciméad leachtaithe.

ar ais go barr

Leachtú - Cén duine ar féidir leis bheith mar leachtaitheoir do chuideachta?

Léiríonn na hAchtanna daoine nach féidir bheith mar leachtaitheoir do chuideachta - féach an leathanach Foirceannadh chun tuilleadh sonraí a fháil. Ní gá cáilíochtaí foirmiúla bheith ag duine atá ina leachtaitheoir cuideachta.

ar ais go barr

Leachtú - Cad iad na ceanglais fhíordheimhnithe chun dearbhú reachtúil nach mór a dhéanamh thar lear?

Is comhpháirtí le Coinbhinsiún CE, Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa, agus Coinbhinsiún na Háige í Éire. Féach an leathanach Dearbhú Reachtúil maidir le ceanglais fhíordheimhnithe na bhfoirmeacha Éireannacha a chuirtear faoi mhionn thar lear.

ar ais go barr

Leachtú - Cad a tharlóidh mura bhfuil éifeacht le m’Fhoirm E1?

Mura bhfuil éifeacht leis an bhfoirm, mheasfaí go mbeadh an chuideachta i bhFoirceannadh Toilteanach ag na Creidiúnaithe, ní Foirceannadh Toilteanach ag na Comhaltaí, agus sa chás sin gur ghá iarratas a chur isteach chun na hArd-Chúirte. Tá sé tábhachtach an comhad a chomhdú i gceart, dá bharr. Féach an leathanach Dearbhú

ar ais go barr

Cláir - Cá háit ar féidir liom fáil amach má dícháilíodh stiúrthóir?

Sliocht as Cláir um Dhaoine a Dícháilíodh agus a Srianadh is ea an fhaisnéis a chuirtear ar fáil anseo, rud atá nuashonraithe go rialta.

Cláir eile atá ar fáil:

Is féidir Clár na n-Iniúchóirí a chuardach ar líne.

liosta de na comhpháirtíochtaí ar Chlár na gComhpháirtaíochtaí Teoranta ar fáil freisin.

ar ais go barr

Comhdú Ar Líne - Conas is féidir liom comhdú ar líne agus cad iad na doiciméid is féidir liom comhdú?

Tá méid ar líon na bhfoirmeacha ar féidir comhdú ar líne leis an CRO. Táimid ag siúl le cur le líon na ndoiciméad ar féidir comhdú ar líne amach anseo. Is iad cineálacha na bhfoirmeacha is mó éileamh faoi láthair - B1, B2, B10 agus is féidir G1 a chomhdú ar líne ag www.core.ieLinks to external website chomh maith le hiarratais ar chlárú ainmneacha gnó. Féach Ceisteanna Coitianta R-Chomhdaithe a bhaineann le CORE.

ar ais go barr

Staitisticí - Cá háit ar féidir liom foirmeacha, bileoga nó faisnéis faoi staitisticí a fháil?

Féach: Foirmeacha do Chuideachtaí agus Ainmneacha Gnó agus Foirmeacha do Chláraitheoir na gCara-Chumann.

bileoga faisnéise ar fáil freisin. Is féidir staitisticí a fháil ó Thuarascáil Bhliantúil na Cuideachta atá ar fáil ar an leathanach Corparáideach. Ní féidir leis an CRO aon anailís staitistiúil a thabhairt thar cheann bhall an phobail. Tugann Iris an CRO sonraí ar chuid de na doiciméid atá cláraithe le CRO gach seachtain chomh maith le liostaí bainte den chlár.

ar ais go barr