Féach na clásail sa nóta um Dhíolúiní Iniúchta atá ceangailte leis seo.
In 2013, Fuair an Oifig um Chlárú Cuideachtaí 170,000 Tuairisceán Bliantúil (foirm B1) 26,000 acu (15.3%) a seoladh ar ais chuig an té/cuideachta a sheol. Is ráta earráide an-ard é seo a dhéanann obair sa bhreis do chách a bhaineann leis. Déantar liostú thíos ar na fáthanna is coitianta a seoltar Tuairisceáin Bhliantúla ar ais agus ar réitigh féideartha chun seoladh ar ais a sheachaint nó a laghdú.
Fáth ar seoladh ar ais Réiteach féidearthacht
Tá an Tuairisceán Bliantúil mall agus táille chomhdúcháin mhall bheith dlite ach gan bheith faoi iamh. 33% Comhdaítear in am, agus go leictreonach. Féadann suas le naoi mí móide 28 lá bheith tar éis deireadh a mbliana airgeadais bheith ag cuideachtaí chun a dTuairisceán Bliantúil a chomhdú. Faigheann cuideachta 28 lá breise ó dháta gafa an e-B1 a fháil chun a cuid cuntas a chomhdú más rud é go gcomhdaítear go leictreonach iad Bíonn táille €20 ar e-B1.
Bíonn dhá rogha ar fáil do chuideachta chun an ARD a shíneadh amach chuig na naoi mí iomlána, mura mbaineann sí leas as a naoi mí iomlána tar éis deireadh na bliana airgeadais: (1) is féidir léi foirm B73 a chomhdú d'fhonn an dáta ARD a shíneadh chuig suas le sí mhí, ach ní foláir B73 a chomhdú le B1 in am, agus ní féidir í a chomhdú ach uair amháin gach cúig bliana; (2) is féidir léi an dara tuairisceán bliantúil a chomhdú leis na cuntais chéanna, leis an bhfoirm B1 déanta go dtí an dáta ARD nua agus an bosca "Ní hea" bheith ticeáilte ar an B1 (caitheann an dáta gan bheith níos mó ná naoi mí tar éis deireadh na bliana airgeadais).Ba cheart go meabhródh an té a thugann isteach an tuairisceán bliantúil leas a bhaint as Mearphost lena ráthaítear seachadadh don chéad lá oibre eile, má tá sé/sí ag cur tuairisceáin bhliantúil sa phost chuig an CRO. Mar mhalairt rogha is féidir é a sheachadadh de láimh chuig an CRO, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1.
Níl an chuideachta i dteideal díolúine ó iniúchadh a éilimh mar go bhfuil an Tuairisceán Bliantúil reatha déanach NÓ mar go raibh an Tuairisceán Bliantúil roimhe déanach (14%). Dála mar atá thuas.Cailltear an díolúine iniúchta ar feadh dhá bhliain - an bhliain reatha agus an bhliain dá héis - má bhíonn an Tuairisceán Bliantúil mall. Níl aon chumhacht ag an gCláraitheoir maolú ón gceangaltas dlíthiúil sin a bhronnadh.
Tá an Tuairisceán Bliantúil déanta go dtí dáta níos luaithe ná ARD reatha na cuideacha, agus níor ticeáladh ceachtar den dá bhosca mar fhreagra don cheist ARD ar leathanach 1 den fhoirm B1. 7% Sa chás go ndéanann tú do B1 chuig dáta níos luaithe ná do dháta ARD, ní foláir duit tabhairt le fios an dteastaíonn uait do dháta ARD reatha a choinneáil (trí "Is ea" a thiceáil) nó an dáta nua níos luaithe a ghlacadh (trí "Ní hea" a thiceáil). Déantar cinnte i gcónaí de go dticeáiltear ceann amháin den dá bhosca seo ar an bhfoirm B1.
Tá an clár comhardaithe neamh-iomlán, níor comhdaíodh an clár comhardaithe, níor comhdaíodh tuairisc iniúchóra, níor comhdaíodh cuntas brabúis & caillteanais. Níl na cuntais deimhnithe mar fhíor-chóipeanna.4% Cuimsíonn na cuntais iomlána (1) tuairisc an stiúrthóra, (2) tuairisc an iniúchóra, (3) cuntas brabúis agus caillteanais (ioncam agus caiteachas) agus (4) clár comhardaithe agus nótaí leis na cuntais de réir mar is infheidhme. Ba chóir go ndeimhneofaí gach aon cheann de na ceithre cháipéis sin mar fhíor-chóipeanna ag beirt stiúrthóirí, NÓ, ba cheart go mbeadh deimhniúchán foriomlán ann arna shíniú ag stiúrthóir agus rúnaí (nach é an duine céanna é) ina n-ainmnítear ba ceithre cháipéis agus ina ndeimhnítear iad mar fhíor-chóipeanna arna leagan, nó le leagan, roimh chruinniú cinn bhliana. Ní mór do gach deimhniúchán bheith ina síniú bunaidh.
Comhdaíodh foirm "B1- Níl cuntais ann" athuair. (10). Níl sé riachtanach ag cuideachta cuntais a chomhdú lena chéad Thuairisceán Bliantúil agus is féidir "B1- Níl cuntais ann" a chomhdú dá réir. Ní mór Tuarascáil Iniúchóra nó cuntais nó an bheirt acu araon a ghabháil le gach B1 ina dhiaidh sin.
Tá an dáta "déanta suas go dtí dáta" níos deireanaí ná an DTB. (4%). Ní féidir DTB a bheith níos deireanaí ná naoi mí i ndiaidh dáta críche - chuntais na bliana. Níl Foirm B1 ná cuntais sínithe/ sínithe ag beirt dhaoine éagsúla/ dátaithe/ níl na sínithe ina sínithe bunaidh/ ní feidhmeannach de chuid na cuideachta atá sa té a shínigh í faoi láthair. Níl na Stiúrthóirí/ Rúnaithe a liostaítear ar an 'leathanach sínithe' liostaithe ar thaifid CRO mar dhaoine a fheidhmíonn san oifig chéanna.(8%) Caitheann dhá shíniú bhunaidh bheith le gach Foirm B1 - stiúrthóir agus rúnaí. Ní féidir leis an duine céanna a s(h)íniú a thabhairt sa dá chumas. Caitheann sínithe an stiúrthóra agus an rúnaí atá ar an deimhniúchán foriomlán nó ar an gclár comhardaithe bheith ina sínithe bunaidh. Caithfear foirm B10 a chomhdú leis an CRO i ndáil le haon stiúrthóir nár fógraíodh don CRO cheana féin. Is féidir B10 a chomhdú saor in aisce ar líne.
Níor comhdaíodh cuntais iomlána agus ní éilítear an díolúine ó na cuntais iomlána. (2%) Caitheann clásail ábhartha a theastaíonn bheith ar an gClár Comhardaithe má táthar ag éileamh díolúine cuideachta bige/meánaí d'fhonn na Cuntais Choimrithe a chomhdú. Caitheann ráiteas díolúine iniúchta iomláine bheith ar an gclár comhardaithe má tá sé díolmhaithe ó iniúchadh.
Níl tosú agus deireadh na bliana airgeadais ar B1 comhsheasmhach leis na cuntais atá curtha leis, ná níor iontráladh ar B1 iad Caitheann na dátaí do thús agus deireadh na bliana airgeadais sna cuntais bheith mar an gcéanna leo siúd ar an B1. Féadann cuntais chinn bhliana bheith níos lú ná cothrom leis an ARD ach gan bheith níos moille ná é.
D'éiligh an chuideachta díolúine iniúchta ach ní bhfaightear sa chlár comhardaithe na ráitis/clásail a theastaíonn.(4%) Féach na clásail sa nóta um Dhíolúiní Iniúchta* atá ceangailte leis seo.