Botúin I bhFoirmeacha B10: Athrú ar Shonraí Stiúrthóra/Rúnaí Cuideachta

Agus na foirmeacha B10 á bpróiseáil, tugann an CRO faoi deara roinnt botún ar leith a fhágann nach féidir doiciméad a chlárú, rud is cúis le seoladh ar ais na ndoiciméad agus moilleanna dá bharr do chustaiméirí maidir leis na nuashonruithe a cuireadh in iúl ar shonraí oifigigh a chur i gcrích.

Seo thíos roinnt de na botúin is minice a thagann i gceist -

Botúin a bhaineann le Foirmeacha B10 láimhe agus leictreonacha araon:

  • Ní mór do gach oifigeach a sheoladh nó a seoladh cónaithe príobháideach a thabhairt.
  • Níl seoltaí oifige inghlactha i gcás Stiúrthóirí nó Rúnaithe.
  • Ní féidir le hoifigeach deimhniú a dhéanamh ar Fhoirm B10 ina n-áirítear fógra maidir leis nó léi féin do bheith ag éirí as oifig.
  • Ní féidir aon Fhoirm B10 (ná aon teaglaim de na foirmeacha sin) a chlárú a d'fhágfadh go mbeadh níos lú ná dhá Stiúrthóir agus Rúnaí amháin ag an gcuideachta.

Má tá Rúnaí nua á cheapadh, ní mór go gcuirfí in iúl go sonrach freisin go bhfuil an Rúnaí roimhe seo ag éirí as oifig.
Ba cheart do láithreoirí a chinntiú nach dtiocfaidh dáta éifeachtach na n-athruithe arna bhfógairt roimh dháta corpraithe na cuideachta, nó roimh an dáta ar ar ceapadh aon Stiúrthóirí a bhfuil athruithe ar sheoladh nó ar shonraí pearsanta á gcur in iúl ina leith.

Má tá duine á cheapadh i gcáil amháin (i.e. Stiúrthóir) agus má tá sé nó sí ag gníomhú don chuideachta i gcáil eile (i.e. Rúnaí), cinntigh le do thoil gurb ionann an dá sheoladh;

Má tá athrú tagtha ar an seoladh, d'fhéadfadh Foirm B10 bhreise a bheith ag teastáil, ina dtabharfar fógra maidir leis an athrú ar an seoladh ó dháta níos luaithe. Tá an rud céanna fíor sa chás ina dtagann athrú ar shonraí pearsanta an oifigigh - ba cheart gurb ionann na sonraí pearsanta agus iadsan atá sa taifead atá ann faoi láthair mar a cuireadh in iúl don CRO iad, agus d'fhéadfadh Foirm B10 ar leith a bheith ag teastáil ina dtabharfar fógra faoi athrú ar ainm etc. níos luaithe.

Botúin eile a bhaineann le Foirmeacha B10 leictreonacha:

  • Nuair a bhíonn athruithe á ndeimhniú ag cuideachta i gcáil Rúnaí, ní mór ainm/uimhir na cuideachta a thaispeáint, chomh maith le hainm an té atá ag deimhniú ar son na cuideachta agus é nó í ag gníomhú mar Rúnaí.
  • Má tá fógra á thabhairt maidir le hathrú ar sheoladh Stiúrthóra/Rúnaí, cuir an méid sin in iúl le do thoil trí bhíthin imeacht sonrach um athrú ar sheoladh, seachas athrú ar shonraí pearsanta, atá ceaptha le haghaidh athruithe eile seachas an seoladh.
  • Má tá athrú ar sheoladh nó ar shonraí pearsanta á chur in iúl i gcás oifigigh ar Stiúrthóir agus Rúnaí araon é nó í, ní mór an t-athrú a chur in iúl ar leithligh mar Stiúrthóir agus mar Rúnaí.