Séanadh

Tá ábhar an láithreáin ghréasáin seo á sholáthar mar threoir fhaisnéise amháin agus níl faisnéis chuimsitheach i gceist leis; fágadh roinnt sonraí amach ar féidir bheith ábharthacht do chúinsí áirithe dá réir. Is é atá i gceist le hábhar an láithreáin ghréasáin seo cur le rochtain an phobail ar fhaisnéis faoi CRO agus faoina cuid oibre, agus tá sé scríofa i dtéarmaí ginearálta. Cé go ndéantar gach dícheall le linn ábhar a ullmhú lena fhoilsiú, ní ghlacann an Stát aon fhreagracht air féin ná ní ghlactar le haon freagracht thar ceann an Stáit as aon earráidí, easnaimh ná ráitis mhíthreoracha ar an láithreán seo ná ar aon láithreán a bhfuil ceangal ag an láithreán seo.

Dá bhrí sin, ní fhéadfar glacadh leis an láithreán seo mar fhoinse iomlán dlí cuideachta agus faisnéise. Moltar go hard comhairle neamhspleách a fháil ó chomhairleoir proifisiúnta maidir le haon cheist ar leith a bhíonn ag daoine a bhaineann le feidhmiú dlí cuideachta na hÉireann/reachtaíocht ainmneacha ghó/reachtaíocht comhpháirtíochtaí teoranta do dhuine ar bith, cibé comhlacht, corparáideach nó duine aonair iad.

Maidir le cuardach, ní fhéadtar ach doiciméid/sleachta neamhdheimhnithe ón gclár a chur ar fáil go leictreonach. Má tá cóipeanna deimhnithe na ndoiciméad nó na sleachta ón gclár de dhíth, déan teagmháil le Rannóg Fiosrúchán Post, CRO, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, le d'iarratas scríofa ina leith sin, in éineacht le híocaíocht na táille cuí.

Ina theannta sin, agus maidir le cuardach, ba cheart tabhairt faoi deara gur tríúpháirtithe a sholáthair an fhaisnéis a bhaineann le cuideachtaí, le hainmneacha gnó, agus le comhpháirtíochtaí teoranta atá ar Chlár CRO, de bhun forála reachtúla, lena n-áirítear an fhoráil gan faisnéis bhréagach a sholáthar go feasach nó go meargánta don CRO. Ní dheimhníonn an CRO cruinneas na faisnéise sin ar thug tríúpháirtithe di, agus ní bheith CRO freagrach as iarmhairtí aon earráidí nó easnamh san fhaisnéis a choimeádtar ar a clár.