Is éigeantach ainm gnó a chlárú, má tá aon duine nó chomhpháirtíocht (cibé comhdhéanta de dhaoine aonair nó comhlachtaí corpraithe nó aon chomhcheangal den bheirt acu) nó aon comhlacht corpraithe ag seoladh gnó faoi ainm nach a n-ainm dílis é. Is é is aidhm atá aige aithne na ndaoine, na gcomhpháirtithe nó na gcomhlachtaí corparáideacha is aonán dleathach ar chúl an ainm ghnó iad a phoibliú.
Éilítear clárú ainm gnó go sonrach i gcás:
Ní mór don iarrthóir áit ghnó a bheith aige/aici sa Stát agus gnó a fheidhmiú faoi ainm gnó.
Ní mór iarratas ar chlárú a chur isteach chuig an CRO laistigh de mhí amháin ón dáta a glacadh leis an ainm ghnó. Cóip Pháipéir €40 Cóip Leictreonach €20
Nasc: Foirmeacha Nasc: Táille CRO
Ní dhéanann an CRO comparáid idir na hainmneacha gnó molta agus na hainmneacha gnó atá ann cheana ar an gclár cuideachtaí, ar an gclár ainmneacha gnó nó ar chlár na dtrádmharcanna. Moltar duit, dá bhrí sin, a fháil amach an bhfuil cearta ag daoine eile faoin ainm atá ar intinn agat a úsáid sula gcaitheann tú airgead ar pháipéarachas, agus araile.
Is féidir leat scrúdú saor in aisce a dhéanamh ar an gclár cuideachtaí agus ar an gclár ainmneacha gnó ag www.cro.ie/search.
Is féidir leat scrúdú a dhéanamh ar chlár na dtrádmharcanna ag: Oifig Maoine Intleachtúla na hÉireann.
Ba chóir duit a thabhairt faoi deara má dhéantar ainm ghnó a chlárú
Seoladh Cónaithe
Más ionann áit an ghnó agus an seoladh cónaithe, ba cheart duit nóta i scríbhinn a cheangal leis an iarratas (sínithe ag úinéir an ainm ghnó) chun a mhíniú cén fáth a bhfuil na seoltaí mar an gcéanna. Mar gheall ar theip ar mhíniú iomchuí i scríbhinn a sholáthar d’fhéadfaí an t-iarratas a dhiúltú nó a chur ar ais.D’fhéadfadh sé nach mbeidh cineálacha áirithe gnólachtaí fabhrach d’oibriú ó sheoladh cónaithe. Ní mór nóta gairid lena sonraítear conas atá an seoladh baile iomchuí don ghníomhaíocht ghnó a chomhdú in éineacht le leathanach sínithe RBN (Clárú Ainmneacha Gnó)/foirm iarratais láimhe RBN. Mura bhfuil an nóta sin ceangailte leis an bhfoirm RBN seolfar an t-iarratas ar ais chuig an seoltóir chun an earráid sin a cheartú.
Eisíonn an Cláraitheoir Deimhniú Clárúcháin do gach ainm gnó a cláraíodh. Ní mór don deimhniú clárúcháin bunaidh a bheith curtha ar taispeáint in áit fheiceálach:
I gcás duine aonair, a (h)ainm láithreach, aon seanainmneacha, agus a náisiúntacht, mura mbíonn Éireannach i gceist. I gcás gnóthais, a ainm láithreach agus aon seanainmneacha, agus náisiúntacht chomhpháirtithe an ghnóthais, mura mbíonn Éireannaigh i gceist, nó nuair a bhíonn comhlacht corpraithe ina chomhpháirtí, an t-ainm corpraithe
I gcás comhlachta corpraithe (seachas aon chuideachta cláraithe faoi Achtanna na gCuideachtaí), ainm iomlán na cuideachta (tabhair faoi deara le do thoil nach gceadaítear ach "Teo." a úsáid in ionad "Teoranta" agus "CPT" in ionad "Cuideachta Phoiblí Theoranta" agus araile), ainmneacha agus seanainmneacha na stiúrthóirí, más ann, agus a náisiúntacht, mura mbíonn Éireannaigh i gceist.
Ní mór do chuideachta theoranta atá cláraithe in Éirinn na sonraí breise seo a leanas a thaispeáint ar a litreacha gnó agus ar a foirmeacha ordaithe:
Féach freisin le do thoil:
Bileog a bhaineann le clárú ainm gnó.
Athrú ar Shonraí Ainm Gnó