Eiseoidh an Oifig um Chlárú Cuideachtaí Deimhnithe Ainmneacha Gnó go léir mar dhoiciméid "deimhnithe go digiteach"Tá na Deimhnithe Ainmneacha Gnó digiteacha in áit na Deimhnithe Ainmneacha Gnó páipéir a chuirtear sa phost chuig láithreoirí faoi láthair. Gheobhaidh an láithreoir an Deimhniú Digiteach nua trí ríomhphost díreach tar éis an ainm a chlárú.
Níl aon athrú ar an nós imeachta ríomhchomhdaithe reatha chun muirear a chlárúCad ba chóir do láithreoirí a dhéanamh?
Nuair atá comhdú ar CORE á dhéanamh ag duine déan deimhin de go bhfuil an seoladh ríomhphoist sa réimse "Presenter Details" ceart mar is é sin an seoladh ríomhphoist chuig a seolfar an deimhniú digiteach.
Nós Imeachta nua le haghaidh deimnithe Tar éis clárú a dhéanamh gheobhaidh an láithreoir ríomhphost leis an gceannteideal "Deimhniú Ainmneacha Gnó " Sa ríomhphost sin beidh Deimhniú Digiteach mar dhoiciméad pdf Is é seo deimhniú cláraithe an Ainm Gnó - déan deimhin de le do thoil go sábhálann tú é dá réir Is féidir le láithreoirí na deimhnithe digiteacha sin a chur ar fáil go díreach do thríú páirtithe trí ríomhphost más riachtanach.Ní athrófar formáid agus na mionsionraí atá sna Deimhnithe
Gnéithe SlándálaBeidh meirge daite ar bharr an scáileáin ar an doiciméad pdf chun deimhin a dhéanamh de go bhfuil sé sínithe go digiteach mar atá deimhnithe ag an Oifig um Chlárú Cuideachta. Tugann sé sin dearbhú don fhaighteoir go bhfuil an doiciméad fíor nár cuireadh isteach air agus go bhfuil sé fíoraithe go neamhspleách mar atá foinsithe san Oifig um Chlárú Cuideachta. Tá comparáid déanta ag Globalsign a sholáthraíonn an bogearra go bhfuil an doiciméad deimhnithe digitigh mar chóibhéis leictreonach de ar a bhfuil síniú dúch fliuch nótaireacht déanta curtha leis.