Comhpháirtíochtaí Teoranta


Bíonn comhpháirtíocht i gceist nuair a bhíonn gnó ar siúl ag beirt nó níos mó d’fhonn brabús a dhéanamh. Ní mór don chomhpháirtíocht bheith comhdhéanta de bheirt nó níos mó nó uasmhéid de 20 duine.

I gcás comhpháirtíochtaí infheistíochta agus airgeadais iasachta ar féidir leo 50 comhalta a bheith acu ar a mhéad

Is féidir le daoine nádúrtha nó comhlachtaí corparáideacha bheith sa chomhpháirtíocht. Úsáidtear an téarma "gnólacht" go minic le tagairt a dhéanamh do chomhpháirtíocht, ach ní eintiteas dlíthiúil ar leith í comhpháirtíocht - is é sin le rá nach bhfuil pearsantacht dhlíthiúil ag comhpháirtíocht atá ar leithligh ó chomhpháirtithe éagsúla na comhpháirtíochta.

De réir an Achta um Chlárú Ainmneacha Gnó 1963, cuirtear de cheangal ar chomhpháirtíocht ainm gnó a chlárú nuair a bhíonn gnólacht ag trádáil faoi ainm gnó nach bhfuil comhdhéanta de shloinnte na gcomhpháirtithe gur daoine aonair iad agus d’ainmneacha corparáideacha na gcomhpháirtithe gur comhlachtaí corparáideacha iad gan rud ar bith a bheith curtha leis an ainm gnó seachas réamhainmneacha na ndaoine aonair nó inisealacha na réamhainmneacha sin.

Cabhraíonn an tAcht um Chomhpháirtíocht Theoranta 1907 le comhpháirtíocht a chruthú ina gcuirtear teorainn le dliteanas roinnt de na comhaltaí i leith fhiacha an ghnólachta. Is í an teorainn a chuirtear le dliteanas na gcomhaltaí ná an caipiteal a thugann siad don chomhpháirtíocht. Mar an gcéanna le comhpháirtíocht ghinearálta, ní eintiteas dlíthiúil ar leith í comhpháirtíocht theoranta.

Ní mór do chomhpháirtíocht theoranta, comhpháirtí ginearálta amháin agus comhpháirtí teoranta amháin a bheith aici ar a laghad. Ba chóir 20 duine a bheith sa chomhpháirtíocht ar a mhéad ach amháin nuair a bhíonn comhpháirtíocht i gceist ar féidir léi 10 gcomhalta a bheith aici ar a mhéad

Tá an comhpháirtí/na comhpháirtithe ginearálta faoi dhliteanas fhiacha agus dualgais an ghnólachta. Tugann na comhpháirtithe teoranta méid sonraithe caipitil chuig an ngnólacht agus ní gá dóibh íoc as dilteanais na comhpháirtíochta atá níos mó ná an méid caipiteal seo.

Ní mór do chomhpháirtíocht theoranta bheith cláraithe leis an CRO agus de réir an Achta 1907 nó beidh comhpháirtíocht ghinearálta i gceist.

Céimeanna Ceanglais

Ní mór duit na doiciméid seo a leanas a chomhlánú agus a chomhdú:

Foirm LP1 Iarratas ar chomhpháirtíocht theoranta a chlárú. Ba chóir don chomhpháirtí/do na comhpháirtithe ginearálta agus teoranta an fhoirm a shíniú.

Foirm LP3 Ráiteas den chaipiteal curtha ar fáil ag comhpháirtí/comhpháirtithe teoranta. Ba chóir don chomhpháirtí ginearálta an fhoirm a shíniú. (Ní gá dleacht chaipitil a íoc i láthair na huaire.)

Nasc: Foirmeacha   Nasc: Táille CRO   Nasc:Bileog Fáisnéise

Táillí Comhpháirtíochtaí Teoranta

Tá an CRO i mbun athrú ó bhonn digiteach maidir leis na cláir go léir atá faoina shainchúram. Tá Céim 1 le Cláraitheoir na gCara-Chumann curtha i gcrích. Táimid ag aistriú anois chuig an gClár Comhpháirtíochtaí Teoranta. Cé go mbeidh na hiarratais fós ar páipéar, beifear ábalta cóipeanna de na doiciméid a ordú ar líne. Ar an drochuair, ar feadh tréimhse ghairid go dtí go mbeidh na cláir eile críochnaithe ní bheifear ábalta íoc as iarratais ar Chomhpháirtíocht Teoranta (LP1, LP2, LP3, LP4, P1) ag baint úsáid as cuntas custaiméara CRO.

Íocfar as na doiciméid sin le seic. Gabh ár leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht agus tabharfaimid an t-eolas is déanaí do chustaiméirí a luaithe is féidir maidir le modhanna íocaíochta eile.

Nóta

I gcás gurb é atá sa chomhpháirtí ginearálta ná náisiúnach de thír nach bhfuil sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch/an Íosláinn ar mian leis/léi teacht go hÉirinn chun gnóthas a bhunú, beidh ar an gcomhpháirtí ginearálta cead an Aire Dlí agus Cirt agus Comhionannais a fháil chun déanamh amhlaidh. Ní mór fianaise ar chead an Aire a chur isteach i dteannta na foirme. Is féidir cárta GNIB (Cárta Bhiúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Imirce) (deimhniú clárúcháin) nó Cárta Glas/Leabhar Glas (aghaidh agus cúl) a chur ar fáil mar fhianaise.

I gcás gur cuideachta nach bhfuil cláraithe ar chlár na hÉireann é an comhpháirtí ginearálta nó an comhpháirtí teoranta, ba cheart na nithe seo a bheith ag gabháil le foirm LP1:

(a) cóip dheimhnithe (agus cóip fhíordheimhnithe nuair is gá) de Chairt, reachtanna nó meabhrán agus airteagail na cuideachta, nó aon ionstraim eile arb ionann í agus bunreacht na cuideachta nó lena sainítear bunreacht na cuideachta (sa teanga bhunaidh); 
(b) Cóip de dheimhniú corpraithe na cuideachta;
(c) Cóip d’aon deimhnithe corpraithe nó d’aon athruithe ainm de chuid na cuideachta;

Mura bhfuil na doiciméid thuas ar fáil i nGaeilge ná i mBéarla, beidh aistriúchán deimhnithe ag teastáil.

I gcás gur cuideachta nach bhfuil ar chlár na hÉireann é an comhpháirtí ginearálta, ba cheart aird a thabhairt ar Chuid 21 d’Acht na gCuideachtaí 2014 agus ar na ceanglais atá ar chuideachtaí eachtracha faoi dhliteanas teoranta maidir le brainse a chlárú.