Doiciméid Eachtracha a Dhearbhú


Ní mór doiciméid a eisítear i dtír amháin, ar gá iad a úsáid i dtír eile, a "fhíordheimhniú" nó a "dhearbhú" sular féidir glacadh leo mar dhoiciméid bhailí sa tír eile. De ghnáth bíonn ar an CRO é seo a dhéanamh nuair a bhíonn cuideachtaí seachtracha á chlárú.

Coinbhinsiún na Háige

Ní gá doiciméid a dhearbhú sna tíortha atá ag glacadh páirte sa Choinbhinsiún seo, lena n-áirítear tíortha áirithe lasmuigh den Eoraip - úsáidtear stampa aonair níos simplí ina áit (nó deimhniú scríofa) atá formhuinithe ag údarás amháin. Is í an Roinn Gnóthaí Eachtracha atá freagrach as an bpróiseas seo in Éirinn. Ba chóir teagmháil a dhéanamh le Seirbhísí Consalachta na Roinne má theastaíonn uait doiciméad a dhearbhú faoi Choinbhinsiún na Háige chun é a chur ar aghaidh chuig tír eile atá ag glacadh páirte sa Choinbhinsiún.

Cad iad na doiciméid lena mbaineann an Coinbhinsiún?

Is "doiciméid phoiblí" iad, ar nós:

  • doiciméad cúirte;
  • doiciméad riaracháin i.e. ó bhinsí;
  • ionstraimí nótaire;
  • deimhnithe oifigiúla ag daoine príobháideacha, mar shampla clárú doiciméid,

deimhniú a thaispeánann go raibh doiciméad ar mharthain ar dháta áirithe nó sínithe fíordheimhnithe ag oifigeach nó nótaire.

Ní bhaineann an Coinbhinsiún seo le doiciméid a bhíonn forghníomhaithe ag oifigigh taidhleoireachta nó consalachta nó le doiciméid riaracháin a bhaineann go díreach le hoibríochtaí tráchtála nó custaim.

Coinbhinsiún an CE

Baineann an Coinbhinsiún seo leis an gcaidreamh idir Éire agus na Ballstáit a dhaingnigh an

Coinbhinsiún i.e. an Bheilg, an Danmhairg, an Fhrainc agus an Iodáil. Tabhair faoi deara le do thoil nach mbaineann sé leis na Ballstáit eile, sula ndaingneofar é sna tíortha sin

Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa (An Coinbhinsiún "Eorpach")

Baineann an Coinbhinsiún le:

(a) Doiciméid forghníomhaithe ag gníomhairí taidhleoireachta nó consalachta, ina gcáil oifigiúil,

le hiad a chur le chéile i gcríoch de chuid Stáit eile, atá ag glacadh páirte sa Choinbhinsiún. Áirítear ar na doiciméid seo doiciméid a forghníomhaíodh ag úsáid cumhachtaí nótaire faoin dlí ina Stát féin agus doiciméid riaracháin eile a forghníomhaíodh agus a ndualgais oifigiúla á dhéanamh acu (Tabhair faoi deara - tá an catagóir doiciméad seo eisiata go sainráite ó raon Choinbhinsiúin na Háige).

(b) Deimhnithe oifigiúla, ar nós deimhnithe do chlárú doiciméid nó a thaispeánann go raibh doiciméad ar mharthain ar dháta áirithe agus fíordheimhniú sínithe, curtha i gceangal le doiciméid ag gníomhairí taidhleoireachta nó oifigigh consalachta.

Tá liosta le fáil ar láithreán gréasáin Choinbhinsiún na Háige - de chomhaltaí an Choinbhinsiúin (an 12ú Choinbhinsiún) agus de na húdaráis ar féidir leo deimhniú scríofa a sholáthar.