Clárú


Is féidir leat cineálacha éagsúla cuideachtaí a chlárú leis an CRO. Is féidir leat Cuideachta, Ainm Gnó (Ainm Trádála), Cuideachta Choigríche (Cuideachta Sheachtrach) nó Comhpháirtíocht Theoranta a chlárú leis an CRO.

Déantar comhlacht corpraithe de chuideachta atá cláraithe de réir Acht na gCuideachtaí 2014 ón dáta luaite ina deimhniú corpraithe ar aghaidh. Tá pearsantacht dhleathach ar leith ag cuideachta - rud dleathach idirscartha agus neamhspleách atá ann. Ní hé clárú ainm chuideachta a dhéanfaidh aonán a chruthú a bhfuil pearsantacht dhleathach aice. Is leis an aonán dlíthiúil ainm an ghnó - an duine (na daoine) aonair nó cuideachta a chláraigh an t-ainm. Is é úinéir ainm na cuideachta an te a ndéanfar teagmháil nó agairt leis - an duine (na daoine) aonair nó cuideachta a chláraigh an t-ainm.