UPSP


I gcás úinéirí tairbhiúla nach bhfuil UPSP acu, chinn an Cláraitheoir faoi Rialachán 21(2)(b), I.R. Uimh. 110/2019, gurb é Foirm BEN2 - Dearbhú maidir le Fíorú Céannachta - an modh atá le húsáid chun céannacht an duine a fhíorú.

Is féidir an Fhoirm BEN2 a íoslódáil anseo - Is féidir an Fhoirm BEN2 a íoslódáil anseo Ní mór an leagan comhlánaithe d’Fhoirm BEN2 a scanadh agus a shábháil mar chomhad PDF agus a uaslódáil chuig Tairseach an Chláir Lárnaigh um Úinéireacht Thairbhiúil. Iontráil na sonraí i gcomhréir le Cuid 1 d’Fhoirm BEN2 san ighneacht le haghaidh Uimhir ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil agus uaslódáil an chóip scanta PDF den leagan comhlánaithe d’Fhoirm BEN2.

Beidh aon Foirm BEN2 amháin ag teastáil i leith gach úinéara thairbhiúil agus, a luaithe atá sí próiseáilte go rathúil agus atá Uimhir ón gClár Lárnach um Úinéireacht Thairbhiúil eisithe ag an gCláraitheoir, beifear in ann an Uimhir sin a úsáid le haghaidh comhduithe úinéireachta tairbhiúla a dhéanamh don duine sin sa todhchaí.

Suíomh Greasáin: www.rbo.gov.ie/ga