Clárlann na gCara-Chumann (RFS)



Tá Cláraitheoir na gCara-Chumann (RFS) freagrach as clárú agus rialú ginearálta na gCumann Tionscail agus Coigiltis, na gCara-Chumann agus na gCeardchumann. Áirítear le ról agus feidhmeanna Chlár na gCara-Chumann go príomha d’iarratais a mheasúnú agus a chlárú agus aon leasú ina dhiaidh sin ar na rialacha nach mór do Chumainn/Cheardchumainn a chur faoi bhráid an Chláraitheora. Éilítear ar an gCláraitheoir freisin chun a áirithiú go gcomhlíonann cumainn agus ceardchumainn chláraithe a gcuid oibleagáidí reachtúla maidir le tuairisceáin a chomhdú, a gcuirtear ar fáil le hiniúchadh ag an bpobal nuair a dhéantar iad a chlárú.