Is comhlacht forordaithe faoin Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 í an Cláraitheoir na gCara-Chumann (RFS). Tá faisnéis faoin RFS agus faoin Acht um Shaoráil Faisnéise leagtha amach thíos faoi shé cheannteideal dhifriúla:
Faisnéis faoin gComhlacht atá faoi réir an Achta um Shaoráil Faisnéise: Cuireadh Oifig Chláraitheoir na gCara-Chumann ar bun i 1846. Feidhmíonn an Oifig faoi choimirce na Roinne Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta. Féach an leathanach Gréasáin Feidhmeanna an RFS chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin obair a dhéanann an Oifig. Is féidir cóipeanna de Thuarascáil Bhliantúil an RFS a rochtain ón Foilseacháin Chorparáideacha.
Tá foireann an RFS miondealaithe mar seo a leanas: 1 Phríomhoifigeach, 1 Ardoifigeach Feidhmiúcháin, 1 Oifigeach Feidhmiúcháin agus 1 Oifigeach Cléreachais.
Seirbhísí a sholáthraítear nó a sholáthrófar don Phobal:
Príomhfheidhmeanna na RFS atá:- Tá Cláraitheoir na gCara-Chumann (RFS) freagrach as clárú agus rialú ginearálta na gCumann Tionscail agus Coigiltis, na gCara-Chumann agus na gCeardchumann. Is féidir cuardach a dhéanamh ar líne anois maidir le cumann nó ceardchumann (tríd an ainm). Is féidir liosta doiciméad a fheiceáil a cumdaíodh i gcoinne an chumainn/an cheardchumainn. Má chliceálann tú ar chumann nó ar cheardchumann faoi leith, feicfidh tú an uimhir, seoladh, cineál eintitis (cara-chumann, cumann tionscail & coigiltis nó ceardchumann), an dáta clárúcháin, an dáta deireanach a cuireadh tuairsiceán bliantúil isteach. Is Cláraitheoir na gCara-Chumann é Cláraitheoir na gCuideachtaí freisin.
An próiseas cinnteoireachta le haghaidh mórthograí beartais: Coinníonn an RFS cláir ar bun faoi na hAchtanna atá tuairiscithe thuas agus ní imríonn sí aon ról i gcinntí beartais.
Soláthar: Ar bhonn ráithiúil, foilsítear ar an leathanach Gréasáin Íocaíochtaí os cionn €20,000 sonraí faoi íocaíochtaí nó faoi orduithe ceannaigh os cionn €20,000 i leith earraí agus seirbhísí. Is ar fáil ar an leathanach Gréasáin Soláthar atá sonraí faoi aon chomórtais reatha tairisceana ar an suíomh Gréasáin eTenders agus faoi aon chonarthaí poiblí arna ndámhachtain.
Loga Nochta Saoráil Faisnéise agus Faisnéis eile is gá a Fhoilsiú mar Chúrsa Gnáthaimh: Is ar fáil ar an leathanach Gréasáin Loga Nochta Saoráil Faisnéise atá sonraí faoi iarrataí Saoráil Faisnéise arna gcur faoi bhráid an RFS maidir le faisnéis neamhphearsanta. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear an téacs de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, tabhair cuairt ar an suíomh Gréasáin www.foi.gov.ie/ atá á reáchtáil ag an Rialtas.
Acht 2014
Faoin Acht um SF, tá gach duine i dteideal iarratas a chur isteach ar theacht ar eolas nach mbeadh ar fáil go poiblí ar bhealach eile. Tá sé de cheart ag gach duine:
Tá na taifid seo a leanas faoi scáth an Achta um SF:
Is gnách go mbeidh sé de dhualgas ar an RFS freagra a thabhairt ar an iarratas taobh istigh de cheithre seachtaine. Ba chóir iarratais faoin Acht um SF a sheoladh chuig: Mark Donoghue An tOifigeach um Shaoráil Faisnéise Cláraitheoir na gCara-Chumann Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1 Guthán: 01 804 5251 Ríomhphost: mark.donoghue@dbei.gov.ie
CUR LE CHÉILE D’IARRATAIS Is gá d’iarratais ar eolas a bheith i scríbhinn agus na sonraí seo a leanas a lua:
Cinnteoireacht SF san RFS Déantar cinntí ar iarratais ar leibhéal nach ísle ná Ard-Oifigeach Feidhmiúcháin. Bíonn cinntí inmheánacha achomhairc á ndéanamh ag oifigigh de ghrád níos airde agus ní bheidh siad déanta ag an oifigeach uachtarach atá díreach os cionn an chinnteora SF de ghnáth.
CEARTA ATHBHREITHNITHE AGUS ACHOMHAIRC Leagann an tAcht um SF amach sraith díolúintí chun eolas íogair a chosaint sa chás go bhféadfadh a nochtadh díobháil a dhéanamh do phríomhleasanna den Stát nó do thríú páirtithe. Má bhaineann an t-oifigeach SF san RFS úsáid as na forálacha seo chun eolas a choinneáil siar, is féidir an cinneadh a achomharc. Is féidir achomharc a dhéanamh chomh maith in aghaidh cinntí maidir le hiarchur teachta, muirir, foirmeacha teachta, srl. Seo a leanas sonraí na meicníochtaí achomhairc:
ATHBHREITHNIÚ INMHEÁNACH Is féidir leat athbhreithniú inmheánach a lorg ar an gcinneadh bunaidh, rud a bheidh déanta ag oifigeach ar leibhéal níos airde sa chás:
Ba chóir iarratais ar athbhreithniú inmheánach a sheoladh i scríbhinn chuig:
An Cláraitheoir Cláraitheoir na gCara-Chumann Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1 Guthán: 01 804 5200 Ríomhphost: Maureen.osullivan@dbei.gov.ie
Is gá a leithéid d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach a sheoladh isteach taobh istigh de cheithre seachtaine ó rinneadh an cinneadh bunaidh. Is gá don RFS an t-athbhreithniú a chríochnú taobh istigh de thrí seachtaine. Is gá d’athbhreithniú inmheánach a bheith críochnaithe de ghnáth sular féidir achomharc a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise.
ATHBHREITHNIÚ AG AN GCOIMISINÉIR FAISNÉISE Nuair a bheidh an t-athbhreithniú inmheánach críochnaithe, is féidir leat athbhreithniú neamhspleách ar an gcinneadh a lorg ón gCoimisinéir Faisnéise. Anuas air sin, más rud é nach bhfuair tú freagra ar d’iarratas ar athbhreithniú inmheánach taobh istigh de thrí seachtaine, féachtar air seo mar dhiúltú agus is féidir leat an cás seo a achomharc chuig an gCoimisinéir Faisnéise. Is féidir achomhairc i scríbhinn a dhéanamh go díreach chuig an gCoimisinéir Faisnéise ag an seoladh seo a leanas:
Oifig an Choimisinéara Faisnéise 6 Ardán Phort ar Iarla, Baile Átha Cliath 2, D02 W773 Guthán: 01-6395689 Ríomhphost: info@oic.ie Suíomh Gréasáin: www.oic.ie
Is féidir táillí ar eolas a bhaineann leis an Acht um SF a ghearradh mar seo a leanas:
D’fhéadfadh éarlais a bheith iníoctha sa chás gur dóchúil go mbeidh an táille iomlán os cionn €100. Sna cásanna seo, cabhróimid leis an duine an t-iarratas a leasú chun méid na héarlaise a laghdú nó a dhíchur, má iarrtar a leithéid.
Is féidir muirir a tharscaoileadh sna cásanna seo a leanas:
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Shaoráil Faisnéise, lena n-áirítear téacs na nAchtanna, téigh chuig an suíomh Gréasáin rialtais www.foi.gov.ie/