Déantar Cara-cumainn a chlárú faoi Achtanna na gCara-Chumann 1896-2018. Bunaítear iad le cuspóirí áirithe, don chuid is mó le sochair árachas saoil beaga, sochair bhreoiteachta agus sochair bháis a sholáthar do chomhaltaí, le sochair a sholáthar do dhaoine nach comhalta iad nó le gníomhaíochtaí nó suimeanna ar leith a chur chun cinn.
Cara-Chumann a Chlárú Níl sé indéanta a thuilleadh Cara-Chumann nua a chlárú. (Alt 5 - Acht na gCara-Chumann agus na gCumann Tionscail agus Soláthair (Forálacha Ilghnéitheacha), 2014)
Tuairisceán Bliantúil I ndiaidh clárú dó, ní mór don chumann iniúchadh a dhéanamh ar a chuntas gach bliain ag iniúchóir cláraithe. Ní mór don chumann tuairisceán bliantúil a dhéanamh, déanta suas go 31 Nollaig, don Chláraitheoir faoi 31 Bealtaine dár gcionn agus ní mór cuntais iniúchta a chur leis. Mura gcomhdaíonn an cumann tuairisceán bliantúil fágtar faoi dhliteanas ionchúisimh é agus a chlárú cealaithe. Cumann a bhfuil a chlárú cealaithe aige, ní féidir é a chur ar ais ach amháin trí iarratas a chur isteach don Ard-Chúirt, próiseas costasach a fhéadann bheith ann.
Seicliosta le haghaidh an Fhoirm Tuairisceáin Bhliantúil a Chomhlánú San am i láthair, ní mór formhór na ndoiciméad a chuirtear isteach chuig an gClárlann a sheoladh ar ais de bharr earráidí a bheith iontu. Lean na pointí seo a leanas ar an seicliosta chun nach ndiúltófar do do dhoiciméid. D’fhéadfaí cumainn nó ceardchumainn nach bhfuil a gcomhduithe cothrom le dáta a chealú ón gclár.
Tabhair faoi Deara: I gcás go dtagraítear sna cuntais a chuirtear isteach, cibé acu i dtuarascáil na n-iniúchóirí nó i ráiteas na stiúrthóirí, do "chuideachta" nó "d’Achtanna na gCuideachtaí", diúltófar do na cuntais agus seolfar iad ar ais chuig an iarratasóir lena gceartú. Diúltófar do na cuntais freisin i gcás go dtagraítear iontu gur "cuideachta faoi theorainn ráthaíochta" é an cumann. Ba cheart aon tagairt don chineál eintitis a bheith ina tagairt do Cara-Chumann. Maidir leis an tagairt i dtuarascáil na n-iniúchóirí, ba cheart a rá go bhfuil an fhaisnéis ceart "de réir na nAchtanna na gCara-Chumainn, 1896 go 2018".
Leasuithe ar Rialacha Cláraithe Má dhéanann cumann leasú ar cheann ar bith dena rialacha, ní mór dó iarratas a chur isteach don Chláraitheoir lena leasú a chlárú. Déanfaidh an Cláraitheoir an leasú a chlárú nuair a bheas sé/sí sásta go bhfuil sé de réir reachtaíochta. Ní bailí leasú ar riail go dtí go bhfuil sé cláraithe ag an gCláraitheoir. Tá foirmeacha iarratais chun leasú ar riail a chlárú ar fáil ón gClárlann.
Leasú páirteach Foirm B: Aon iarratas ar leasú páirteach ar rialacha a chlárú, ní mór do rúnaí an chumainn é a dhéanamh agus ní mór é a sheoladh chuig an gCláraitheoir, in éineacht leis na nithe seo a leanas: (a) dearbhú reachtúil i bhFoirm C; agus (b) dhá chóip de na rialacha nua de réir mar a athraíodh iad de bhun na leasuithe atá beartaithe. Ní mór an chóip de na rialacha nua a bheith sínithe ag triúr ball agus ag an rúnaí.
Leasú iomlán Foirm D: Aon iarratas ar leasú iomlán ar rialacha a chlárú, ní mór do rúnaí an chumainn é a dhéanamh agus ní mór é a sheoladh chuig an gCláraitheoir, in éineacht leis na nithe seo a leanas: (a) dearbhú reachtúil i bhFoirm C; agus (b) dhá chóip de na rialacha nua de réir mar a athraíodh iad de bhun na leasuithe atá beartaithe. Ní mór an chóip de na rialacha nua a bheith sínithe ag triúr ball agus ag an rúnaí.
Athrú ar Oifig Chláraithe Má athraíonn cumann an oifig chláraithe aige ní mór dó é a fhógairt don Chláraitheoir laistigh de 14 lá. Tá an fhoirm chuí chun an t-athrú a fhógairt ar fáil ón gClárlann. Foirm H: Rinneadh athrú ar Fhoirm H, fógra faoi athrú oifige cláraithe, freisin. Ní gá an seoladh roimhe a chomhlánú uirthi a thuilleadh.
Athrú ar Ainm, Cónascadh, Aistriú Gealltanas agus Tiontú Is féidir le cumann a hainm a athrú, cónascadh le cumann eile nó a cuid gealltanas a aistriú le cumann eile nó é féin a thiontú ina chuideachta trí rún speisialta. Éilítear ar gach ceann de na próisis seo go gcuirfidh an cumann iarratas isteach don Chláraitheoir chun an próiseas a chlárú. Tá na foirmeacha cuí ar fáil ón gClárlann
Athrú ar Ainm Is féidir le cumann a hainm a athrú trí rún speisialta (Alt 69 Acht na gCara-Chumann, 1896):
Nasc: Foirmeacha Nasc: Táillí
Cónascadh Ceadaítear le halt 70 den Acht na gCara-Chumann 1893 dhá chumann nó níos mó a chónascadh ina gcumann amháin. Ní gá, mar thoradh ar an gcónascadh, go ndíscaoilfear na cumainn atá ag cónascadh. Measfar gur aistríodh maoin ach amháin i gcás go ndéantar tagairt shonrach dó sin sa rún:
Clárú Aistriú Gníomhaíochtaí idir Chumainn Faoi fhorálacha Alt 70 den Acht na gCara-Chumann 1896, is féidir le cumann, faoi rún speisialta, a chuid gníomhaíochtaí a aistriú chuig cumann eile
Iompú ina Chomhlacht Ceanglaítear Foirm AA, Foirm U, bunreacht na cuideachta agus foirm A1 a chur isteach. Ceanglaítear táille €15.00 a íoc le haghaidh an rún speisialta a chur isteach. Féadfar an cumann a chlárú mar chuideachta a luaithe atá an cumann cealaithe. Féach Bileog Faisnéise 1 ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí maidir le Corprú Cuideachtaí agus na hoibleagáidí teagmhasacha éagsúla atá ar chuideachta tráth a corpraithe. Ní mór táille comhdaithe €100 a íoc chun cuideachta a chorprú.
Tráth a dhéanfar an chuideachta nua a chorprú san Oifig um Chlárú Cuideachtaí, cealófar an clárú mar chumann.
Cealú Feadann Cláraitheoir clárú cumainn a chealú
Bhain an Cláraitheoir úsáid as an bhforáil deireanach sin le blianta beaga anuas le clárú cumann a chealú, cumainn ar theip orthu tuairisceáin bhliantúla a chur isteach, in ainneoin meabhrúchán, ceann i ndiaidh na cinn eile.
Cumann atá ag iarraidh a chlárú a chealú, ní mór dó na foirmeacha cuí a iarraidh ón gClárlann