Cumann/Aontas

Áis Cuardaigh RFS

Is féidir Cuardach a dhéanamh ar líne - https://rfs.cro.ie/login

Is féidir na doiciméid nach bhfuil aon íomhánna scanta iontu agus atá ar fáil ar ár saoráid chuardaigh a iarraidh trí ríomhphost a sheoladh chuig rfs@dbei.gov.ie. Ní stóráiltear ar an láithreán doiciméid a bhaineann le Cumainn/Aontais agus ní mór iad a aisghabháil ónár saoráid stórála as an láithreán. Mar thoradh air sin, ní féidir doiciméid den sórt sin a fháil an lá céanna a iarrtar iad. Tabhair faoi deara go bhfuilimid i mbun oibre faoi láthair ar bhogadh chuig áitreabh nua. D’fhéadfadh sé sin moill a chur ar dhoiciméid a aisghabháil. Gabhaimid leithscéal as aon mhíchaoithiúlacht.

--------------------------------------------------------------------------------------------

Eolas faoi Cláraitheoir na gCara-Chumann (RFS)

Tá Cláraitheoir na gCara-Chumann (RFS) freagrach as clárú agus rialú ginearálta na gCumann Tionscail agus Coigiltis, na gCara-Chumann agus na gCeardchumann.

Oifig Phoiblí:  Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1. Thabhairt cothrom le dáta: Mar gheall ar an bpaindéim COVID-19, tá Oifig Phoiblí an CRO agus an RFS araon dúnta go dtí go dtabharfar fógra breise.

Seoladh Phoist: Bosca Oifig Phoist 12858, Baile Átha Cliath 1

Tá an RFS ar oscailt don phobal gach lá oibre ó 10 ar maidin go dtí 1.00 sa tráthnóna agus ó 2.15 go 4.30 sa tráthnóna.

CRO Public Office EntranceCRO Public Office

Clárlann na gCara - Chumann

Teil: 00 353 (0)1 804 5499, Lo Call - 1890 220 225*           Ríomhphost: rfs@dbei.gov.ie

*Tabhair faoi deara go bhfuil na rátaí éagsúla a ghearradh as úsáid de 1890 (LoCall) uimhreacha éagsúla i measc soláthraithe seirbhíse éagsúla

----------------------------------------------------------------------------------------------

Cuardach a dhéanamh ar Shonraí Cumainn/Ceardchumainn

Áis Cuardaigh RFS

Is féidir Cuardach a dhéanamh ar líne - https://rfs.cro.ie/login - anois maidir le cumann nó ceardchumann (tríd an ainm). Is féidir liosta doiciméad a fheiceáil a cumdaíodh i gcoinne an chumainn/an cheardchumainn. Má chliceálann tú ar chumann nó ar cheardchumann faoi leith, feicfidh tú an uimhir, seoladh, cineál eintitis (cara-chumann, cumann tionscail & coigiltis nó ceardchumann) agus an dáta clárúcháin. Is féidir íomhá de dhoiciméad a cheannach ar line. (Táille Chomhdaithe €2.50).

-----------------------------------------------------------------------------------------