An Beartas Meán Sóisialta – An Oifig um Chlárú Cuideachtaí



Baineann an Oifig um Chlárú Cuideachtaí úsáid as ardáin éagsúla mheán sóisialta. Clúdaítear leis an mbeartas seo an úsáid reatha a bhainimid as na meáin shóisialta, na nithe ar féidir leat a bheith ag súil leo ar gach ardán agus an dóigh a ndéanaimid cumarsáid ar gach ardán.

Twitter

Nasc go Twitter 
Ábhar
Má leanann tú CRO Ireland, gheobhaidh tú:

  • Scéalta nuachta agus preaseisiúintí
  • Foláirimh faoi ábhar nua ar ár suíomh Gréasáin
  • Faisnéis thábhachtach agus meabhrúcháin i bhféilire na hOifige um Chlárú Cuideachtaí
  • Grianghraif agus físeáin ó imeachtaí na hOifige um Chlárú Cuideachtaí
  • Ábhar ina gceiliúrtar laethanta saoire éagsúla
  • Naisc chuig cainéal na hOifige um Chlárú Cuideachtaí ar YouTube    
  • Ábhar eile a mheastar a bheith cuí

Leanúint agus Atvuíteanna
Má leanann tú sinn, ní fhágfaidh sé sin go leanfaimid thú. Ní hionann leanúint againn agus aon fhormhuiniú de chineál ar bith. Ní hionann atvuíteanna agus formhuiniú ach oiread.

Teachtaireachtaí agus Teachtaireachtaí Díreacha
Fáiltímid roimh aiseolas ónár leantóirí agus déanaimid iarracht páirt a ghlacadh sa chomhrá nuair is féidir. Mar sin féin, is féidir nach mbeimid in ann freagra aonair a thabhairt ar na teachtaireachtaí go léir a fhaighimid trí Twitter. Is é an bealach is fearr chun ceist a chur orainn ná an rannán “Déan Teagmháil Linn” ar ár suíomh Gréasáin a úsáid. 

Infhaighteacht
Déanaimid nuashonrú agus faireachán ar ár gcuntas ar Twitter le linn gnáthuaireanta oifige ó Luan go hAoine. Déanaimid nuashonrú agus faireachán ar an gcuntas lasmuigh de na huaireanta sin faoinár lánrogha féin freisin. Is féidir nach mbeidh fáil ar Twitter ó am go chéile agus ní ghlacaimid le freagracht ar bith as easpa seirbhíse a eascraíonn as agaí neamhfhónaimh Twitter. 

YouTube

Nasc go Youtube
Ábhar
Má thugann tú cuairt ar chainéal na hOifige um Chlárú Cuideachtaí ar YouTube, gheobhaidh tú:

  • Físeáin oideasacha agus teagaisc ina mínítear raon leathan feidhmeanna agus doiciméad de chuid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí
  • Teachtaireachtaí ón Oifig um Chlárú Cuideachtaí don phobal
  • Nuashonruithe ar chórais na hOifige um Chlárú Cuideachtaí
  • Ábhar cur chun cinn faoin Oifig um Chlárú Cuideachtaí
  • Foláirimh faoi ábhar nua ar ár suíomh Gréasáin
  • Faisnéis thábhachtach agus meabhrúcháin i bhféilire na hOifige um Chlárú Cuideachtaí
  • Físeáin ó imeachtaí na hOifige um Chlárú Cuideachtaí
  • Ábhar ina gceiliúrtar laethanta saoire éagsúla
  • Ábhar eile a mheastar a bheith cuí

De ghnáth, díchumasaímid nótaí tráchta ar chainéal na hOifige um Chlárú Cuideachtaí ar YouTube. In amanna, is féidir go gceadóimid nótaí tráchta, agus coimeádaimid an ceart againn chun déanamh amhlaidh. Is tuairimí daoine aonair iad na nótaí tráchta a phostáiltear ar fhíseáin agus ní hionann iad agus tuairimí an Rialtais. Ní ghlacaimid le freagracht as ábhar aon nótaí tráchta agus coimeádaimid an ceart againn chun baint a dhéanamh ar nótaí tráchta:

  • a chuimsíonn teanga atá maslach, gáirsiúil, mígheanasach nó gránna, nó a nascann chuig ábhar atá gáirsiúil nó gránna
  • a chuimsíonn caint mhaslach atá dírithe ar dhuine aonair
  • arb ionann iad agus turscar nó a dhéanann táirgí a chur chun cinn nó a fhógairt nó atá ceaptha chun cur isteach ar riarthóir an leathanaigh nó ar úsáideoirí eile

LinkedIn

Nasc go LinkedIn 
Ábhar
Má leanann tú an Oifig um Chlárú Cuideachtaí ar LinkedIn, gheobhaidh tú:

  • Scéalta nuachta agus preaseisiúintí
  • Foláirimh faoi ábhar nua ar ár suíomh Gréasáin
  • Faisnéis thábhachtach agus meabhrúcháin i bhféilire na hOifige um Chlárú Cuideachtaí
  • Grianghraif agus físeáin ó imeachtaí na hOifige um Chlárú Cuideachtaí
  • Ábhar ina gceiliúrtar laethanta saoire éagsúla
  • Naisc chuig cainéal na hOifige um Chlárú Cuideachtaí ar YouTube 
  • Ábhar eile a mheastar a bheith cuí

Nótaí tráchta ar an leathanach ar LinkedIn agus an beartas modhnóireachta
Glacaimid le hardán oscailte ar LinkedIn. Mar sin féin, is tuairimí daoine aonair iad na nótaí tráchta a phostáiltear ar ár leathanach ar LinkedIn agus na nótaí tráchta a fhaightear tríd an leathanach. Ní hionann iad agus tuairimí na hOifige um Chlárú Cuideachtaí. Cé go bhfáiltímid le nótaí tráchta agus le rannpháirtíocht ar an leathanach seo, ní ghlacaimid le freagracht as ábhar aon nótaí tráchta agus coimeádaimid an ceart againn chun baint a dhéanamh ar nótaí tráchta:

  • a chuimsíonn teanga atá maslach, gáirsiúil, mígheanasach nó gránna, nó a nascann chuig ábhar atá gáirsiúil nó gránna
  • atá neamhábhartha ar fad don mhír a postáladh ar an mballa
  • a chuimsíonn caint mhaslach atá dírithe ar dhuine aonair
  • arb ionann iad agus turscar nó a dhéanann táirgí a chur chun cinn nó a fhógairt
  • atá ceaptha chun cur isteach ar riarthóir an leathanaigh nó ar úsáideoirí eile

I gcás sáruithe tromchúiseacha agus/nó buanseasmhacha ar an mbeartas modhnóireachta, coimeádaimid an ceart againn chun cosc a chur ar úsáideoirí nótaí tráchta breise a phostáil.

Má leanann tú sinn, ní fhágfaidh sé sin go leanfaimid thú. Ní hionann leanúint againn agus aon fhormhuiniú de chineál ar bith. Ní hionann comhrannta agus formhuiniú ach oiread.

Infhaighteacht
Déanaimid nuashonrú agus faireachán ar ár gcuntas ar LinkedIn le linn gnáthuaireanta oifige ó Luan go hAoine. Déanaimid nuashonrú agus faireachán ar an gcuntas lasmuigh de na huaireanta sin faoinár lánrogha féin freisin. Is féidir nach mbeidh fáil ar LinkedIn ó am go chéile agus ní ghlacaimid le freagracht ar bith as easpa seirbhíse a eascraíonn as agaí neamhfhónaimh LinkedIn.

Ardáin Mheán Sóisialta sa Todhchaí
Is féidir go nglacfaimid modhanna nua sa todhchaí le haghaidh cumarsáid a dhéanamh trí na meáin shóisialta. Má tharlaíonn sé sin, nó nuair a tharlaíonn sé sin, athróimid ár mbeartas chun dáta chun ardáin den sórt sin a chur ar áireamh.