An Breatimeacht: Téigh i mbun gníomh anois chun do ghnóthas a ullmhú


Beag beann ar an dóigh a scoirfidh an Ríocht Aontaithe den Aontas Eorpach, tiocfaidh athrú ar an dóigh a dtrádálaimid leis an Ríocht Aontaithe. Tá Heather Humphreys TD, an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, ag tabhairt spreagadh do ghnóthais ullmhúcháin a dhéanamh láithreach do na hathruithe sin chun iad féin a chosaint a mhéid is féidir ar na dúshláin a gcruthóidh an Breatimeacht iad.

D’ullmhaigh an Roinn “Seicliosta Ullmhúcháin don Bhreatimeacht” chun cabhrú le gnóthais a dhéanamh amach cé na bearta is gá dóibh a dhéanamh láithreach chun ullmhú dó. Áirítear leis an seicliosta liosta de na tacaí atá ar fáil do ghnóthais, mar aon le sonraí teagmhála na ngníomhaireachtaí a riarann na tacaí sin. Seicliosta Ullmhúcháin don Bhreatimeacht.

Rud ba dhéanaí fós, sheol an Rialtas leabhrán dar teideal ‘Getting your Business Brexit Ready – Practical Steps’. Leagtar amach sa leabhrán seo na 9 bpríomhchéim ba cheart do ghnóthais a bhreithniú láithreach chun a chinntiú go mbeidh siad chomh hullmhaithe agus is féidir do Bhreatimeacht gan mhargadh: Getting your business Brexit ready - Practical Steps

  • Athbhreithnigh do shlabhra soláthair agus do straitéis le haghaidh mhargadh na Ríochta Aontaithe
  • Tuig na rialacha nua le haghaidh earraí a iompórtáil chuig an Ríocht Aontaithe agus le haghaidh iad a easpórtáil aisti
  • Bí ar an eolas faoi athruithe féideartha ar iompar agus lóistíocht le haghaidh earraí a iompraítear tríd an Ríocht Aontaithe
  • Athbhreithnigh na ceanglais rialála, cheadúnúcháin agus deimhniúcháin uile atá ort
  • Athbhreithnigh do chonarthaí agus do bhainistíocht sonraí
  • Bainistigh do shreabhadh airgid, d’airgeadra agus do bhaincéireacht
  • Cosain do bhaill foirne agus coinnigh ar an eolas iad
  • Bain leas as na cláir agus tacaí Breatimeachta atá á soláthar ag an Rialtas
  • Faigh tuilleadh eolais ar an tionchar ar d’earnáil 

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin dóigh a bhféadfadh an Breatimeacht dul i gcion ar do ghnóthas, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin Rialtas na hÉireann ar an mBreatimeacht ag https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/10902e-ag-ullmhu-do-brexit/.