Láthair
Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1
Is féidir post áirithe a sheoladh chuig an CRO Seoladh Cheatharlach.
Oifig Phoiblí na CRO
Tá Oifig Phoiblí na CRO ag Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1 . Níl aon oifig phoiblí i gCeatharlach.


Post Ceatharlach
Más mian leat doiciméid a chur ar an bpost, ba chóir duit iad a sheoladh chuig:
An Oifig um Chlárú Cuideachtaí, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach, Contae Cheatharlach. Eircode: R93 E920
Uimhir DX: 271004
Ní mór na hábhair seo a leanas a sheoladh go Ceatharlach:
- Tuairisceáin Bhliantúla
- Ainmneacha Ghnó,
- Gach doiciméad a bhaineann le Leachtú, le Glacadóireacht agus le Scrúdaitheoireacht,
- Gach Réamheolaire,
- Gach rún agus Meabhráin agus Airteagail,
- Scairchaipiteal a athrú,
- H15 - iarratais ar Bhaint Thoilteanach den Chlár
- Doiciméid le comhdú chun cuntas custaiméara a oscailt nó a nuashonrú.
agus gach ábhar chun:
- faisnéis faoi stiúrthóir/rúnaí a athrú.
- Oifig Chláraithe na cuideachta a athrú
- faisnéis faoin Iniúchóir a athrú,
- clár na gcomhaltaí, na sealbhóirí bintiúr, conartha seirbhíse na stiúrthóirí a athrú srl.
Poist Teach Bloom
D’fhonn cabhrú leis na doiciméid seo a leanas a phróiseáil go pras agus go héifeachtach, ba chóir iad a chur ar an bpost chuig na rannóga ainmnithe i dTeach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1
- Foirmeacha J (Iarratais Leictreonacha ag Gníomhairí Comhdaithe)
- Iarratais ar Chuideachta a Scriosadh go Toilteanach
- Comhfhreagras Ginearálta
- Comhdú reachtúil le haghaidh:
- ¤ Cuideachtaí Nua, ¤ Morgáistí/Muirear
- ¤ Athchláraithe Cuideachta ¤ Athraithe ar Ainm Cuideachta
- ¤ Cuideachtaí Seachtracha
Ba chóir don rannóg ábhartha a bheith marcáilte go soiléir ar an gclúdach de réir an liosta thuas (m.sh. MORGÁISTÍ).
Seoladh Teach Bloom:
An Oifig um Chlárú Cuideachtaí, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1