Deimhnithe an CRO


Sa chás go ndéantar cuideachta a chorprú nó ainm gnó a chlárú, eisítear deimhniú don tabharthóir.

Deimhniú Dúblach a Fháil a bhfuil Síniú Bunúsach air

Tá trí bhealach ann chun an deimhniú seo a fháil.

Nóta Tábhachtach: Custaiméirí ar mian leo doiciméid a cheannach ón Oifig Phoiblí. Ní mór gach iarraidh chun litreacha stádais, deimhnithe dúblacha nó aon doiciméid dheimhnithe eile a cheannach a chur isteach roimh ré trí ríomhphost a sheoladh chuig postalenquiries@dbei.gov.ie. Beidh na doiciméid ar fáil lena mbailiú/lena seoladh sa phost laistigh de 24 huaire ón iarraidh a fháil.

1. Buail isteach ar an oifig phoiblí ag Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, áit a bhfaighidh tú deimhniú gearr (gan seanainmneacha ar an deimhniú). Uaireanta ní féidir deimhniú fhada a ghiniúint (ag taispeáint gach seanainm) ag am an iarratais. Sna cásanna sin cuirfear an deimhniú ar fáil i gcionn dhá nó trí lá oibre agus is féidir é a thógáil ansin nó é a chur sa phost chuig an gcustaiméir.

2. Scríobh chuig Fiosrúcháin Phoist, An Oifig um Chlárú Cuideachta, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, ag lua ainm agus uimhir na cuideachta/an ghnó (má tá ar fáil). Más cuí, léirigh más mian leat seanainmneacha na cuideachta a thaispeáint ar an deimhniú dúblach.

3. Má tá cuntas agat leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí, féadann tú d'iarratas a sheoladh mar r-phoist chuig: postalenquiries. Luaigh ainm do chuntais, údarú íocaíochta ó do chuntas agus más mian leat go seolfar an deimhniú chugat nó go dtógfar é.

Is €12 táille ar Dheimhniú Dúblach.