Príomhfheidhmeanna na CRO


Príomhfheidhmeanna na CRO atá

  • Ionchorprú cuideachtaí agus Ainmneacha gnó a chlárú
  • Doiciméid iar-ionchorpraithe cuideachta a chlárú
  • Athruithe ar shonraí ainm gnó a chlárú
  • Forfheidhmiú, ionchúiseamh agus cuideachtaí a scriosadh as an gclár
  • Faisnéis a sholáthar don phobal

Ionchorprú cuideachtaí agus Ainmneacha gnó a chlárú

An tÚdarás reachtúil is é an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO) chun cuideachtaí nuabhunaithe a chlárú i bPoblacht na hÉireann Déanann an Oifig ainmneacha gnó a chlárú freisin. Ainm trádála is ea ainm gnó, rud atá difriúil ó ainmneacha na ndaoine nó na cuideachta ar leosan an gnó.

Doiciméid iar-ionchorpraithe cuideachta a chlárú

Tá dualgas de réir dlí ar chuideachtaí, agus do mhéid níos lú ar ainmneacha gnó, doiciméid áirithe a chomhdú leis an CRO. Ba chóir athruithe ar stádas oifig chláraithe na cuideachta, ar a hoifigigh nó ar shonraí na n-oifigeach a chur in iúl don CRO ag úsáid na foirmeacha ábhartha reachtúla. Ní mór na foirmeacha seo a chomhlánú i gceart agus ní mór d’oifigeach reatha na cuideachta iad a shíniú de réir thaifid na CRO

Cuirtear de cheangal ar chuideachta, cibé an mbíonn sí ag trádáil nó nach mbíonn, tuairisceán bliantúil a sheachadadh don CRO uair sa bhliain ar a laghad. Coimeádann an CRO sonraí faoi mhorgáistí agus muirir atá curtha ar chuideachtaí.

Forfheidhmiú, ionchúiseamh agus cuideachtaí a scriosadh as an gclár

Ar an drochuair, ní chomhlíonann gach cuideachta lena ndualgas chun doiciméid a chomhdú. Is féidir leis an CRO líon bearta le déileáil le cuideachtaí a dteipeann orthu lena gcuid tuairisceáin bhliantúla a chomhdú, lena n-áirítear ionchúiseamh na cuideachta nó na stiúrthóirí, nó an chuideachta a bhaint den chlár.

Cuideachtaí a theipeann orthu tuairisceán bliantúil a chomhdú, is féidir go mbeidh siad baint de chlár na gcuideachtaí. Má bhaintear cuideachta den chlár, níl cosaint na dliteanais teoranta ann a thuilleadh agus is féidir go mbeidh daoine aonair faoi dhliteanas as aon fhiachas nach n-íoctar i ndiaidh bainte den chlár. Ina theannta sin, éireoidh sócmhainní na cuideachta sin faoi úinéireacht an Stáit. In ainneoin gur féidir cuideachtaí a baineadh den Chlár a chur ar ais, fhéadfadh an próiseas seo bheith an-chostasach. Cuideachtaí ar mian leo é seo a sheachaint, ní mór dóibh cinntiú go gcomhdaítear a gcuid tuairisceán bliantúil in am.

Sa bhliain 2019, baineadh 5,068 cuideachta den chlár de bhrí gur theip orthu tuairisceán bliantúil a chomhdú. Tá clár forfheidhmithe ag leanúint ar aghaidh.

Faisnéis a sholáthar don phobal

Is féidir leis an bpobal scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis reachtúil ar fad a fhaigheann an CRO ó chuideachtaí.

Is féidir faisnéis thábhachtach áirithe, ar nós ainm agus seolta oifige cláraithe na cuideachta a sheiceáil saor in aisce ag Cuardach Cuideachta. Má bhíonn mionfhaisnéis cuideachta níos mó ag teastáil uait, ar nós tuairisceáin bhliantúil, cuntas cuideachta nó eischló cuideachta, is féidir iad seo a ordú ar líne agus cárta creidmheasa/dochair a úsáid le híoc astu.

Is féidir é seo a fháil arís ag baint úsáide as saoráid cuardaigh an ghréasáin agus baineann táille leis. Tá roinnt bunstaisticí ar fáil sa Tuarascáil Bhliantúil.

Is Cláraitheoir na gCara-Chumann é Cláraitheoir na gCuideachtaí freisin.

Cláraitheoir na gCara-Chumann (RFS) freagrach as clárú agus rialú ginearálta na gCumann Tionscail agus Coigiltis, na gCara-Chumann agus na gCeardchumann. Is féidir cuardach a dhéanamh ar líne anois maidir le cumann nó ceardchumann (tríd an ainm). Is féidir liosta doiciméad a fheiceáil a cumdaíodh i gcoinne an chumainn/an cheardchumainn. Má chliceálann tú ar chumann nó ar cheardchumann faoi leith, feicfidh tú an uimhir, seoladh, cineál eintitis (cara-chumann, cumann tionscail & coigiltis nó ceardchumann), an dáta clárúcháin, an dáta deireanach a cuireadh tuairsiceán bliantúil isteach.