Ráiteas Príobháideachais agus Slándála an Láithreáin Ghréasáin


(A) Príobháideachas

Ní faoi réir Achtanna um Chosaint Sonraí 1988-2018 é sonra pearsanta a sholáthraítear don CRO tríd an láithreán gréasáin seo de bhun Acht na gCuideachtaí 2014 (mar shampla, fógairt ceapacháin oifigeach na cuideachta, athrú ar shonraí oifigeach na cuideachta) nó an tAcht um Chlárú Ainmneacha Gnó 1963 (mar shampla clárú ainm cuideachta ag duine aonair, comhlacht nó comhlacht corpraithe, nó athrú ar sheoladh úinéir ainm cuideachta cláraithe) , agus é "sonra pearsanta arb é atá iontu faisnéis a gceanglaítear de réir dlí ar an duine a choimeádann na sonraí iad a chur ar fáil don phobal". Dé réir sin, titeann na sonraí sin lasmuigh de théarmaí an Ráitis Phríobáideachais seo. Ciallaíonn sé seo nach mbaineann na coinníollacha ná faisnéis atá leagtha amach thíos le haon sonra pearsanta a sholáthraíonn aon duine don CRO ar an láithreán gréasáin seo de bhun Acht na gCuideachtaí 2014 nó de bhun an Achta um Chlárú Ainmneacha Gnó 1963 nó an bheirt acu araon.

Aitheantas

Is www.cro.ie an láithreán gréasáin seo. Más mian leat aon ábhar a bhaineann le próiseáil sonra pearsanta ar láithreán gréasáin CRO, déan teagmháil linn ag Crowebmaster nó trí phost ag CRO, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, marcáilte TAG Mark Donoghue.

Aidhm

Bainfimid úsáid as sonraí a sholáthraíonn tú dúinn ar ár láithreán gréasáin mar seo a leanas:

(a) maidir le híocaíocht ar sheirbhísí a sholáthair an CRO duit - idir chun cuntas a choimeádann tú leis an CRO a bhreacadh do dhochar táillí cuardaigh/táillí idirbhearta as úsáid an láithreáin ghréasáin seo duit, nó do chárta creidmheasa/ léasair a bhreacadh chun dochar, má roghnaíonn tú amhlaidh, chun íoc as na seirbhísí siúd le linn duit úsáid a bhaint as an láithreán gréasáin seo. Is é beartas na CRO íosmhéid faisnéise a choimeád de réir mar is gá le plé le haon cheist faoin idirbheart a éireoidh ina dhiaidh. Maidir le híocaíocht le cárta léasair/creidmheasa, ní choimeádaimid ach seoladh r-phoist agus seoladh IP an chustaiméara. Soláthraítear na doiciméid a iarradh chuig an seoladh seo. Ní choimeádaimid aon sonraí faoin chárta léasair/creidmheasa. Tá na sonraí seo á gcoimeád ag Realex ar ár son (féach faoi Nochtadh, thíos) agus féadann CRO athbhreithniú a dhéanamh orthu trí nasc gréasáin. Maidir le seirbhísí a íocadh trí chuntais chustaiméirí a bhreacadh do dhochar, coimeádtar seoladh r-phoist an chustaiméara.

An seoladh as a bhfaigheann tú rochtain ar ár láithreán gréasáin (an uimhir atá sannta go huathoibríoch do do ríomhaire agus tú ag scimeáil ar an Idirlíon is ea seoladh IP. Baintear úsáid as seoltaí IP chun anailís a dhéanamh ar threochtaí, chun an láithreán a riaradh, agus chun faisnéis staitistiúil a bhailiú agus níl baint acu le faisnéis inaitheanta phearsanta);

(b) chun tú a chlárú mar liostálaí lenár seirbhís nuachtlitreach r-phoist. Chuige seo, níor tugadh ach do sheoladh r-phoist dúinn, agus coimeádfaidh an CRO é seo chun an nuachtlitir a sheoladh duit. Má chuireann tú do liostáil leis an nuachtlitir r-phoist ar ceal am ar bith, coimeádfaimid do sheoladh r-phoist chun taifead a choinneáil maidir le do liostáil leis an tseirbhís nuachtlitreach ach ní bhainfidh CRO úsáid as ar chúis ar bith eile.

(c) Chun tú a chlárú lenár seirbhís r-chomhdaithe ar líne. Is iad ainm úsáideora, seoladh, r-phoist, Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP), uimhir fóin, uimhir facs, agus uimhir DX agus malartáin, agus sonraí ar riarthóir an úsáideora, más cuí. Coimeádtar na sonraí seo ar feadh tréimhse éiginnte, agus baineann an CRO úsáid astu chun aitheantas a chur ar an úsáideoir cláraithe ar logáil dó/dí ar ár seirbhís r-chomhdaithe ar líne agus chun réimse sonraí an láithreora a phoibliú ar aon fhoirm r-chomhdaithe a chuireann an t-úsáideoir sin isteach ann. Féadann an Oifig um Chlárú Cuideachtaí freisin ríomhphoist a eisiúint chuig úsáideoirí atá tar éis comhdú thar ceann cuideachtaí, maidir le nuashonruithe nó athruithe tábhachtacha a théann i gcion ar oibleagáidí cuideachtaí agus eintiteas eile arna gclárú ag an Oifig um Chlárú Cuideachtaí agus Clárlann na gCara-Chumann.

Nochtadh

Ní scaipfear aon sonra pearsanta a sholáthraíodh d'aon tríú pháirtí, ach amháin go n-aistreofar an fhaisnéis faoin chárta creidmheasa go slándáil go Realex, soláthraí íocaíochtaí ar líne slándáil.

Ceart Rochtana

Tá ceart rochtana ag duine ar shonraí pearsanta a choimeádann an CRO de thoradh ar a sholáthair sé/sí ar an láithreán gréasáin seo. Féadann duine aonair iarratas rochtana i ndáil le cosaint sonraí a chur isteach trí Foirm Iarrata Rochtana Ábhair a chomhlánú.

Iarraidh Rochtana ar Ábhar a Chur faoi Bhráid
Ní mór duit Foirm Iarrata Rochtana Ábhair a chomhlánú chun cóip de d’eolas pearsanta a iarraidh orainn. Ní mór an Fhoirm seo a chomhlánú ina hiomláine agus í a sheoladh chuig: An Oifig um Chlárú Cuideachtaí, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, agus í marcáilte chun aire an Uasail Mark Donoghue, (Oifigeach Cosanta Sonraí, An Oifig um Chlárú Cuideachtaí). Féadtar iarratais a chur go leictreonach chomh maith chuig dprequest@cro.ie  

Ba cheart duit bheith chomh cruinn agus is féidir maidir leis an eolas pearsanta atá tú ag lorg uainn a shainaithint. Más féidir, déan iarracht freisin na réimsí den Oifig um Chlárú Cuideachtaí a shonrú is ábhartha dar leat don iarraidh agat. Beidh sé seo ina chabhair dúinn agus sinn ag cur seirbhíse éifeachtaí, éifeachtúla ar fáil duit. Go hiondúil, níl táille ar bith ann i gcás daoine a lorgaíonn rochtain ar a dtaifid phearsanta faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí agus ní mór iarrataí a thabhairt chun críche laistigh d’aon mhí amháin. Beidh ort Cruthúnas Aitheantais a chur ar fáil agus tú ag déanamh iarrata, mar shampla, cóip de d’aitheantas fótagrafach arna dheimhniú, arna shíniú agus arna dhátú go cuí ag Garda, Dochtúir, Aturnae, Sagart, Coimisinéir Síochána nó Coimisinéir Mionn.

Eisceachtaí ón gceart chun rochtana

I líon beag tosca tarlaíonn sé go mbíonn teorainn le do cheart chun rochtana ar thaifid phearsanta. Teastaíonn sé seo chun cothromaíocht a aimsiú idir cearta an duine aonair, ar thaobh amháin, agus roinnt riachtanas tábhachtach a bhaineann leis an tsochaí shibhialta, ar an taobh eile.

Eolas eile maidir le cearta an duine aonair faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí

Tairgtear míniúchán ar na cearta agus na freagrachtaí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí ar shuíomh idirlín an Choimisiúin um Chosaint Sonraí.
Tá eolas ar fáil chomh maith ón Oifig i gCúl an tSúdaire.

Oifig an Chomisinéara Cosanta Sonraí. Teach na Canálach, Cúil an tSudaire, Co. Laoise. R32 AP23 
Teileafón: +353 (0761) 104 800 | LoCall: 1890 25 22 31 | Faics: 00353 57 868 4757 | rphost: eolas@cosantasonrai.ie

Oifig an Chomisinéara Cosanta Sonraí, 21 Cearnóg Mhic Liam, Baile Átha Cliath 2. D02 RD28.

Féadann tú dul i dteagmháil le hOifig an Choimisiúin um Chosaint Sonraí trí ríomhphost a chur chuig eolas@cosantasonrai.ie nó ar an dteileafón ag: 1890 252 231.

Foirm Iarrata Rochtana Ábhair.pdf

Ceart Ceartúcháin

Sonraí pearsanta a thug tú dúinn ar an láithreán gréasáin seo i gcomhthéacs íocaíochta as seirbhísí a soláthraíodh, nó clárú le nuachtlitir r-phoist CRO a fháil nó seirbhís comhdaithe ar líne, má tá siad mícheart tá an ceart agat na sonraí pearsanta sin a cheartú. Níl aon táille as a leithid d’iarraidh sin a chomhlíonadh agus déanfaimid d’iarratas a chomhlíonadh laistigh de 40 lá. Seol iarraidh scríofa le haghaidh ceartaithe chuig CRO, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, marcáilte TAG Mark Donoghue.

Ceart chun Léirscriosta
Tá sé de cheart agat do chuid sonraí a fháil léirscriosta má bhíonn feidhm ag ceann de na forais seo a leanas:
1. Áit nach mbíonn gá a thuilleadh le do chuid sonraí pearsanta i dtaca leis an gcríoch chun a bailíodh nó a próiseáladh iad;
2. Áit a dtarraingíonn tú siar do thoiliú leis an bpróiseáil agus nach mbíonn aon bhunús dleathach eile le próiseáil na sonraí;
3. Áit a n-agóideann tú in aghaidh na próiseála agus nach mbíonn aon fhoras dlisteanach sáraitheach ann le go leanfaí leis an bpróiseáil (Feic pointe 6 thíos).
4. Áit a n-agóideann tú in aghaidh na próiseála agus go bhfuil do chuid sonraí pearsanta á bpróiseáil ar mhaithe le cuspóirí margaíochta dírí (Feic pointe 6 thíos);
5. Áit a bhfuiltear tar éis do chuid sonraí pearsanta a phróiseáil go neamhdhleathach;
6. Áit a gcaitear do chuid sonraí pearsanta a léirscrios d’fhonn oibleagáid dhlíthiúil a chomhlíonadh;
7. Áit ar bailíodh do chuid sonraí pearsanta i dtaca le tairiscint seirbhísí eolais do pháistí.

Tá tosca áirithe ann nach mbíonn feidhm ag an gceart seo iontu. Áirítear orthu seo:

- An ceart chun saoirse cainte agus eolais a chleachtadh;
- Comhlíonadh oibleagáide dleathaí, cur i gcrích taisc a dhéantar ar mhaithe le leas an phobail nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil;
- Cúiseanna a bhaineann le leas an phobail i réimse na sláinte poiblí (Feic Airteagal 9(2)(h) & (i) agus Airteagal 9(3), Rialacha Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)
- Críocha cartlannaithe ar mhaithe le leas an phobail, críocha taighde, eolaíoch nó stairiúil, nó críocha staidrimh;
- Éilimh dhlíthiúla a bhunú, a chleachtadh nó a chosaint.

Ceart chun Iniomparthachta Sonraí
I dtosca áirithe, féadann tú bheith i dteideal do chuid sonraí pearsanta a fháil i bhformáid lena mbeidh sé níos fusa duit iad a athúsáid i gcomhthéacs éigin eile, agus na sonraí céanna a sheoladh ar aghaidh gan bhac. Tagraítear dó seo mar an ceart chun iniomparthachta sonraí.

Ní bhíonn feidhm ag an gceart seo ach amháin sa chás gur le modhanna uathoibríocha a phróiseáiltear sonraí pearsanta (arna soláthar agat féin), agus áit a bhfuil toilithe agat leis an bpróiseáil, nó áit a ndéantar an phróiseáil ar bhonn conartha.

Ní bhíonn feidhm ag an gceart seo ach sa mhéid nach dtéann sé i gcion ar chearta agus saoirse daoine eile.

Ceart chun Agóid
Tá sé de cheart agat agóid in aghaidh cineálacha áirithe próiseála i gcás do chuid sonraí pearsanta áit a ndéantar an phróiseáil seo i ndáil le tascanna ar mhaithe le leas an phobail, nó faoi údarás oifigiúil, nó ar mhaithe le leasa dlisteanacha daoine eile.

Áit a bhfuil rialaitheoir sonraí ag baint úsáide as do chuid sonraí pearsanta chun críche rud éigin a mhargú go díreach chugat, nó thú a phróifíliú chun críocha margaíochta dírí, féadann tú agóid am ar bith, agus ní mór don rialaitheoir sonraí éirí as an bpróiseáil a luaithe a fhaigheann sé/sí an agóid uait.

Féadann tú freisin agóid in aghaidh phróiseáil do chuid sonraí pearsanta chun críocha taighde, mura mbíonn an phróiseáil riachtanach chun tasc ar mhaithe le leas an phobail a chur i gcrích.

Ceart chun Srianta
Tá ceart teoranta agat chun próiseáil do chuid sonraí pearsanta a shrianadh. Áit a bhfuil srianadh ar phróiseáil do chuid sonraí pearsanta, féadann an Oifig um Chlárú Cuideachtaí iad a stóráil, ach beidh cead ag teastáil uait sula ndéantar formhór na mbeart próiseála eile, ar nós léirscriosta.

Fianáin

Baineann an láithreán gréasáin seo leas as Google Analytics, seirbhís anailísíochta gréasáin a sholáthraíonn Google, Inc. Úsáideann Google Analytics “fianáin”. Is comhaid téacs iad sin a chuirtear ar do ríomhaire, chun cabhrú leis an láithreán gréasáin anailís a dhéanamh ar an dóigh a mbaineann úsáideoirí leas as an suíomh. Déanfar an fhaisnéis a ghineann an fianán faoin chaoi a n-úsáideann tú an suíomh (do sheoladh IP san áireamh) a tharchur chuig Google agus a stóráil ar fhreastalaithe sna Stáit Aontaithe. Bainfidh Google leas as an bhfaisnéis seo chun measúnú a dhéanamh ar an chaoi a n-úsáideann tú an gréasán, chun tuairiscí a thiomsú ar ghníomhaíocht láithreán gréasáin le haghaidh oibreoirí láithreán gréasáin agus chun seirbhísí eile a sholáthar a bhaineann le gníomhaíocht láithreán gréasáin agus úsáid an idirlín.

Is féidir le Google an t-eolas seo a aistriú chuig tríú páirtithe nuair a éilíonn an dlí é sin a dhéanamh, nó sa chás go ndéanann tríú páirtithe an fhaisnéis a phróiseáil thar ceann Google. Ní chomhcheanglóidh Google do sheoladh IP le haon sonraí eile atá i seilbh Google. Is féidir leat diúltú d'úsáid fianáin trí na socruithe cuí a roghnú ar do bhrabhsálaí, ach tabhair faoi deara, má dhéanann tú é sin, b'fhéidir nach mbeidh tú in ann feidhmiúlacht iomlán an tsuímh ghréasáin sin a úsáid. Tríd an suíomh gréasáin seo a úsáid, toilíonn tú go ndéanfaidh Google sonraí fút a phróiseáil ar an mbealach agus chun na críche atá leagtha amach thuas

(B) Slándáil

Glacann CRO a gcuid freagrachtaí i ndáiríre, agus iad ag baint úsáide as na bearta fisiceacha teicneolaíochta is cuí, lena n-áirítear oiliúint agus feasacht na foirne, agus déanfar athbhreithniú ar na bearta sin ar bhonn reatha.

Bainimid úsáid as teicneolaíocht Sraith Soicéad Slán (SSL) le slándáil faisnéise faoi do chárta creidmheasa a chinntiú nuair a bhaineann tú úsáid as le híoc as táillí CRO ar an láithreán seo. Feicfidh tú an glas fraincín i dtaispeáint slándála do bhrabhsálaí a léiríonn gur criptíodh aistriú gach sonra idir do bhrabhsálaí agus ár láithreán.

Nuair a thugann tú faisnéis dúinn faoi do chárta léasair/creidmheasa i gcás idirbhearta ar líne le haghaidh seirbhísí a tugadh duit, ní choimeádtar an fhaisnéis sin ar an láithreán. Ina áit sin, aistrítear go slándáil go Realex é, soláthraí íocaíochtaí ar líne shlán. Ní choimeádann an CRO ach do sheoladh r-phoist.