Nuachtlitir 2011

Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

LEAGAN NUA - FOIRM B1

Tá leagan nua den bhfoirm B1 (tuairisceán bliantúil) i bhfeidhm ar an 1 Aibreán 2011. Seo a leanas na príomh athraithe ar Fhoirm B1: Ba chóir Cláruimhir Iniúchóra a leagan isteach nuair atá sraith  chuntais iniúchta á comhdú leis an B1. Is féidir teacht ar an gCláruimhir Iniúchóra ar an gClár Poiblí Iniúchóirí ar www.cro.ie. http://www.cro.ie/auditors/Default.aspx

Is féidir seoladh ríomhphoist a leagan isteach anois chun go bhféadfadh an CRO comhfhreagras díreach a dhéanamh leis an gcuideachta tríd an ríomhphost. Glacfaidh an CRO leis an leagan reatha den bhFoirm B1 maidir le tuairisceáin déanta suas go dtí 1 Deireadh Fómhair 2011 agus an lá sin san áireamh.

TUARASCÁIL 2010

Tá Tuarascáil Oifig um Chlárú Cuideachtaí le fáil ón láithreáin gréasáin.

INLÉITEACHT DOICIMÉAD

Leagann Ionstraim Reachtúil Uimh. 139 de 2002 líon caighdeán agus coinníollacha maidir le doiciméid a cuireadh isteach don CRO. Ina measc siúd, fáthanna a seolfar doiciméid ar ais "Níl doiciméid soléite go héasca agus/nó nach bhfuil said oiriúnach le haghaidh scanta nó cóipeála leictreonaí - Rial. 4 na Rialachán um Acht na gCuideachtaí 1990 (Foirm agus Ábhar Doiciméad arna Seachadadh chuig an gCláraitheoir) 2002. Tá dath sa doiciméad nach bhfuil bán den pháipéar nó dubh den ábhar priontáilte - Rial. 8.". Tá prionta daite sa doiciméad bunaidh nó is páipéar snasta iad na leathanaigh, agus nár seachadadh cóip den doiciméad nó profa printéara a chomhlíonann na Rialacháin - Rial. 9"

Le tuilleadh faisnéise féach bileog faisnéise Uimh. 21 a thugann fáthanna a seolfar doiciméid ar ais do láithreoirí.

CUNTAIS CÓNASCTHA

Ní ghlacfaidh le CRO le haon chuntas cónasctha a chlúdaíonn níos mó ná bliain airgeadais amháin, i gcás ina bhfuil níos mó ná tuairisceán bliantúil amháin á chomhdú. Is é an t-aon eisceacht amháin ar an riail sin ná i gcás ina bhfuil níos mó ná 3 thuairisceán bhliantúla agus cuntais a ghabhann leo á gcomhdú. Sa chás sin, ní mór na trí thuairisceán bhliantúla is déanaí nó teaglaim dóibh a ghabháil le tacar ionair cuntas a chlúdaíonn an bhliain airgeadais lena mbaineann, ach i gcás ina bhfuil níos mó ná 3 thuairisceán bhliantúla á gcomhdú, gach tuairisceán i ndiaidh na trí cinn is déanaí, féadtar tacar amháin de chuntais cónasctha, gan teorainn, a ghabháil leo.

Tá fógra á thabhairt anois do gach cuideachta agus láithreoir don CRO nach nglacfaidh an CRO a thuilleadh le cuntais mhalgamaithe fara sochar bliantúil a fuair an CRO le héifeacht ón 31 Nollaig 2011. Ar an 1 Eanáir 2012 ar aghaidh éileofar sraith chuntas ar leith a chomhdú i ndáil le gach bliain airgeadais cuideachta. Is dó an méid seo do dheimhniú comhlíontachta leis an 4ú Treoir Dlí Cuideachta 78/660/EEC de 25ú Iúil 1978 a chuireann san áireamh go bhféadfadh sraitheanna aonair cuntas do gach bliain airgeadais a bheith ann.

Is é éifeacht an mhéid sin roimhe seo go n-éilíonn gach tuairisceán bliantúil a fuair an CRO ar nó i ndiaidh 1 Eanáir 2012 go mbeidh sraith chuntas in éineacht leo do bhliain airgeadais dár críoch nach luaithe ná naoi mí roimh dháta éifeachtach an tuairisceáin, sraith chuntas a chuimsíonn an tréimhse ó chríoch na tréimhse a chuimsíonn na cuntais a ceanglaíodh le tuairisceán bliantúil roimhe seo na cuideachta. Ní bheifear in ann a thuilleadh ituairisceáin bhliantúla a chomhdú leis an CRO agus ní féidir go nglacfar le sraith chuntas malgamaithe ag cuimsiú roinnt blianta airgeadais in éineacht leis na tuairisceáin sin.

Ní mór do gach tuairisceán bliantúil a shraith chuntas féin a bheith ceangailte d’fhonn déanamh de réir cheanglais Achtanna na gCuideachtaí 1963 - 2009 maidir le réiteach agus comhdú na gcuntas. Ní mór a thabhairt faoi deara go mbeidh an méid sin roimhe seo i bhfeidhm mar an gcéanna ón 1 Eanáir 2012 i gcás cuideachtaí díscaoilte á gcur ar ais ar an gclár, bíodh sé sin ar Fhoirm H1/H1R nó trí iarratas cúirte don chur ar ais san áit go bhfuil an cur ar ais ar feitheamh ar 31 Nollaig 2011.

Please login or register to post comments.