CRO uses cookies to give you the best experience on our websites. By using this site you agree to our use of cookies as described in this Privacy Policy
Nuachtlitir R-phoist
Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:
1. CRO E-Zine
Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.
2. Teachtaireachtaí Eatramhacha
Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).
C1 A RÍOMHCHOMHDÚ - BILLE NUA NA gCUIDEACHTAÍ - CÓRAS TOSAÍOCHTA NUA Le hAcht na gCuideachtaí 2014, tabharfar isteach nós imeachta nua dhá bhealach trínar féidir muirear a chlárú. Cuirfear na próisis sin in ionad Achtanna na gCuideachtaí 1963-2013. Níl cinneadh déanta fós maidir le Dáta Tosach Feidhme Acht na gCuideachtaí 2014 ach táthar ag súil go gcuirfear tús feidhme leis i lár 2015. Láithreoirí: Ullmhaigh chun an tosaíocht is luaithe is féidir a fháil i gcomhair Mhorgáiste do Chliaint An bhfuil tú ullamh chun foirmeacha C1A/C1B a ríomhchomhdú? An bhfuil tú ar an eolas gur féidir leat foirmeacha C1 a chomhdú go leictreonach anois? Ba chóir go mbeadh taithí ar an ríomhchomhdú ina tosaíocht duitse i do cháil mar Láithreoir Morgáistí, Tosaíocht um muirir. Amhail ar thosach feidhme Acht nua na gCuideachtaí i lár 2015, agus uaidh sin amach, beidh ríomhchomhdú muirear nasctha leis an dáta ar a bhfaighidh CRO sonraí an mhuirir. Nuair a bheidh feidhm ag an Acht, ní bhainfear leas as an dáta ar a gcruthófar an gníomhas muirir chun a thosaíocht a chinneadh a thuilleadh. Tá breithniú á dhéanamh faoi Acht nua na gCuideachtaí maidir le ríomhchomhdú éigeantach muirear a thabhairt isteach. Faoi láthair, tá rogha ríomhchomhdaithe ar fáil ó CRO maidir le comhdú C1 (Sonraí Muirir arna chruthú ag cuideachta atá corpraithe sa Stát) trí CORE. Ar an gcaoi sin, déantar comhlánú agus cur i láthair an C1 a shimpliú. Cuirtear an clárú i gcrích nuair a bhíonn an leathanach sínithe páipéir faighte. Má thosaíonn tú ag baint leasa as an nós imeachta sin anois, beidh cur amach agat ar an bpróiseas. Is mór an cúnamh a bheidh sa taithí sin duit agus tú ag ullmhú i gcomhair an chórais Tosaíochta nua. Chun CI a ríomhchomhdú, téigh go dtí WWW.CORE.IE. NÓS IMEACHTA NUA DHÁ CHÉIM Le Bille nua na gCuideachtaí, tabharfar isteach próiseas nua dhá chéim, trína mbainfear amach tosaíocht ón dáta ar a ndéanfar an Fhoirm C1A a chomhdú trí Fhoirm C1A (fógra rúin maidir le muirear a chruthú) a chomhdú, agus ansin Foirm C1B (dearbhú ar chruthú an mhuirir) a chomhdú laistigh de 21 lá. Beidh an Fhoirm C1 in úsáid fós - beidh fáil go fóill ar an rogha aon chéime faoin reachtaíocht - ach chun an tosaíocht is luaithe is féidir a bhaint amach, is dócha go mbeidh an C1A agus an C1B ina rogha tosaíochta. Is dócha go dtabharfar údarás do ríomhchomhdú na bhfoirmeacha sin faoi reachtaíocht.
Cuirfear an rogha ar fáil síniú le deimhniú ROS Is trí leas a bhaint as deimhniú ROS an modh is tapa chun C1A/B/C1 a shíniú - cuirtear an comhdú i gcrích ar an bpointe sa chás sin, agus bíonn an dáta tosaíochta cinntithe. Má bhaintear leas as leathanach sínithe, beidh an dáta tosaíochta mar an gcéanna leis an dáta a fuarthas an leathanach sínithe a comhdaíodh de láimh. Má dhéantar lán-ríomhchomhdú ar na foirmeacha sin, trí leas a bhaint as an deimhniú ROS chun iad a shíniú go leictreonach, cinnteofar an dáta tosaíochta is luaithe. Is é is mó taithí a bheidh agat ar chomhdú ar líne, is ea is fearr a bheidh tú réitithe chun leas iomlán a bhaint as aon chóras ríomhchomhdaithe nua.
Cad is ceart duit a dhéanamh? Tá dhá rud ba chóir duit a dhéanamh anois: 1. Bain úsáid as an áis ríomhchomhdaithe atá ar WWW.CORE.IE faoi láthair 2. Faigh deimhniú ROS ó na Coimisinéirí Ioncaim Cumainn Tionscail agus Soláthair a Chur ar Ceal Ní mór do gach Cumann Tionscail agus Soláthair tuairisceán bliantúil, lena n-áirítear cuntais iniúchta, a chomhdú le Clárlann na gCara-Chumann gach uile bhliain. Cuirfear tús le próiseas cealaithe i mí na Nollag i leith Cumann Tionscail agus Soláthair ar bith a bhfuil mainnithe aige an dualgas sin a chomhlíonadh maidir leis na blianta 2012 agus 2013. Ba chóir do gach cumann den sórt sin iarracht a dhéanamh a chuid comhduithe a thabhairt cothrom le dáta chun cealú a sheachaint. Tabhair faoi deara nach féidir Cumainn Tionscail agus Soláthair a chur ar ais ar an gclár ach amháin trí iarratas a dhéanamh chun an Chúirt Dúiche Baile Átha Cliath; níl aon phróiseas riaracháin ar fáil dóibh. https://www.cro.ie/Cl%C3%A1r%C3%BA/Cumann-Aontas CUIDEACHTAÍ NUA - SPRIOCDHÁTA NA NOLLAG 2014 Ní féidir leis an CRO dearbhú go ndéanfar ábhar atá faighte isteach aici, i ndiaidh na ndátaí mar a leagtar thíos, a phróiseáil roimh shos na Nollag. GNÁTHSCHÉIM 3ú NOLLAIG 2014 SCÉIM FÉ PHRÁIN: 10ú NOLLAIG 2014 SCÉIM A1 ÁR LÍNE 15ú NOLLAIG 2014 ATHRÚ AR AINM 10ú NOLLAIG 2014 ATHCHLÁRAITHE 10ú NOLLAIG 2014 ÁIRITHINTE AR AINM CUIDEACHTA 17ú NOLLAIG 2014 TUAIRISCEÁIN BHLIANTÚLA LÍONTA I 2014 LE hAGHAIDH 2015 Sonraíonn Achtanna na gCuideachtaí gur gá do chuideachta tuairisceán bliantúil a chomhdú uair amháin ar a laghad i ngach bliain féilire. Caithfidh cuideachta a bhfuil dáta ARD 2015 aici tuairisceán bliantúil a chomhdú agus dáta éifeachtach i 2015 aige chun an riachtanas seo a chomhlíonadh agus a gcéad ARD eile a bhogadh ar aghaidh go dtí 2016. Má chomhdaíonn tú do thuairisceán bliantúil agus dáta éifeachtach go mall i 2014 aige, agus tú ag súil go gcomhlíonfaidh sé seo do dhualgais chomhdaithe do 2015, ní chomhlíonfaidh sé iad agus beidh ort tuairisceán bliantúil a chomhdú fós i 2015. Ní féidir le cuideachtaí comhdú go luath ach i dtaca leis an mbliain ARD reatha, gan le haghaidh bliana sa todhchaí. BILLE NA gCUIDEACHTAí 2012 Tá Bille na gCuideachtaí os comhair Thithe an Oireachtais faoi láthair. Déantar comhdhlúthú sa Bhille ar Achtanna na gCuideachtaí atá i bhfeidhm faoi láthair agus cuirfear in ionad Achtanna na gCuideachtaí 1963-2013 é. Chomh maith leis an gcomhdhlúthú, tá roinnt nuálaíochtaí beartaithe chun nósanna imeachta a shimpliú agus gníomhaíochtaí áirithe a athchóiriú chun éifeachta. Tabharfar isteach samhlacha cuideachta nua agus beidh tionchar aige sin ar na cuideachtaí go léir atá ar an gclár cheana. Thar na míonna atá amach romhainn, cuirfear eolas breise ar fáil maidir le roinnt de na hathruithe suntasacha atá ag teacht. Postálfaidh an CRO dréachtfhoirmeacha agus bileoga eolais maidir le cuid de na príomhphointí spéise, lena n-áirítear Tiontú, Morgáistí, Leachtuithe, Baint den Liosta agus Athchlárú. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil Bille na gCuideachtaí 2012 rite le bheith ina reacht. Is reachtaíocht é atá faoi athbhreithniú agus atá fós faoi réir athrú. Na foirmeacha agus na bileoga a mbeidh an CRO á bpostáil, níl iontu ach léirmhínithe dréachta ar an reachtaíocht agus ní hionann iad agus an téacs críochnaitheach. Tá gach rud faoi réir athrú. https://www.cro.ie/Bille-Nua-2014/Bille-Nua-Cuideachta%c3%ad An 'ríomh-lá' - 19 Meán Fómhair 2014 Féachtar faoin bPlean Náisiúnta Íocaíochtaí le costas chóras íocaíochta na hÉireann a laghdú trí úsáid níos mó a bhaint as modhanna íocaíochta níos éifeachtúla, rud a mbeidh iomaíochas agus éifeachtúlacht níos fearr ina thoradh air. Meastar sa Phlean Náisiúnta Íocaíochtaí gurb amhlaidh, dá mbeadh Éire ag teacht leis an dea-chleachtas san Eoraip, go bhféadfaí suas le €1 billiún in aghaidh na bliana a spáráil ar fud an gheilleagair. Díreofar go háirithe ar an 'ríomh-lá' – an 19 Meán Fómhair 2014 – ar an bpobal gnó a spreagadh chun athrú ó úsáid seiceanna go dtí íocaíocht trí mhodh leictreonach. Is é cur chuige atá ag an CRO ná tógáil ar spreagadh a thabharfaidh an 'ríomh-lá' d'fhonn deireadh a chur le láimhseáil seiceanna agus gach cineál foirm íocaíochta páipéir eile go hiomlán ó 2016 ar aghaidh. Cuireann an CRO roinnt roghanna íocaíochta leictreonaí ar fáil faoi láthair, ar nós cártaí creidmheasa agus cártaí dochair agus Cuntais do Chustaiméirí ar féidir iad a chur ar bun ar líne agus breisiú creidmheasa a chur leo ar líne le cárta creidmheasa nó cárta dochair.
Tá sé beartaithe ag an CRO freisin roghanna íocaíochta leictreonaí breise ar nós Sainorduithe Dochair Dhírigh Aonair agus Athfhillteacha a chur ar fáil i rith 2015. Iarrann CRO ar gach custaiméir a íocann faoi láthair le seic tús a chur leis an bpróiseas a bhaineann le bogadh ar shiúl ó sheiceanna agus foirmeacha íocaíochta páipéir eile mar seo a leanas: (a) taithí a fháil ar na modhanna leictreonacha íocaíochta a nglacann CRO leo, atá leagtha amach thíos, agus (b) cibé athrú is gá a dhéanamh ar na nósanna imeachta laistigh de do ghnólacht nó do chuideachta, chun a chur ar do chumas stopadh ag baint úsáide as seiceanna agus foirmeacha íocaíochta páipéir eile ón 19 Meán Fómhair 2014, nó chomh luath agus is féidir ina dhiaidh sin. RÍOMHCHOMHDÚ IOMLÁN CHUNTAIS Beidh feidhm ag Cuid 3 agus Cuid 4 d'Acht na gCuideachtaí (Forálacha Ilghnéitheacha) 2013, lena n-éilítear go mbeidh sínithe CLÓSCRÍOFA ar gach cuntas arna chomhdú leis an CRO, ón Luan an 10 Márta 2014.
Faoin Acht sin, cuirtear deireadh leis an gceanglas maidir le sínithe lámhscríofa Stiúrthóirí, Iniúchóirí agus araile a bheith san áireamh i ndoiciméid chuntas a chomhdaítear leis an CRO. Nuair a sheachadtar cuntais ina bhfuil ainmneacha clóscríofa amháin chuig an gCláraitheoir, éilítear faoin Acht go mbeidís deimhnithe ag Stiúrthóir agus Rúnaí de chuid na cuideachta, i bhfoirm leictreonach nó i bhfoirm scríofa, agus go sonrófaí sa deimhniú sin go bhfuil gach ceann de na doiciméid chuntas atá i gceangal leis an tuairisceán bliantúil ina chóip dhílis den doiciméad bunaidh. https://www.cro.ie/Seirbh%c3%ads%c3%ad/R-Chomhd%c3%ba/Cuntais-a-r%c3%adomhchomhd%c3%ba DOICIMÉID A CHUR I GCOMHAD LEIS AN CRO Má tá tuairisceán bliantúil á sheoladh tríd an bpost, ba cheart é a sheoladh chuig an CRO, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach. Baintear úsáid as an oifig i gCeatharlach chun glacadh le lóisteálacha poist amháin agus ní oifig phoiblí í. Mar rogha eile, is féidir láithreoirí seachadadh go pearsanta chuig Oifig Phoiblí an CRO ar Chearnóg Parnell áit a dtabharfar fáltas duit le haghaidh do chuid doiciméad. Bíonn an Oifig Phoiblí ar oscailt ó 9.30r.n. ar aghaidh. Cuirtear i gcuimhne do ghlaoiteoirí pearsanta gur minic go mbíonn na scuainí níos giorra san Oifig Phoiblí ar maidin agus ba cheart dóibh smaoineamh ar a gcuid doiciméad a lóisteáil chomh luath agus is féidir chun cinntiú gur féidir iad a sheiceáil agus fáltais a eisiúint ar an lá céanna. Dúntar an Oifig Phoiblí ag 4.30 i.n. ach ba cheart doiciméid a sheachadadh roimh 4.i.n. chun cinntiú gur féidir iad a sheiceáil agus a stampáil agus seans go n-eiseofar fáltais ar an lá céanna. Mura n-eisítear fáltais eiseofar an lá dar gcionn iad.