Ag seoladh doiciméad sa phost don CRO

Sa chás a bhfuil doiciméid caillte sa phost nó seachadta go déanach don CRO, meastar go bhfuil siad déanach, agus bainfidh táillí ar phionós déanach leo agus cailleadh díolúine ó iniúchadh, de réir mar is cuí. Ní boinn iad cailleadh ná moill sa phost chun pionóis ar chomhdú déanach a tharscaoileadh agus is beartas de chuid CRO gan táillí ar chomhdú déanach a tharscaoileadh i gcónaí sna cúinsí seo.

Doiciméid Caillte nó Moillithe sa Phost

Forálann Acht na gCuideachtaí 2014 nach mór doiciméid a éilítear a chomhdú le Cláraitheoir na gCuideachtaí, ní mór iad a sheachadadh don CRO ina gcuid oifigí faoin dáta a luaitear.

Is leis na láithreoirí/cuideachtaí amháin, áfach, sula ndéanfaidh siad doiciméid a sheoladh don CRO, an modh is fearr a mheas le cinntiú go mbeidh a gcuid doiciméad seachadta in am.

Má shíleann tú go bhfuil an baol ann nach mbeidh do dhoiciméid seachadta don CRO in am agus go ngearrfar táillí ar chomhdú déanach ort agus cailleadh díolúine ó iniúchadh, ba cheart duit mheas iad a sheachadadh de láimh ar Oifig Phoiblí na CRO i dTeach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1, nó iad a sheoladh sa phost chuig ár n-oifig lóisteála poist i mBóthar Uí Bhriain, Ceatharlach, ag baint úsáide as seirbhís "seachadadh ráthaithe" mar Express Post. Ráthaíonn Express Post seachadadh ar an gcéad lá oibre eile ach ní ráthaíonn Post Cláraithe ach cruthúnas seachadta, ní seachadadh ar an gcéad lá oibre eile.

Laghdaíonn ríomhchomhdú riosca comhdú déanach do Thuairisceáin Bhliantúil. Má dhéanann tú ríomhchomhdú, tá 28 lá sa bhreis agat leis an leathanach sínithe agus na cuntais a sheachadadh agus níl ann ach €20 an táille. Féach Seirbhísí Ar Líne le tuilleadh faisnéise a fháil ar r-chomhdú.

Agus doiciméid á gcomhdú don CRO, tá roinnt céimeanna praiticiúla ar féidir a dhéanadh le cuidiú le moll a sheachaint lena seachadadh nó lena gclárú. Féadfaidh moill a bheith ar dhoiciméid nó iad a chailleadh sa phost, ach tá ceanglas le comhdú ann fós agus ní bonn é neamhsheachadadh chun táille ar phionóis ar chomhdú déanach a tharscaoileadh.

Céimeanna praiticiúla le doiciméad a sheoladh sa phost don CRO:

  • Bain úsáid as seirbhís "seachadadh ráthaithe" a ráthaíonn seachadadh ar an gcéad lá oibre eile
  • Déan doiciméid a stápláil le chéile, go háirithe seiceanna - ná húsáid fáiscíní páipéir.
  • Má tá cuideachta ar tí baint den chlár, scríobh go soiléir i bhfocail mhóra ar an litir chlúdaithe "AR LIOSTA BAINTE DEN CHLÁR"
  • Ná scríobh litreacha clúdaithe fadchainteacha - má tá rud tábhachtach ann le fógairt don CRO, scríobh i litreacha móra troma é.
  • I gcás ríomhchomhdaithe, ná déan fótachóip ná facs de na leathanaigh sínithe mar is féidir leis seo barrachód a dhoiléiriú agus beidh seans ann nach féidir leis scanadh isteach sa CRO.
  • Bíodh a fhios agat nach bhfuil saoráid Saorphoist á hoibriú maidir le doiciméid a chuirtear sa phost don CRO - mura gcuirtear stampa nó frainceáil ar do chlúdach, cuirfidh tú moill ar sheachadadh do dhoiciméid.