Nuachtlitir 2015


Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

CUIDEACHTAÍ SEACHTRACHA - ÁIT GHNÓ

Cuideachtaí seachtracha a bhí cláraithe mar áit ghnó faoi Achtanna na gCuideachtaí roimhe seo, cuirfear ar ceal iad ar thosach feidhme Acht nua na gCuideachtaí 2014. Tá an reachtaíocht maidir le háit ghnó faoi Achtanna na gCuideachtaí roimhe seo aisghairthe agus ní dhéantar freastal air in Acht nua na gCuideachtaí 2014.

Tá an deis ann clárú mar Bhrainse de réir I.R. Uimh. 395 de 1993, Rialacháin CE (Nochtadh Brainse) 1993, áit arb ionann an Áit Ghnó agus áit ghnó cuideachta Dliteanais Theoranta. Ní mór an Fhoirm F12 (Brainse LEE) nó an Fhoirm 13 (Brainse neamh-LEE) a chomhlánú. Is suas ag Áit Ghnó mar atá i láthair na huaire é a chinneadh an cuí di clárú mar Bhrainse.

Síneadh ama i ndáil le tuairisceán bliantúil a chomhdú – an Chúirt Dúiche

Tabhair faoi deara le do thoil gurb amhlaidh, ó dháta thosach feidhme Acht na gCuideachtaí 2014 (an 1 Meitheamh 2015), go bhféadfar iarratais ar shíneadh ama i ndáil le comhdú tuairisceáin bhliantúil a dhéanamh tríd an gCúirt Dúiche de réir alt 343(5) den Acht. Is lú i bhfad na costais a bhaineann le hiarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche ná iad siúd a bhaineann le hiarratas chun na hArd-Chúirte (arb í an chúirt atá leagtha síos faoi láthair). Éistfidh an Chúirt Dúiche (de bhun fógra chun an Chláraitheora) iarratais ar shíneadh ama i ndáil leis an tuairisceán
bliantúil a chomhdú agus d'fhéadfadh sí Ordú a dhéanamh lena gcuirfear síneadh ama le spriocdháta an chomhdaithe. Sa chás ina ndéanfaidh cuideachta Ordú den sórt sin a chomhdú leis an CRO laistigh de 28 lá ón tráth a rinneadh an tOrdú, agus ina gcomhdóidh sí an tuairisceán bliantúil ina dhiaidh sin laistigh den am breise a leagfaidh an Chúirt síos, measfaidh an CRO go bhfuarthas in am iad. Dá bharr sin, ní bheidh feidhm ag iarmhairtí an
chomhdaithe dhéanaigh (pionóis um chomhdú déanach / caillteanas na díolúine um iniúchadh) maidir leis an tuairisceán bliantúil sin. Cuirfear tuilleadh eolais faoin bpróiseas sin ar fáil ar www.cro.ie in am is i dtráth.

Dá réir sin, ón 1 Meitheamh 2015 ar aghaidh ní bheidh CRO ag dul i mbun comhfhreagrais a thuilleadh le cuideachtaí maidir le hachomharc i gcoinne na bpionós de bharr comhdú déanach tuairisceáin bhliantúil. Ina ionad sin, má theastaíonn breis ama ó chuideachtaí chun a dtuairisceán bliantúil a chomhdú, ba chóir dóibh iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil a n-oifig chláraithe suite.

NB. Ní bheidh feidhm ag alt 343(5) den Acht maidir le tuairisceán bliantúil atá faighte ag an CRO cheana féin ar an 1 Meitheamh. 
  
  

 An ríomh-LÁ - tá CRO ag spreagadh a chuid custaiméirí ar fad chun aistriú ó sheiceanna go dtí modhanna íocaíochta leictreonaí

Féachtar faoin bPlean Náisiúnta Íocaíochtaí le costas chóras íocaíochta na hÉireann a laghdú trí úsáid níos mó a bhaint as modhanna íocaíochta níos éifeachtúla, rud a mbeidh iomaíochas agus éifeachtúlacht níos fearr
ina thoradh air. Chuige sin, sheol an Plean Náisiúnta Íocaíochtaí feachtas a bhí dírithe ar lucht gnó a spreagadh chun athrú ó úsáid seiceanna go dtí íocaíocht trí mhodh leictreonach ón 'ríomh-Lá' - an 19 Meán Fómhair 2014 - i leith.

Cé gur lean CRO ar aghaidh ag glacadh le seiceanna tar éis an ríomh-Lae, tá sé ar intinn ag an Oifig deireadh a chur de réir a chéile le láimhseáil seiceanna agus cineálacha eile íocaíochta páipéir ó 2016 ar aghaidh.

D'fhonn réiteach i gcomhair 2016, nuair nach nglacfaidh CRO le seiceanna a thuilleadh, tá an Oifig ag iarraidh ar gach custaiméir tús a chur leis an bpróiseas a bhaineann le bogadh ar shiúl ó sheiceanna agus tosú ag
úsáid modhanna leictreonacha chomh luath agus is féidir mar seo a leanas:

(a) taithí a fháil ar na modhanna leictreonacha íocaíochta a nglacann CRO leo (Cártaí Creidmheasa agus Cártaí Dochair, Cuntais Chustaiméara, etc.),

féach https://www.cro.ie/Publications/Fees/Payment-Methods, agus

(b) cibé athrú is gá a dhéanamh ar na nósanna imeachta laistigh de do ghnólacht nó do chuideachta, chun a chur ar do chumas stopadh ag baint úsáide as seiceanna agus foirmeacha íocaíochta páipéir eile ó 2016 ar aghaidh.

https://www.cro.ie/Eolas-faoi-CRO/Cad-at%C3%A1-nua/R%C3%ADomh-L%C3%A1-19%C3%BA-Me%C3%A1n-F%C3%B3mhair
  
  
Act NA gCUIDEACHTAí 2014

Tá Bille na gCuideachtaí os comhair Thithe an Oireachtais faoi láthair. Déantar comhdhlúthú sa Bhille ar Achtanna na gCuideachtaí atá i bhfeidhm faoi láthair agus cuirfear in ionad Achtanna na gCuideachtaí 1963-2013 é. Chomh maith leis an gcomhdhlúthú, tá roinnt nuálaíochtaí beartaithe chun nósanna imeachta a shimpliú agus gníomhaíochtaí áirithe a athchóiriú chun éifeachta.

Tabharfar isteach samhlacha cuideachta nua agus beidh tionchar aige sin ar na cuideachtaí go léir atá ar an gclár cheana. Thar na míonna atá amach romhainn, cuirfear eolas breise ar fáil maidir le roinnt de na hathruithe suntasacha atá ag teacht. Postálfaidh an CRO dréachtfhoirmeacha agus bileoga eolais maidir le cuid de na príomhphointí spéise, lena n-áirítear Tiontú, Morgáistí, Leachtuithe, Baint den Liosta agus Athchlárú.

Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach bhfuil Bille na gCuideachtaí 2012 rite le bheith ina reacht. Is reachtaíocht é atá faoi athbhreithniú agus atá fós faoi réir athrú. Na foirmeacha agus na bileoga a mbeidh an
CRO á bpostáil, níl iontu ach léirmhínithe dréachta ar an reachtaíocht agus ní hionann iad agus an téacs críochnaitheach.

Tá gach rud faoi réir athrú. 

https://www.cro.ie/Acht-Nua-2014/Acht-Nua-Cuideachta%C3%AD

C1 A RÍOMHCHOMHDÚ – BILLE NUA NA gCUIDEACHTAÍ – CÓRAS TOSAÍOCHTA NUA 

Le hAcht na gCuideachtaí 2014, tabharfar isteach nós imeachta nua dhá bhealach trínar féidir muirear a chlárú. Cuirfear na próisis sin in ionad Achtanna na gCuideachtaí 1963-2013. Táthar ag súil gurb é Dáta Thosach Feidhme Acht na gCuideachtaí 2014 an 1 Meitheamh 2015.

Láithreoirí: Ullmhaigh chun an tosaíocht is luaithe is féidir a fháil i gcomhair Mhorgáiste do Chliaint

An bhfuil tú ullamh chun foirmeacha C1A/C1B a ríomhchomhdú?

An bhfuil tú ar an eolas gur féidir leat foirmeacha C1 a chomhdú go leictreonach anois?

Ba chóir go mbeadh taithí ar an ríomhchomhdú ina tosaíocht duitse i do cháil mar Láithreoir Morgáistí.

Tosaíocht um muirir: amhail ar thosach feidhme Acht nua na gCuideachtaí i Meitheamh 2015, agus uaidh sin amach, beidh ríomhchomhdú muirear nasctha leis an dáta ar a bhfaighidh CRO sonraí an mhuirir. Nuair a bheidh feidhm ag an Acht, ní bhainfear leas as an dáta ar a gcruthófar an gníomhas muirir chun a thosaíocht a chinneadh a thuilleadh. Tá breithniú á dhéanamh faoi Acht Nua na gCuideachtaí maidir le ríomhchomhdú éigeantach muirear a thabhairt isteach.

Faoi láthair, tá rogha ríomhchomhdaithe ar fáil ó CRO maidir le comhdú C1 (Sonraí Muirir arna chruthú ag cuideachta atá corpraithe sa Stát) trí CORE. Ar an gcaoi sin, déantar comhlánú agus cur i láthair an C1 a
shimpliú. Cuirtear an clárú i gcrích nuair a bhíonn an leathanach sínithe páipéir faighte. Má thosaíonn tú ag baint leasa as an nós imeachta ríomhchomhdaithe sin anois, beidh cur amach agat ar an bpróiseas. Is mór an cúnamh a bheidh sa taithí sin duit agus tú ag ullmhú I gcomhair an chórais Tosaíochta nua.

Chun C1 a ríomhchomhdú, téigh go dtí WWW.CORE.IE.

NÓS IMEACHTA NUA DHÁ CHÉIM

Le hAcht na gCuideachtaí 2014, tabharfar isteach próiseas nua dhá chéim, trína mbainfear amach tosaíocht ón dáta ar a ndéanfar an Fhoirm  C1A a chomhdú trí Fhoirm C1A a chomhdú, agus ansin Foirm C1B (dearbhú ar chruthú an mhuirir) a chomhdú laistigh de 21 lá.
Beidh an Fhoirm C1 in úsáid fós – beidh fáil go fóill ar an rogha aon chéime faoin reachtaíocht – ach chun an tosaíocht is luaithe is féidir a bhaint amach, is dócha go mbeidh an C1A agus an C1B ina rogha tosaíochta. Is dócha go dtabharfar údarás do ríomhchomhdú na bhfoirmeacha sin faoi reachtaíocht. Cuirfear an rogha ar fáil
síniú le deimhniú ROS

Is trí leas a bhaint as deimhniú ROS an modh is tapa chun C1A/B/C1 a shíniú – cuirtear an comhdú i gcrích ar an bpointe sa chás sin, agus bíonn an dáta tosaíochta cinntithe.

Má bhaintear leas as leathanach sínithe, beidh an dáta tosaíochta mar an gcéanna leis an dáta a fuarthas an leathanach sínithe a comhdaíodh de láimh. 
Má dhéantar lán-ríomhchomhdú ar na foirmeacha sin, trí leas a bhaint as an deimhniú ROS chun iad a shíniú go leictreonach, cinnteofar an dáta tosaíochta is luaithe. Is é is mó taithí a bheidh agat ar chomhdú ar líne, is ea is fearr a bheidh tú réitithe chun leas iomlán a bhaint as aon chóras ríomhchomhdaithe nua.

Na rudaí is ceart duit a dhéanamh

Tá dhá rud ba chóir duit a dhéanamh anois:

1. Bain úsáid as an áis ríomhchomhdaithe atá ar WWW.CORE.IE faoi láthair

2. Faigh deimhniú ROS ó na Coimisinéirí Ioncaim

Nasc le suíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim 

http://www.revenue.ie/ga/online/ros/index.html

Please login or register to post comments.

Theme picker