Nuachtlitir 2015


Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

FOIRMEACHA C1, C1A/C1B 

Ní mór Foirmeacha C1, C1A agus C1B agus F8, F8A agus F8B a ríomhchomhdú anois le síniú ROS. Ní ann d'áis ar bith chun na foirmeacha sin a chomhdú de láimh.

Ní bheidh an fhoirm comhdaithe go dtí go mbeidh an síniú ROS deiridh curtha i bhfeidhm le deimhniú ROS. Bí ar an eolas maidir leis an tráthchlár reachtúil ina leith sin le do thoil. Ní mór an méid atá sna foirmeacha sin a sheiceáil go cúramach, óir diúltófar dóibh má bhíonn siad neamhiomlán nó mícheart.

Ní mór go mbeadh an deimhniú nó an fo-dheimhniú ROS in ainm an té a bhfuil an fhoirm á síniú aige nó aici.

Ní mór do bheirt ar leithligh é a shíniú, duine amháin thar ceann na cuideachta agus an duine eile thar ceann an tsealbhóra muirir. I ndáil leis sin, cinntigh le do thoil go gcuirfear iad beirt isteach san Fhoirm nó sna Foirmeacha i gcáil sínitheoirí. Tabhair faoi deara le do thoil nach mór an t-ainm iomlán a shonrú agus ní leagan giorraithe de (mar shampla, céadainm, iniseal nó sloinne).

Chun muirir a chomhdú faoi Acht na gCuideachtaí 2014:-

  • Logáil isteach agus cláraigh ar www.core.ie
  • Faigh deimhniú nó fo-dheimhniú ROS ó na Coimisinéirí Ioncaim  https://www.cro.ie/Services/Registering-for-ROS
    féach www.ros.ie
  • Téigh i dtaithí ar shuíomh gréasáin an CRO, ar na foirmeacha nua agus ar Bhileog Faisnéise Uimhir 27.

TIONTUITHE FAOI ACHT na gCUIDEACHTAÍ NUA 2014 

Cuireadh tús le hAcht na gCuideachtaí 2014 an 1 Meitheamh 2015. Cuireadh in ionad Acht na gCuideachtaí 1963-2013 é.

Tugtar isteach leis an Acht dhá shamháil nua cuideachta ar féidir le cuideachtaí atá ann cheana tiontiú iontu, le linn na hidirthréimhse 18 mí, agus is cineál cuideachta i bhfad níos simplí é ceann amháin acu (an chuideachta TEO).

Gach 160,000 Cuideachta Phríobháideach faoi Theorainn Scaireanna atá ar an gclár faoi láthair, beidh siad ag feidhmiú faoi réir na rialacha a bhaineann le CGA go dtí go dtiontófar iad. Féach Cuid 16 den Acht. Ag deireadh na hidirthréimhse, na cuideachtaí siúd nár roghnaigh iad féin a thiontú ina DAC nó TEO, tiontófar ina gCuideachtaí TEO de réir dlí. Baineann sé sin le timpeall 85% de chuideachtaí Éireannacha atá cláraithe.

Nasc chuig an bpróiseas tiontúcháin ar láithreán gréasáin CRO:

https://www.cro.ie/Acht-Nua-2014/Pr%C3%B3iseas-Tiont%C3%BAch%C3%A1in  

Tabhair faoi deara: Ní mór liosta na Sínitheoirí a ghabháil leis an mBunreacht nua. Ní mór gur ionann an liosta seo agus Bunliosta na Sínitheoirí mar a cuireadh isteach don CRO ar ionchorprú. 

Is iad seo an dá rogha: 

- Cóip de liosta na sínitheoirí (síniú agus an chuid le síniú ag an bhfinné araon) nó

- Liosta athchruthaithe na bunsínitheoirí mar a leagadh amach san M&A bunaidh agus síniú úrnua ag na sínitheoirí sin leis.

Maidir le tiontiú go Cuideachta Phríobháideach faoi Theorainn Scaireanna:

Ba cheart go léiríonn an Scairchaipiteal sa Bhunreacht Scairchaipiteal na Cuideachta mar atá faoi láthair, nó an luach reatha ar gach Scair a lua.

Ba chóir taiscí le haghaidh tiontú (foirmeacha N1 agus N2) a chur chuig an seoladh seo a leanas:
an Oifig um Chlárú Cuideachtaí, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.   
 
NÍ MÓR FOIRMEACHA NUA AMHÁIN A CHOMHDÚ LE CRO ANOIS 

Ní mór foirmeacha nua a úsáid. Ní ghlacfar le seanfhoirmeacha in CRO a thuilleadh. 

Foirmeacha leictreonacha B1

Tá an fhoirm nua B1 ar fáil le comhdú go leictreonach trí CORE. Glacfaidh CRO le seanleaganacha de leathanaigh shínithe B1 a cuireadh isteach go leictreonach (“gafa”) ar CORE roimh an 1 Meitheamh suas le 28 lá tar éis dá "ngabháil". Láithreoirí a mbaineann úsáid as pacáistí bogearraí, ba cheart dóibh teagmháil a dhéanamh lena
ndíoltóirí bogearraí le fáil amach faoin fháil ar an B1 nua le comhdú go leictreonach leis an bpacáiste bogearraí. 
 
 
RFS - SCRÚDAITHEOIREACHT 

Cuireadh tús le Cuid 4 d' Acht na gCara-Chumann agus na gCumann Tionscail agus Soláthair (Forálacha Ilghnéitheacha) ó 1ú Iúil 2015. Baineann SI. 269 de 2015 le feidhmiú na reachtaíochta scrúdaitheoireachta le Cumann Tionscail agus Soláthair. https://www.cro.ie/New-Act-2014/-Forms-and-Leaflets/Form-B1 
 
 
IARRATAIS CHUN NA CÚIRTE AR SHÍNEADH AMA I nDÁIL LE TUAIRISCEÁN BLIANTÚIL A CHOMHDÚ 

Sonraítear in alt 343 d'Acht na gCuideachtaí 2014 gurb amhlaidh, ón 1 Meitheamh 2015, go bhféadfar iarratais ar shíneadh ama i ndáil le comhdú tuairisceáin bhliantúil a dhéanamh chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Dúiche.

Sonraítear in alt 343 gur féidir leis an gCúirt, ach í a bheith sásta go mbeadh an cur chuige sin cóir, Ordú a dhéanamh lena gcuirfí síneadh leis an tréimhse ama inar féidir tuairisceán bliantúil na cuideachta i ndáil le bliain ar leith a sheachadadh ar Chláraitheoir na gCuideachtaí. Ní féidir ach Ordú amháin den chineál sin a dhéanamh maidir le haon bhliain ar leith. Déantar iarratas chun na Cúirte iar bhfógra don Chláraitheoir trí mheán Mionnscríbhinne. Is ionann an síneadh ama agus síneadh ar an 28 lá i ndiaidh an dáta tuairisceáin bhliantúil dá bhforáiltear in alt 343(2) agus (3), Acht na gCuideachtaí 2014.

I gcás ina ndéanann an Chúirt Ordú ag cur síneadh ama leis an tréimhse comhdaithe, ní mór don chuideachta an tOrdú sin a chomhdú leis an CRO, de ghnáth laistigh de 28 lá ó thráth dhéanta an Ordaithe. Sa chás ina gcomhdóidh an chuideachta an tuairisceán bliantúil ansin laistigh den am breise a leagfaidh an Chúirt síos, measfaidh an CRO go bhfuarthas na doiciméid in am. Dá bharr sin, ní bheidh feidhm ag iarmhairtí an chomhdaithe dhéanaigh (pionóis um chomhdú déanach / caillteanas na díolúine um iniúchadh) maidir leis an tuairisceán bliantúil sin

Féach ar shuíomh gréasáin an CRO chun tuilleadh eolais a fháil- https://www.cro.ie/Tuairisce%c3%a1n-Bliant%c3%bail/Chomhda%c3%adtear-go-D%c3%a9anach

Please login or register to post comments.

Theme picker