Nuachtlitir 2015


Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

 IARRATAS AR BHAINT THOILTEANNACH DEN CHLÁR – FOIRM H15

Faoi Alt 731 d'Acht na gCuideachtaí 2014, ní mór anois go síneodh GACH DUINE de stiúrthóirí na cuideachta Foirm H15 (táille comhdaithe €15) agus ní mór na nithe seo a leanas a bheith ag gabháil léi:

- rún speisialta (dar dáta nach luaithe ná 3 mhí roimh dháta an iarratais) ar Fhoirm G1H15 (táille comhdaithe: €15),

TABHAIR FAOI DEARA GUR FÉIDIR AN FHOIRM G1H15 A RÍOMHCHOMHDÚ ANOIS GAN AON CHOSTAS.
 
- litir neamh-agóide ó na Coimisinéirí Ioncaim (dar dáta nach luaithe ná 3 mhí roimh dháta an iarratais), agus
- an leathanach bunaidh ón nuachtán inar fógraíodh an bhaint den chlár (dar dáta nach luaithe ná 30 lá roimh dháta an iarratais).
Moltar duit do dhóthain ama a fhágáil chun cur isteach ar litir neamh-agóide ó na Coimisinéirí Ioncaim, agus gan an fógra a chur sa nuachtán go dtí go mbeidh an litir faighte agat ó na Coimisinéirí Ioncaim.

Chun tuilleadh eolais a fháil, féach ar Chuid 1.2 de Bhileog Faisnéise 28 de chuid CRO nó ar shuíomh gréasáin CRO
https://www.cro.ie/Foilseacháin/Foilseacháin/Bileoga-Faisnéise

Morgáistí agus Clárú i gcomhair ROS

Ní mór Foirmeacha C1, C1A agus C1B agus F8, F8A agus F8B a ríomhchomhdú anois le síniú ROS. Ní ann d'áis ar bith chun na foirmeacha sin a chomhdú de láimh.  

Ní bheidh an fhoirm comhdaithe go dtí go mbeidh an síniú ROS deiridh curtha i bhfeidhm le deimhniú ROS. Bí ar an eolas maidir leis an tráthchlár reachtúil ina leith sin le do thoil. Ní mór an méid atá sna foirmeacha sin a sheiceáil go cúramach, óir diúltófar dóibh má bhíonn siad neamhiomlán nó mícheart.

Ní mór go mbeadh an deimhniú nó an fo-dheimhniú ROS in ainm an té a bhfuil an fhoirm á síniú aige nó aici.

Ní mór do bheirt ar leithligh é a shíniú, duine amháin thar ceann na cuideachta agus an duine eile thar ceann an tsealbhóra muirir. I ndáil leis sin, cinntigh le do thoil go gcuirfear iad beirt isteach san Fhoirm nó sna Foirmeacha i gcáil sínitheoirí. Tabhair faoi deara le do thoil nach mór an t-ainm iomlán a shonrú agus ní leagan giorraithe de (mar shampla, céadainm, iniseal nó sloinne).

Chun muirir a chomhdú faoi Acht na gCuideachtaí 2014:-

•Logáil isteach agus cláraigh ar www.core.ie

•Faigh deimhniú nó fo-dheimhniú ROS ó na Coimisinéirí Ioncaim  féach www.ros.ie

Féach suíomh gréasáin CRO freisin ag https://www.cro.ie/Services/Registering-for-ROS

•Téigh i dtaithí ar shuíomh gréasáin an CRO, ar na foirmeacha nua agus ar Bhileog Faisnéise Uimhir 27.

EIRCODE

Tabhair faoi deara thíos le do thoil na seoltaí Eircode nua d'Oifigí CRO:

Seoladh na hOifige Poiblí
An Oifig um Chlárú Cuideachtaí
Teach Parnell, 14 Cearnóg Parnell
Baile Átha Cliath 1
Eircode: D01 E6W8   

Taiscí Poist
An Oifig um Chlárú Cuideachtaí,
Bóthar Uí Bhriain,
Ceatharlach
Eircode: R93 E920

DÍCHÁILIÚ COIGRÍCHE

Sa chás ina bhfuil aon stiúrthóir (a ceapadh cheana féin chuig cuideachta) dícháilithe i ndlínse eachtrach, nó sa chás ina ndéanfar é nó í a dhícháiliú i ndlínse eachtrach, ní mór an Fhoirm B74a a chur isteach chuig an CRO. Ba chóir é sin a dhéanamh laistigh de 3 mhí ó thosach feidhme an Achta (1ú Meitheamh 2015) ina gcás siúd ar stiúrthóirí cuideachta iad faoi láthair, atá dícháilithe faoi láthair, agus nár chuir isteach fógra ar Fhoirm B74 nuair a ceapadh iad.

TIONTUITHE FAOI ACHT na gCUIDEACHTAÍ NUA 2014

Cuireadh tús le hAcht na gCuideachtaí 2014 an 1 Meitheamh 2015. Cuireadh in ionad Acht na gCuideachtaí 1963-2013 é. 

Tugtar isteach leis an Acht dhá shamháil nua cuideachta ar féidir le cuideachtaí atá ann cheana tiontiú iontu, le linn na hidirthréimhse 18 mí, agus is cineál cuideachta i bhfad níos simplí é ceann amháin acu (an chuideachta TEO).

Gach 160,000 Cuideachta Phríobháideach faoi Theorainn Scaireanna atá ar an gclár faoi láthair, beidh siad ag feidhmiú faoi réir na rialacha a bhaineann le CGA go dtí go dtiontófar iad.  Féach Cuid
16 den Acht. Ag deireadh na hidirthréimhse, na cuideachtaí siúd nár roghnaigh iad féin a thiontú ina DAC nó TEO, tiontófar ina gCuideachtaí TEO de réir dlí. Baineann sé sin le timpeall 85% de chuideachtaí Éireannacha atá cláraithe.

Nasc chuig an bpróiseas tiontúcháin ar láithreán gréasáin CRO:

https://www.cro.ie/Acht-Nua-2014/Pr%C3%B3iseas-Tiont%C3%BAch%C3%A1in

Tabhair faoi deara: Ní mór liosta na Sínitheoirí a ghabháil leis an mBunreacht nua. Ní mór gur ionann an liosta seo agus Bunliosta na Sínitheoirí mar a cuireadh isteach don CRO ar ionchorprú.

Is iad seo an dá rogha:

- Cóip de liosta na sínitheoirí (síniú agus an chuid le síniú ag an bhfinné araon) nó
- Liosta athchruthaithe na bunsínitheoirí mar a leagadh amach san M&A bunaidh agus síniú úrnua ag na sínitheoirí sin leis.

Maidir le tiontiú go Cuideachta Phríobháideach faoi Theorainn Scaireanna:Ba cheart go léiríonn an Scairchaipiteal sa Bhunreacht Scairchaipitealna Cuideachta mar atá faoi láthair, nó an luach reatha ar gach Scair a lua.

Ba chóir taiscí le haghaidh tiontú (foirmeacha N1 agus N2) a chur chuig an seoladh seo a leanas:

an Oifig um Chlárú Cuideachtaí, Bóthar Uí Bhriain, Ceatharlach.

IARRATAIS CHUN NA CÚIRTE AR SHÍNEADH AMA I nDÁIL LE TUAIRISCEÁN BLIANTÚIL A CHOMHDÚ

Sonraítear in alt 343 d'Acht na gCuideachtaí 2014 gurb amhlaidh, ón 1 Meitheamh 2015, go bhféadfar iarratais ar shíneadh ama i ndáil le comhdú tuairisceáin bhliantúil a dhéanamh chun na hArd-Chúirte nó chun na Cúirte Dúiche.

Sonraítear in alt 343 gur féidir leis an gCúirt, ach í a bheith sásta go mbeadh an cur chuige sin cóir, Ordú a dhéanamh lena gcuirfí síneadh leis an tréimhse ama inar féidir tuairisceán bliantúil na cuideachta i ndáil le bliain ar leith a sheachadadh ar Chláraitheoir na gCuideachtaí.   Ní féidir ach Ordú amháin den chineál sin a dhéanamh maidir le haon bhliain ar leith.
Déantar iarratas chun na Cúirte iar bhfógra don Chláraitheoir trí mheán Mionnscríbhinne. Is ionann an síneadh ama agus síneadh ar an 28 lá i ndiaidh an dáta tuairisceáin bhliantúil dá bhforáiltear in alt 343(2) agus (3), Acht na gCuideachtaí 2014.

I gcás ina ndéanann an Chúirt Ordú ag cur síneadh ama leis an tréimhse comhdaithe, ní mór don chuideachta an tOrdú sin a chomhdú leis an CRO, de ghnáth laistigh de 28 lá ó thráth dhéanta an Ordaithe. Sa chás ingcomhdóidh an chuideachta an tuairisceán bliantúil ansin laistigh den am breise a leagfaidh an Chúirt síos, measfaidh an CRO go bhfuarthas na doiciméid in am. Dá bharr sin, ní bheidh feidhm ag iarmhairtí an chomhdaithe dhéanaigh (pionóis
um chomhdú déanach / caillteanas na díolúine um iniúchadh) maidir leis an tuairisceán bliantúil sin

Féach ar shuíomh gréasáin an CRO chun tuilleadh eolais a fháil
https://www.cro.ie/Tuairisce%c3%a1n-Bliant%c3%bail/Chomhda%c3%adtear-go-D%c3%a9anach

RÁITIS AIRGEADAIS - 1 MEITHEAMH 2015

Tosaíonn Chuid 6 Acht na gCuideachtaí , maidir blaintúila airgeadais tréimshe tar éis 1 Meitheamh 2015.

• alt 167: coiste iniúchóireachta
• alt 225: Ráiteas comhlíontachta
• alt: 305(1)(b): Nochtadh scaireanna rogha
• alt: 306(1): Íocaíochtaí daoine shealbhaíochta
• alt 326(1)(a): Ainmneacha stiúrthóirí
• alt 330: Tuarascáil na stiúrthóirí: ráiteas ar fhaisnéis
  iniúchóireachta iomchuí.

CONAS A ATHRAÍONN CUIDEACHTA A DEIREADH BLIANA AIRGEADAIS?

Faoin alt 288 d’Acht na gCuideachtaí 2014, féadfaidh cuideachta, ach foirm B83 a chomhdú leis an gCláraitheoir, iarratas a dhéanamh chun athrú nach mó ná sé mhí a dhéanamh ar a dáta deiridh bliana airgeadais, i gcás na bliana reatha nó na bliana roimhe sin, agus beidh an dáta nua sin ina dháta deiridh bliana airgeadais aici ina dhiaidh sin. Ní féidir iarratas den sórt sin a dhéanamh ach uair amháin gach cúig bliana mura bhfuil
an chuideachta díolmhaithe faoi alt 288(10) d’Acht na gCuideachtaí 2014.

Féach Bileog Faisnéise 23, cuid 3

https://www.cro.ie/Foilseach%C3%A1in/Foilseach%C3%A1in/Bileoga-Faisn%C3%A9ise

ATHBHREITHNIÚ AR NA RÁITIS ARIGEADAIS

I gcás ina mbeidh cóipeanna de na Ráitis Airgeadais bhunaidh nó de thuarascáil bhunaidh na stiúrthóirí curtha faoi bhráid na cuideachta i gcruinniú ginearálta nó seachadta ar an gCláraitheoir, ba cheart gach athbhreithniú a dhéanamh faoi threoir alt 366 go dtí alt 379, Acht na gCuideachtaí 2014.

 Má thagann an chuideachta ar an eolas go bhfuil botún sna Ráitis Airgeadais, ba chóir di an botún a cheartú agus na doiciméid cheartaithe a chomhdú leis an CRO tráth nach déanaí ná 28 lá tar éis di iad a athbhreithniú.

Úsáidtear an Fhoirm B1X agus Ráitis Airgeadais athbhreithnithe á gcomhdú.

Is féidir an t-athbhreithniú a bheith in aon cheann de na foirmeacha seo a leanas, ag brath ar an gcineál botúin atá á athbhreithniú: Nóta Forlíontach; nó, Tuarascáil Stiúrthóirí athbhreithnithe; nó, Ráitis Airgeadais athbhreithnithe

Please login or register to post comments.

Theme picker