Nuachtlitir 2019


Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

Nuachtlitir Feabhra 2019

 

COMHPHÁIRTÍOCHTAÍ TEORANTA

Tá an Roinn Gnóthaí, Fiontar agus Nuálaíochta ag athbhreithniú an Achta um Chomhpháirtíochtaí Teoranta 1907. Mar chuid den phróiseas athbhreithnithe, tá an Roinn ag iarraidh aighneachtaí ó pháirtithe leasmhara. Tá an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí gar do ghnó Dé hAoine, 1 Márta 2019  

BREXIT

I gcás nach mbeidh beart ar bith comhaontaithe idir an Ríocht Aontaithe agus AE, fágfaidh an Ríocht Aontaithe láithreach agus i gcás nach bhfuil ag cuideachta
ach stiúrthóirí atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le hathrú.

Díolúine ón gceanglas chun stiúrthóir as ballstát an LEE a bheith sa chuideachta

Ní mór do stiúrthóir amháin ar a laghad a bheith ina c(h)ónaí i mballstát Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Ní bhaineann an ceanglas seo le haon chuideachta, áfach, ag a bhfuil banna i bhfeidhm aici ar luach €25,000 san fhoirm atá leagtha.

Forálann an banna, nuair a theipeann ar chuideachta fíneáil nó cuid d’fhíneáil a íoc a fhorchuirtear i leith ciona faoi Acht na gCuideachtaí 2014 nó an tAcht Comhdhlúite Cánacha 1997, nó pionós faoin acht dheireanach, go n-úsáidfear an t-urra chun íoc as dliteanas na cuideachta, chomh hard le luach an bhanna.

Ní mór don bhanna tréimhse dhá bliana bailíochta ar a laghad a bheith aige, ag tosach tráth nach luaithe ná dáta an tarlaithe is cúis le ceanglas an bhanna. Ní mór don Urra faoi bhanna bheith ina chomhalta ar rangú a shonraítear - is é sin banc, cumann foirgníochta, cuideachta árachais nó institiúid chreidmheasa. Bileog Faisnéise.

I gcás, i ndiaidh corpraithe, a chuireann cuideachta isteach ar dheimhniú agus má bhronntar é ó chláraitheoir cuideachtaí, ag deimhniú go bhfuil fíorcheangal leanúnach le gníomhaíocht gheilleagrach amháin nó níos mó atá á seoladh sa Stáit, beidh an chuideachta sin díolmhaithe ó na ceanglais chun stiúrthóir amháin a chónaíonn i mBallstát an LEE a bheith aice ó dháta an deimhnithe, fad agus a bhíonn an deimhniú i bhfeidhm. Déantar iarratais ar an deimhniú seo ar Fhoirm B67, agus ní mór ráiteas ó na Coimisinéirí Ioncaim a chur leis a rinneadh laistigh de dhá mhí ó dháta an iarratais agus iad ag rá go bhfuil forais réasúnacha acu creidiúint go bhfuil an ceangal sin ag an gcuideachta. Naisc Foirmeacha.  

Tá brainse cuideachta seachtraí de chuid na Ríochta Aontaithe atá cláraithe le CRO agam. An mbeidh orm clárú arís? Ní chaithfidh cuideachtaí seachtracha atá corpraithe sa Ríocht Aontaithe clárú leis an CRO arís. Nuair a fhágfaidh an Ríocht Aontaithe LEE, beidh cuideachtaí seachtracha na Ríochta Aontaithe faoi réir na gceanglas na tuairisceáin bhliantúla a chomhdú a bhaineann le reachtaíocht thír neamh-LEE. Tá feidhm ag ailt 1305/1306 d’Acht na gCuideachtaí 2014 maidir leis an tuairisceáin bhliantúla. Tá feidhm ag Alt 1304 d’Acht na gCuideachtaí 2014 maidir le hathruithe ar bith ar fhaisnéis na cuideachtaí a chur isteach. 
 
 
ÚINÉIREACHT THAIRBHÚIL 

Tá sé curtha in iúl ag an Roinn Airgeadais go meastar go ndéanfar Ionstraim Reachtúil romhainn trína sannfar freagracht dhlíthiúil ar leithligh ar Chláraitheoir na gCuideachtaí as bunú agus coimeád an chláir lárnaigh d’úinéireacht thairbhiúil cuideachtaí agus cumainn tionscail agus choigiltis (I&Ps).

Tá an obair dhlíthiúil agus theicniúil chun an clár seo a sheoladh mar a éilítear ag an 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid beagnach i gcrích. Tá sé tugtha le fios ag an Roinn Airgeadais go bhfuil sí ar an mbóthar ceart faoi láthair le go mbeadh na gnéithe den 4ú Treoir a bhaineann le húinéireacht thairbhiúil tras-suite go luath.

Meastar fós go mbeidh amfhráma fadaithe ann do chuideachtaí agus I&Panna le gur féidir leo comhdú faoi úinéireacht thairbhiúil a dhéanamh agus go gcuirfear tús leis an tréimhse sin tar éis go seolfar an clár. Is féidir ceisteanna faoi úinéireacht thairbheach a sheoladh chuig: aml@finance.gov.ie

Is féidir Ionstraim Reachtúil Uimh. 560 an 15 Samhain 2016, inar ceanglaíodh ar gach eintiteas corparáideach agus dlíthiúil faisnéis leordhóthanach, chruinn agus reatha a choimeád faoina n-úinéir(í) tairbheach(a)a aimsiú ag: http://www.irishstatutebook.ie/eli/2016/si/560/made/en/print.

Is féidir tuilleadh eolais faoi chlár lárnach na húinéireacht tairbhí a fháil ag: https://www.cro.ie/Cl%C3%A1r%C3%BA/%C3%9Ain%C3%A9ireacht-Thairbhi%C3%BAil 
 
RFS AR LÍNE

Den chéad uair beidh custaiméir RFS ábalta tairseach ar líne a rochtain chun comhdú a bhainistiú.

  • Cruthaigh eintiteas úr ar líne
  • Bain leas as táillí laghdaithe le haghaidh comhdú leictreonach
  • Comhdaigh tuairisceán bliantúil ar líne
  • Ordaigh doiciméid ar líne 
  • Comhdaigh leasuithe ar líne lena n-áirítear leasuithe páirteacha nó iomlána ar rialacha
  • Faigh meabhrúcháin maidir le comhdú
  • Déan íocaíocht ar líne i gcomhair comhdú

https://rfs.cro.ie/login;rd_url=%2Fdashboard

Please login or register to post comments.

Theme picker