Nuachtlitir 2019


Nuachtlitir R-phoist

Ligeann saoráid nuachtlitir CRO do shíntiúsóirí nuashonraithe nuachta reatha a fháil ón oifig le r-phost. Seoltar na r-phoist seo i bhformáid téacs:

1. CRO E-Zine

Ríomhfheasachán is é seo a fhoilsítear uair sa mhí. Cuireann sé síntiúsóirí ar an eolas faoi na forbairtí reatha san Oifig agus fógraíonn síntiúsóirí faoi imeachtaí atá le teacht.

2. Teachtaireachtaí Eatramhacha

Déantar an tseirbhís nuachtlitreach r-phoist a roinnt ina dhá chuid (cé go mbaintear úsáid as liosta síntiúsóirí amháin). Faigheann gach síntiúsóir seachadadh CRO E-Zine uair sa mhí. Idir an dá linn is féidir nuashonraithe sa bhreis a sheoladh do shíntiúsóirí ón Oifig más gá (teachtaireachtaí práinneacha nó a bhaineann le spriocanna).

Nuachtlitir 196 - 1ú Deireadh Fómhair 2019

AN BREATIMEACHT: TÉIGH I mBUN GNÍMH ANOIS CHUN DO GHNÓTHAS A ULLMHÚ 
Tá 30 lá fágtha go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019, an lá ar a bhfuil an Ríocht Aontaithe le himeacht ón Aontas Eorpach.

Is airde anois ná am ar bith riamh an riosca go mbeidh Breatimeacht gan mhargadh ann.

Beag beann ar an dóigh a scoirfidh an Ríocht Aontaithe den Aontas Eorpach, tiocfaidh athrú ar an dóigh a dtrádálaimid leis an Ríocht Aontaithe.

Tá Heather Humphreys TD, an tAire Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, ag tabhairt spreagadh do ghnóthais ullmhúcháin a dhéanamh láithreach do na hathruithe sin chun iad féin a chosaint a mhéid is féidir ar na dúshláin a gcruthóidh an Breatimeacht iad.

D’ullmhaigh an Roinn “Seicliosta Ullmhúcháin don Bhreatimeacht” chun cabhrú le gnóthais a dhéanamh amach cé na bearta is gá dóibh a dhéanamh láithreach chun ullmhú dó. Áirítear leis an seicliosta liosta de na tacaí atá ar fáil do ghnóthais, mar aon le sonraí teagmhála na ngníomhaireachtaí a riarann na tacaí sin. Seicliosta Ullmhúcháin don Bhreatimeacht.

Rud ba dhéanaí fós, sheol an Rialtas leabhrán dar teideal ‘Getting your Business Brexit Ready – Practical Steps’. Leagtar amach sa leabhrán seo na 9 bpríomhchéim ba cheart do ghnóthais a bhreithniú láithreach chun a chinntiú go mbeidh siad chomh hullmhaithe agus is féidir do Bhreatimeacht gan mhargadh: Getting your business Brexit ready - Practical Steps 

  • Athbhreithnigh do shlabhra soláthair agus do straitéis le haghaidh mhargadh na Ríochta Aontaithe
  • Tuig na rialacha nua le haghaidh earraí a iompórtáil chuig an Ríocht Aontaithe agus le haghaidh iad a easpórtáil aisti
  • Bí ar an eolas faoi athruithe féideartha ar iompar agus lóistíocht le haghaidh earraí a iompraítear tríd an Ríocht Aontaithe
  • Athbhreithnigh na ceanglais rialála, cheadúnúcháin agus deimhniúcháin uile atá ort
  • Athbhreithnigh do chonarthaí agus do bhainistíocht sonraí
  • Bainistigh do shreabhadh airgid, d’airgeadra agus do bhaincéireacht
  • Cosain do bhaill foirne agus coinnigh ar an eolas iad
  • Bain leas as na cláir agus tacaí Breatimeachta atá á soláthar ag an Rialtas
  • Faigh tuilleadh eolais ar an tionchar ar d’earnáil 

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin dóigh a bhféadfadh an Breatimeacht dul i gcion ar do ghnóthas, tabhair cuairt ar shuíomh Gréasáin Rialtas na hÉireann ar an mBreatimeacht ag https://www.gov.ie/ga/foilsiuchan/10902e-ag-ullmhu-do-brexit/.  

Please login or register to post comments.

Theme picker