Stopadh Gnó faoi ainm gnó
Nuair a scoirtear de ghnó faoi ainm gnó cláraithe, a bhíonn ag duine aonair, ag comhpháirtíocht nó ag comhlacht gnó, ba chóir Foirm RBN3 a chur ar aghaidh chuig an CRO laistigh de trí mhí i ndiaidh deireadh an ghnó.
Ba chóir an fhoirm a shíniú mar seo a leanas:
- Duine Aonair Ag an duine aonair. Má fhaigheann an duine seo bás, ag a (h)ionadaí pearsanta.
- Comhpháirtíocht Ag na daoine go léir a bhí ina gcomhpháirtí ar an ngnólacht nuair a cuireadh deireadh leis.
- Comhlacht Corpraithe Ag stiúrthóir nó ag leachtaitheoir.
Ní gá táille a íoc don Fhoirm RBN3.
Nasc: Foirm RBN3 Nasc: www.core.ie