Nuair a bhíonn cuideachta scriosta as an gclár agus díscaoilte ar feadh breis is 12 mhí is féidir leis an gcuideachta nó comhalta na cuideachta iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt. Moltar duit comhairle dhlíthiúil a fháil nuair a bhíonn sé beartaithe agat iarratas ar athbhunú a lorg ón gcúirt.
1ú Meitheamh 2017: Beidh feidhm ag ríomhchomhdú éigeantach maidir leis na haighneachtaí seo a leanas ón dáta sin ar aghaidh: Foirm B1 - Tuairisceán Bliantúil (lena n-áirítear ráitis airgeadais agus ríomhíocaíocht), Foirm B2 - Athrú ar oifig chláraithe, Foirm B10 - Athrú ar stiúrthóir agus/nó rúnaí, nó a sonraí, Foirm B73 - Dáta nua tuairisceáin bhliantúil a ainmniú
Ón 1 Nollaig 2016 i leith, beidh céim bhreise ag teastáil sula n-athbhunófar an chuideachta sa Chlár, is cuma cé acu is le hAthbhunú Riaracháin, le hAthbhunú Cúirte nó le hAthbhunú Mear atá an chuideachta á hathbhunú ann.
Nach bhfuil breis is 20 bliain imithe thart ó díscaoileadh na cuideachta, is féidir leis an gcuideachta nó comhalta na cuideachta iarratas a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt chun an chuideachta a athbhunú chuig an gclár
Scriosadh deonach
I gcás gur scriosadh an chuideachta as an gclár go deonach agus nuair a bhíonn sé beartaithe aici iarratas ar athbhunú a dhéanamh chuig an gcúirt, de bhun ailt 738-743 d’Acht na gCuideachtaí 2014, caithfidh an stiúrthóir na bearta seo a leanas a dhéanamh, nó an comhalta atá ag cur an iarratais isteach nó aturnae atá ag gníomhú thar ceann na cuideachta:
Scriosadh neamhdheonach
Cuimsíonn scriosadh neamhdheonach cuideachtaí a scriostar as an gclár nuair a theipeann orthu tuairisceáin bhliantúla a chomhdú leis an CRO nó ráiteas a sheachadadh do na Coimisineirí Ioncaim.
I gcás gur scriosadh an chuideachta as an gclár go neamhdheonach, cuirtear iarratas isteach le hí a athbhunú faoi ailt 738-743 Acht na gCuideachtaí 2014. Ní mór don stiúrthóir, do chomhalta nó d’aturnae atá ag gníomhú thar ceann na cuideachta na bearta seo a leanas a dhéanamh.
Litir a chur faoi bhráid Rannóg Fhorfheidhmithe na CRO ag iarraidh deimhnithe a fháil go dtacaíonn Cláraitheoir na gCuideachtaí le hathbhunú na cuideachta.
Eiseoidh an CRO litir a thacaíonn leis an gcuideachta a athbhunú, faoi réir an ordú athbhunaithe, lena n-áirítear foráil go rachaidh an litir i léig má theipeann ar an iarrthóir í a sheachadadh do Chláraitheoir na gCuideachtaí tráth nach déanaí ná 28 laethanta ón dáta ar a fógraíodh an t-ordú
Déanfar iarratas chun na hArd-Chúirte faoi alt 738 iar bhfógra don Chláraitheoir, don Aire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe agus do na Coimisinéirí Ioncaim.
Nuair a dhéantar ordú Ard-Chúirte le cuideachta a athbhunú, seol cóip dhearbhaithe den ordú chuig an CRO2, in éineacht leis an táille chomhdaithe, tráth nach déanaí ná 28 laethanta ón dáta ar a fógraíodh an t-ordú.
Mura mbíonn na tuairisceáin bhliantúla faighte ag an CRO, ní mór iad a thaisceadh anois gan mhoill in éineacht leis an bpionós comhdaithe déanach. I gcás nach ndéantar é seo laistigh den tréimhse ama shonraithe (an ordú cúirte), ní athbhunófar an chuideachta chuig an gclár.
Ní bheidh éifeacht ag ordú athbhunaithe na Cúirte ach amháin nuair a sheachadtar don CRO na tuairisceáin a bhíonn fós le comhdú, lena n-áirítear na cuntais, tráth nach déanaí ná 28 laethanta amháin ó dháta an ordaithe. I gcás nach ndéantar é seo laistigh den tréimhse ama shonraithe, ní athbhunófar an chuideachta chuig an gclár.
Is féidir doiciméid aischuir agus agóidí ar bhaint de (foirmeacha H16/H17) a sheoladh chuig Oifig Theach Bloom le haghaidh clárúcháin. Seol leathanaigh shínithe le do thoil (tuairisceáin bhliantúla do chuideachtaí a lánscoireadh) go díreach chuig: An Rannóg Fhorfheidhmithe, CRO, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1 maidir le hiarratas aischuir. Déanfaidh sé seo an próiseas clárúcháin níos tapa.
Mar chríoch, ní mór don iarratasóir cóip oifigeach den Ordú Cúirte a chuireann an chuideachta ar ais ar an gclár, in éineacht leis an táille chomhdaithe €15, a thabhairt don CRO le clárú chomh luath agus atá sé ar fáil ó Oifig na Cúirte.
Ní féidir ainm na cuideachta a chur ar ais ar an gclár ach amháin go dtaiscfear an tOrdú in am tráthúil leis an CRO. De réir cleachtais, ciallaíonn sé sin nach mór don CRO cóip oifige an Ordaithe chun Cur ar Ais a fháil laistigh de thrí mhí tar éis an dáta fógartha ag an mBreitheamh. Mura dtaiscfear an t-ordú in am, beidh iarratas úr ar chur ar ais de dhíth.
Ní féidir le creidiúnaí an nós imeachta H1 a úsáid, ach is féidir leis iarratas a chur isteach don Chúirt am ar bith tar éis dháta díscaoilte na cuideachta (is é sin, níl aon cheanglas go bhfuil ar an gcreidiúnaí fanacht go dtí go bhfuil an tréimhse H1 de 12 mhí caite roimh iarratas ar chur ar ais a thabhairt) suas go dtí go bhfuil 20 bliana caite ó dháta díscaoilte na cuideachta.
I gcás cuideachta a scriosadh as an gclár go deonach, is féidir le creidiúnaí iarratas ar an gcuideachta a athbhunú a dhéanamh chuig an Ard-Chúirt, de bhun alt 738 d’Acht na gCuideachtaí 2014.
Ní mór don chreidiúnaí na bearta seo a leanas a dhéanamh:
(a) Litir a chur faoi bhráid Rannóg Fhorfheidhmithe na CRO ag iarraidh deimhnithe a fháil go dtacaíonn Cláraitheoir na gCuideachtaí le hathbhunú na cuideachta.
Litir a fháil ó Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit, thar ceann an Roinn Caitheachais Phoiblí agus Athchóirithe, a shonraíonn go dtacaítear go hiomlán leis an gcuideachta a athbhunú.
I gcás gur scriosadh an chuideachta as an gclár go neamhdheonach toisc gur theip uirthi tuairisceáin bhliantúla a chomhdú, nó ceanglais na gCoimisinéirí Ioncaim a chomhlíonadh, is féidir le creidiúnaí iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Chuarda nó an Ard-Chúirt de bhun ailt 738-743 d’Acht na gCuideachtaí 2014.
Ní mór don chreidiúnaí 20 nó a (h)aturnae na bearta seo a leanas a dhéanamh:
Beidh an litir seo ón gCláraitheoir nach bhfuil agóid ann ar choinneáil go dtabharfaidh an t-iarratasóir fógra d’oifigigh na cuideachta, agus go háirithe de théarmaí alt 12B(6) d’Acht na gCuideachtaí (Leasú) 1982, a fhorálann go ndéanfaidh an Chúirt, agus í ag déanamh ordaithe chun an chuideachta a chur ar ais ar iarratas creidiúnaí, ordú a thabhairt do chomhalta amháin nó comhaltaí nó oifigigh sonraithe na cuideachta le gach tuairisceán bliantúil atá amuigh a thabhairt don chláraitheoir laistigh de thréimhse shonraithe.
Ainmneacha agus seolta oifigigh na cuideachta a taifeadadh go deireanach, de réir chlár CRO, is féidir iad a fháil amach ó Aonad Forfheidhmithe CRO, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1.
Cur Isteach Ordú na Cúirte
Ní mór don chreidiúnaí cóip oifigeach den Ordú Cúirte mar aon leis an táille chomhdaithe a thabhairt don CRO le clárú chomh luath agus atá sé ar fáil ó Oifig na Cúirte.
Ní féidir ainm na cuideachta a chur ar ais ar an gclár ach amháin go dtaiscfear an tOrdú in am tráthúil leis an CRO. De réir cleachtais, ciallaíonn sé sin nach mór don CRO cóip oifige an Ord chun Cur ar Ais a fháil laistigh de thrí mhí tar éis an dáta fógartha ag an mBreitheamh. Mura dtaiscfear an t-ordú in am, beidh iarratas úr ar chur isteach de dhíth.
Má díscaoileadh cuideachta i ndiaidh Leachtaithe, tá ordú cúirte riachtanach chun an chuideachta a chur ar ais ar an gclár. Is féidir cur ar ais a dhéanamh de réir alt 708 d’Acht na gCuideachtaí 2014 laistigh de dhá bhliain tar éis an díscaoilte.