Foirceannadh

Is féidir cuideachta a fhoirceannadh le:

I dtromlach na gcásanna, ceaptar leachtaitheoir atá faoi cheanglas cuntais a chomhdú de réir forálacha Achtanna na gCuideachtaí. Déanfar cuideachta a dhíscaoileadh a bhfuil dáta éifeacht air trí mhí tar éis dháta cláraithe na ndoiciméad deiridh, nó nuair a ordaíonn an chúirt a dhíscaoileadh tar éis foirceanta ag leachtaitheoir oifigeach.

Ceapadh mar Leachtaitheoir

Faoi Achtanna na gCuideachtaí roimhe seo, ní raibh aon cháilíochtaí foirmiúla riachtanach don cheapachán mar leachtaitheoir.  Faoi Acht nua na gCuideachtaí, tá cáilíochtaí de dhíth maidir le duine a cheapadh mar leachtaitheoir nó mar iniúchóir. Ní bheidh duine cáilithe lena cheapadh mar leachtaitheoir/scrúdaitheoir ar chuideachta mura dtiocfaidh sé nó sí faoi alt sa Tábla a ghabhann le halt 633 d'Acht na gCuideachtaí.

Is féidir le leachtaitheoir (lena n-áirítear leachtaitheoir sealadach) leanúint ar aghaidh ag gníomhú i bhfoirceannadh áit a ndearnadh an ceapachán roimh thosach feidhme Acht na gCuideachtaí 2014. (.i. Ní dhéanann an tAcht nua difear do cheapadh leachtaitheora in aon chás ar cuireadh tús leis roimh an Acht nua).

Má tá leachtaitheoir ag déanamh iarratais ar ghníomhú mar leachtaitheoir cuideachta faoi chatagóir 5 (Duine a bhfuil Cleachtadh aige nó aici) is féidir leis an leachtaitheoir leanúint ar aghaidh ag gníomhú mar leachtaitheoir cuideachta i gcás ina ndearnadh an ceapachán roimh thabhairt isteach an Achta nua, fiú sa chás inar diúltaíodh don iarratas sin. (.i. ní dhéanann an tAcht nua difear do cheapadh leachtaitheora in aon chás ar cuireadh tús leis roimh an Acht nua). 

Foirceannadh a Thiontú

Ní féidir ach an Ard-Chúirt rún le haghaidh foirceanta a thiontú nuair a ritear é Chun cuideachta a thiontú ar stádas Normálta agus tús a chur le trádáil arís, ní mór cóip d’ordú na cúirte a chomhdú. Tá táille chomhdaithe €15 ar ordú cúirte.

I bhfoirceannadh ag an gcúirt, is féidir ordú a cheadú faoi alt 669 d’Acht na gCuideachtaí 2014, a léiríonn -

Féadfaidh an leachtaitheoir nó aon ranníocóir nó creidiúnaí iarratas a dhéanamh chun na cúirte á iarraidh uirthi aon cheist a éireoidh i bhfoirceannadh cuideachta a chinneadh, nó gach ceann nó aon cheann a fheidhmiú, maidir le glaoch a chur i bhfeidhm nó aon ní eile, de na cumhachtaí a d'fhéadfadh an chúirt a fheidhmiú dá mba ag an gcúirt a bhí an chuideachta á foirceannadh.

Más deimhin leis an gcúirt go mbeidh sé cóir agus tairbheach an cheist a chinneadh nó an chumhacht a iarradh a fheidhmiú, féadfaidh sí géilleadh don iarratas, go hiomlán nó go páirteach, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí léi, nó féadfaidh sí cibé ordú eile is cóir léi a dhéanamh de bhun an iarratais.

Cuirfidh an chuideachta ar aghaidh láithreach chuig cláraitheoir na gcuideachtaí lena clárú cóip oifige d'ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo ag neamhniú an rún chun foirceannadh a dhéanamh nó ag cur bac ar na himeachtaí san fhoirceannadh.