Ceapadh Leachtaitheora agus é dó í do chur as oifig

 Foirceannadh toilteanach ag comhaltaí.

Tar éis cheapadh leachtaitheora cuideachta faoi alt 583 i bhfoirceannadh toilteanach ag comhaltaí, féadfaidh an chuideachta, i gcruinniú ginearálta, ag cruinniú arna thionól chun na críche sin 

  • an leachtaitheoir a chur as oifig;
  • leachtaitheoir a cheapadh lena chur in ionad an leachtaitheora atá ann nó gníomhú leis nó léi; nó
  • leachtaitheoir a cheapadh chun folúntas a líonadh in oifig an leachtaitheora.

Féadfaidh duine díobh seo cruinniú ginearálta den chuideachta a thionól chun críche leachtaitheoir a chur as oifig nó a cheapadh lena chur in ionad an leachtaitheora atá ann nó gníomhú leis nó léi, ar fhógra 10 lá dá comhaltaí:

• aon chomhalta di ag a bhfuil údarás i scríbhinn ó líon nach lú ná an deichiú cuid de na comhaltaí; Nó 
• leachtaitheoir atá ann cheana féin;

nó, chun críche leachtaitheoir a cheapadh chun folúntas san oifig a líonadh, féadfaidh duine díobh seo cruinniú ginearálta den chuideachta a thionól, ar fhógra 10 lá dá comhaltaí:

(i) aon chomhalta di ag a bhfuil an t-údarás thuasluaite i scríbhinn;
(ii) leachtaitheoir atá ann cheana féin; nó
(iii) aon ranníocóir.

Beidh na cumhachtaí a thugtar don chuideachta faoi réir aon ordú a fhéadfaidh an chúirt a dhéanamh maidir leis an ábhar ar iarratas chuici ó aon ranníocóir nó leachtaitheoir atá ann cheana féin.

Ba chóir foirm E2b a chomhdú maidir le leachtaitheoir a chur as oifig agus foirm E2c a chomhlánú chun críche an leachtaitheoir ionaid a cheapadh. 

Nasc: Foirmeacha 
 
Foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe.

Beidh feidhm ag an alt seo tráth ar bith tar éis cheapadh leachtaitheora cuideachta faoi alt 588 i bhfoirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe. I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, féadfaidh na creidiúnaithe, ag cruinniú arna thionól chun na críche sin, le rún tromlach, ar bhonn luach amháin, de na creidiúnaithe atá i láthair go pearsanta nó trí sheachvótálaí, agus atá ag vótáil ar an rún, na cumhachtaí seo a leanas a fheidhmiú.

Is iad cumhachtaí sin na gcreidiúnaithe – 

  • an leachtaitheoir a chur as oifig;
  • leachtaitheoir a cheapadh lena chur in ionad an leachtaitheora atá ann cheana féin nó gníomhú leis nó léi;
  • leachtaitheoir a cheapadh chun folúntas a líonadh in oifig an leachtaitheora.

Féadfar cruinniú de chreidiúnaithe na cuideachta a thionól, ar fhógra 10 lá do na creidiúnaithe, ag aon chreidiúnaí dá cuid ag a bhfuil údarás i scríbhinn ó líon nach lú ná an deichiú cuid de na creidiúnaithe nó leachtaitheoir atá ann cheana féin. Beidh na cumhachtaí a thugtar do na creidiúnaithe faoi réir aon ordú a fhéadfaidh an chúirt a dhéanamh maidir leis an ábhar ar iarratas chuici ó aon chreidiúnaí nó leachtaitheoir atá ann cheana féin. 

Foirceannadh Cúirte

In aon fhoirceannadh, féadfaidh an chúirt, ar iarratas ó chomhalta, creidiúnaí, leachtaitheoir nó an Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach nó uaithi féin –

  • leachtaitheoir a cheapadh más amhlaidh, ar chúis ar bith, nach bhfuil aon leachtaitheoir ag gníomhú;
  • ar chúis a shuíomh, leachtaitheoir a chur as oifig agus leachtaitheoir eile a cheapadh.

I gcás go ndéanfaidh an chúirt ordú, féadfaidh sí cibé ordacháin iarmhartacha is cuí léi a thabhairt, lena n-áirítear ordacháin maidir le seachadadh agus aistriú an tséala, na leabhar, na dtaifead agus aon mhaoin de chuid na cuideachta. 

Leachtaitheoir d'éirí as oifig.

I bhfoirceannadh ar bith, féadfaidh leachtaitheoir éirí as oifig. I gcás ina n-éireoidh leachtaitheoir as oifig, tabharfaidh sé nó sí fógra i scríbhinn ina thaobh sin, laistigh de 2 lá tar éis dó nó di éirí as, don Chláraitheoir (ar an bhFoirm E2a) agus don Stiúrthóir um Fhorfheidhmiú Corparáideach agus, laistigh de 14 lá tar éis dó nó di éirí as oifig

(a) i gcás foirceannadh ag an gcúirt, don chúirt agus –
(i) más rud é go bhfuil coiste iniúchta ceaptha – do chomhaltaí den choiste sin; nó
(ii) mura bhfuil aon choiste iniúchta ceaptha – do chreidiúnaithe na cuideachta;

(b) i gcás foirceannadh toilteanach ag creidiúnaithe –
(i) más rud é go bhfuil coiste iniúchta ceaptha – do chomhaltaí den choiste sin; nó
(ii) mura bhfuil aon choiste iniúchta ceaptha – do chreidiúnaithe na cuideachta; nó
(c) i gcás foirceannadh toilteanach ag comhaltaí – do chomhaltaí na cuideachta.

Foirm E2A – Fógra maidir le hÉirí as Oifig an leachtaitheora
Má tá an leachtaitheoir éirithe as faoi alt 635 (5) (le Foirm E2A), d'fhéadfaí nach mór fógra a chur chuig an IAASA freisin. Baineann alt 635 le dícháiliú sonrach i leith gníomhú mar leachtaitheoir. Tá an fógra riachtanach más amhlaidh go raibh an duine údaraithe de bhun mhír 5 den Tábla a ghabhann le halt 633 chun a bheith ceaptha mar leachtaitheoir.  
 
Fógraí agus comhdú i leith ceapachán agus cur as oifig.

Déanfaidh cathaoirleach aon chruinnithe ag a gceapfar leachtaitheoir nó ag a gcuirfear leachtaitheoir as oifig, i ndiaidh an chruinnithe, fógra i scríbhinn a sheachadadh láithreach ar an leachtaitheoir maidir le ceapachán an leachtaitheora nó an leachtaitheoir do chur as oifig, mura rud é go raibh an leachtaitheoir nó a ionadaí nó a hionadaí a bhí údaraithe go cuí i láthair ag an gcruinniú inar ritheadh an rún lena mbaineann.

Más amhlaidh nach dtoghfar cathaoirleach ag an gcruinniú, is é nó í an duine a bheidh mar chathaoirleach an chruinnithe an té arbh é nó í an sínitheoir nó an chéad sínitheoir, de réir mar a bheidh, ar an bhfógra lenar tionóladh an cruinniú.

Cathaoirleach an chruinnithe ag a gcuirfear leachtaitheoir as oifig, déanfaidh sé nó sí, i ndiaidh an chruinnithe, Foirm E2b a sheachadadh láithreach ar an gCláraitheoir maidir le leachtaitheoir a chur as oifig agus foirm E2c arna comhlánú chun críche an dara leachtaitheoir a cheapadh.

Foirm E2 (Fógra Ceapacháin – Leachtú Comhaltaí nó Creidiúnaithe)
Déanfaidh an leachtaitheoir, tar éis fógra a cheapacháin nó a ceapacháin (i gcás foirceannadh toilteanach ag comhaltaí nó creidiúnaithe) fógra maidir lena cheapachán nó a ceapachán a sheachadadh láithreach ar an gCláraitheoir san fhoirm E2. Ba chóir an fhoirm sin a chur isteach laistigh de 14 lá ó thráth an cheapacháin. I gcás leachtú cúirte, níl aon ghá foirm E2 a chur isteach. Ina hionad sin, cuirtear isteach cóip den ordú cúirte.

Ordú Cúirte (Fógra Ceapacháin – Leachtú Cúirte)
I gcás ina ndéanfar ordú chun leachtaitheoir a cheapadh nó a chur as oifig –

  • déanfaidh an t-iarratasóir ar an ordú; nó
  • i gcás ina bhfuil an t-ordú á dhéanamh ag an gcúirt uaithi féin, déanfaidh cibé oifigeach cúirte a bheidh forordaithe, tar éis dhéanamh an ordaithe, fógra i scríbhinn a sheachadadh nó a chur faoi deara a sheachadadh láithreach maidir le ceapachán nó cur as oifig an leachtaitheora, mura rud é go mbeidh an leachtaitheoir nó a ionadaí nó a hionadaí atá údaraithe go cuí i láthair sa chúirt nuair a dhéantar an t-ordú.

I gcás ina ndéanfar ordú chun leachtaitheoir a cheapadh nó a chur as oifig, cuirfidh cibé oifigeach de chuid na cúirte a bheidh forordaithe faoi deara láithreach, tar éis dhéanamh an ordaithe, go dtabharfar don Chláraitheoir cibé sonraí den ordú a bheidh forordaithe.

Nasc: Foirmeacha