Foirceannadh ag an gCúirte

Is féidir leis an gCúirt foirceannadh a dhéanamh ar chuideachta go príomha ar chomhairle aon chomhalta nó aon chreidiúnaí de chuid na cuideachta nó ar chomhairle an Aire i gcúinsí iomchuí. Ceapann an Chúirt an leachtaitheoir agus tiocfaidh sé nó sí chun bheith ina oifigeach nó ina hoifigeach de chuid na Cúirte agus oibríonn sé nó sí faoina maoirseacht. (Ciallaíonn an Chúirt, i ndáil le cuideachta, an Ard-Chúirt). Féadfaidh an chúirt a ordú go leanfar leis an leachtú trí bhíthin na rialacha a bhaineann le Foirceannadh Toilteanach ag Creidiúnaithe.

Ceanglais reachtúla
Ní mór achainí a thíolacadh chun na Cúirte. Ní mór don leachtaitheoir, nuair a cheapfar é nó í, fógra ceapacháin a fhoilsiú san Iris Oifigiúil (alt 586, faoi nósanna imeachta um fhoirceannadh ag creidiúnaithe). Ní mór cóip d'aon ordú eile ina dhiaidh sin lena ndéantar neamhniú nó lena gcuirtear bac ar fhoirceannadh nó lena ndéantar an chuideachta a dhíscaoileadh a chur ar fáil chomh maith lena clárú. 

Cuirtear foirm E3 isteach anois i gcás foirceannadh cúirte agus i gcás foirceannadh toilteanach faoi alt 680(4) d'Acht na gCuideachtaí 2014. Níl gá le foirm E3, cuntas leachtaitheora ar a chuid nó a cuid déileálacha, más amhlaidh go leanann an foirceannadh ar aghaidh ar feadh tréimhse is giorra ná 12 mhí. Má leanann an foirceannadh ar aghaidh ar feadh tréimhse níos faide, áfach, ní mór Foirm E3 a chomhdú don chéad 12 mhí, agus do gach tréimhse bheacht de 12 mhí ina dhiaidh sin. Ní gá aon tréimhse níos giorra go dtí dáta an chruinnithe dheiridh a bheith clúdaithe le foirm E3. 
 
Tá sé de dhualgas ar an leachtaitheoir a ghairm, agus fógra 7 lá á thabhairt ina leith, reáchtáil na gcruinnithe seo a leanas –

(i) más rud é go bhfuil coiste iniúchta ceaptha – cruinniú den choiste iniúchta; nó
(ii) mura bhfuil coiste iniúchta ceaptha, cruinniú de chreidiúnaithe na cuideachta, ar lá nach déanaí ná 28 lá tar éis an chothroim lae lena mbaineann;
agus a leagan faoi bhráid an chruinnithe sin cuntas ar a chuid nó a cuid gníomhartha agus déileálacha agus ar sheoladh an fhoirceanta i rith na bliana roimhe sin. Laistigh de 7 lá tar éis dháta an chruinnithe sin, seolfaidh an leachtaitheoir cóip den chuntas thuasluaite chuig an gCláraitheoir. I gcás ina ndéanfar cruinniú den choiste iniúchta a thionól, féadfaidh an coiste sin, le rún, a ordú don leachtaitheoir cruinniú de chreidiúnaithe na cuideachta a thionól agus, má thugtar ordú den sórt sin, cuirfidh an leachtaitheoir faoi deara go ndéanfar an cruinniú sin a thionól agus a sheoladh tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis dháta an rúin sin.

Ag brath ar an méid a shonrófar san ordú cúirte chun an leachtaitheoir a cheapadh, cuirtear isteach foirm E4 agus foirm E3. Féadfaidh an chúirt, uaithi féin, ordú a dhéanamh á cheangal ar an leachtaitheoir, cibé tráth a mbeidh cúrsaí na cuideachta foirceanta go hiomlán, iarratas ar dhíscaoileadh na cuideachta a dhéanamh. Más rud é nach ndéanfar ordú á ordú sin, ba chóir an nós imeachta do leachtú trí bhíthin chruinniú deiridh na gcreidiúnaithe a leanúint.

Má shonraítear san ordú go leanfar modh na gcreidiúnaithe:
Níl gá le foirm E4, mionnscríbhinn leachtaitheora agus cuntais faoi alt 681, más amhlaidh go leanfaidh an foirceannadh ar aghaidh ar feadh tréimhse is giorra ná 12 mhí. Más amhlaidh go leanfaidh an foirceannadh ar aghaidh níos faide, áfach, ní mór Foirm E4 a chomhdú don chéad tréimhse 12 mhí agus gach tréimhse sé mhí ina dhiaidh sin, agus aon tréimhse níos giorra, suas go dtí dáta dheireadh an fhoirceanta (dáta an chruinnithe dheiridh ar Fhoirm E7). Gearrtar táille comhdaithe €15 ar Fhoirm E4. Ní mór an fhoirm E4 a chur isteach chuig an CRO laistigh de 14 lá tar éis an chothroim bliana.

Cuirtear isteach Foirm E7, Tuairisceán ar chruinnithe deireanacha na gcomhaltaí agus na gcreidiúnaithe, nuair a bhíonn an foirceannadh curtha i gcrích agus bíonn ráiteas iomlán cuntais ag gabháil leis ina gclúdaítear ré an leachtaithe (Foirm E5). Ní mór an cruinniú deiridh a thionól le fógra ar a laghad 28 lá i scríbhinn tugtha roimh ré. Ní gá fógra a chur i nuachtán.

Má shonraítear san ordú go bhfuil an t-ordú díscaoilte le lorg:
Ní mór E4 a chur isteach maidir le tréimhse ag tosú ón dáta ar ar tíolacadh an achainí chun na Cúirte nó ón dáta ar ar ceapadh an leachtaitheoir, agus ní mór í a chomhlánú cothrom le dáta 12 mhí ó thosach an fhoirceanta, agus, thairis sin, ní mór Foirm E4 a chur isteach maidir le gach tréimhse 6 mhí ina dhiaidh sin, agus aon tréimhse níos giorra suas go dtí an dáta atá ar dheimhniú deiridh an scrúdaitheora (más ann), nó go dtí an dáta ar a ndíscaoilfear an chuideachta de bhun Ordú Cúirte.

Gearrtar táille comhdaithe €15 an ceann ar Fhoirmeacha E3, E4, E7, agus E5. Gearrtar táille comhdaithe €15 ar ordú cúirte agus ar dheimhniú scrúdaitheora freisin. Nasc: Foirmeacha 

Díscaoileadh de bhun Ordú Cúirte
Cuirfear an foirceannadh i gcrích nuair a bheidh an t-ordú cúirte lena bhfuil an chuideachta á díscaoileadh, deimhniú an scrúdaitheora, más ann, agus an Fhoirm E4 dheiridh taiscthe leis an CRO. Nuair a dhéanfaidh an Chúirt ordú maidir le díscaoileadh cuideachta, d'fhéadfadh sí a ordú go ndéanfar an chuideachta a dhíscaoileadh ón dáta ar a gcuirfear an t-ordú faoi bhráid an CRO.

Díscaoileadh de bhun Nós Imeachta Creidiúnaithe
3 mhí tar éis chlárú na ndoiciméad deiridh – foirm E7 agus foirm E5, meastar go bhfuil an chuideachta díscaoilte. Is féidir an díscaoileadh a chur ar neamhní laistigh de 2 bhliain faoi alt 708 d'Acht na gCuideachtaí 2014. Ní mór cóip den ordú cúirte a sheoladh chuig an CRO (leis an táille comhdaithe €15) agus athraítear stádas na cuideachta ar ais chuig 'faoi Leachtú'.

Is féidir an díscaoileadh a chur ar neamhní laistigh de 2 bhliain faoi alt 708 d'Acht na gCuideachtaí 2014. Ní mór cóip den ordú cúirte a sheoladh chuig an CRO (leis an táille comhdaithe €15) agus athraítear stádas na cuideachta ar ais chuig 'faoi Leachtú'. Is féidir le haon pháirtí leasmhar, laistigh de na 3 mhí tar éis an dáta a fhaightear/a chláraítear na foirmeacha deiridh, iarratas a dhéanamh ar an díscaoileadh a chur siar. Ba chóir aon ordú arna dhéanamh a chur faoi bhráid an CRO go pras, nó d'fhéadfadh an chuideachta a bheith díscaoilte. Gearrtar táille comhdaithe €15 ar ordú cúirte.

Amharc ar Chuardach

Iontráil Cuardach Daoine Dícháilithe/Srianta