Athrú ar oifig chláraithe

Éilítear ar gach cuideachta de réir dlí, oifig chláraithe a bheith aici sa dlínse. Seoltar na doiciméid oifigiúla, fógraí agus páipéir chúirte ar fad chuig an seoladh seo de réir dlí.

Ní uimhir bhosca oifig phoist amháin

Ní mór suíomh fisiceach a bheith i gceist, agus ní uimhir bhosca oifig phoist amháin, toisc go bhfuil sé de cheart ag daoine cuairt a thabhairt ar oifig chláraithe na cuideachta le scrúdú a dhéanamh ar chláir agus doiciméid áirithe nó le doiciméid a sheachadadh de láimh.

Caithfear seoladh poist iomlán sa Stát a thabhairt inar féidir leis an tseirbhís poist post a sheachadadh go réidh.

Athrú ar oifig chláraithe

Cuireann cuideachta athrú seolta in iúl don CRO trí Fhoirm B2 a chomhlánú agus a sheoladh isteach tráth nach déanaí ná 14 lá ón dáta athraithe. Is féidir an fhoirm a chomhdú saor in aisce tríd an leagan gréasáin a chomhlánú ar https://core.cro.ie. Is cion é nuair nach gcuirtear an t-athrú seo in iúl don CRO. Cóip Leictreonach saor ar https://core.cro.ie

Ghníomhaire Oifigí Cláraithe

Faoi alt 50(4) d'Acht na gCuideachtaí 2014, féadfar oifig chláraithe cuideachta a chur faoi chúram gníomhaire a bhfuil oifig aige nó aici sa Stát agus atá údaraithe chuige sin ag Cláraitheoir na gCuideachtaí.

Chun a bheith ina Ghníomhaire Oifigí Cláraithe (GOC) ceadaithe:

  • ní mór don ghníomhaire Foirm B81 a chomhdú leis an CRO.
  • ní mór don ghníomhaire a bheith ina chuideachta atá cláraithe in Éirinn 
  • beidh uimhir chuideachta an ghníomhaire ina huimhir aitheantais GOC ansin.

Cuideachtaí ar mian leo úsáid a bhaint as seoladh an ghníomhaire mar oifig chláraithe acu, ní mór dóibh toiliú le ceapachán an ghníomhaire mar GOC dá gcuid trí ainm, uimhir agus seoladh an ghníomhaire chláraithe a chur san áireamh ar an bhFoirm B2 (athrú ar oifig chláraithe) nó ar fhoirm A1 (doiciméad um chorprú) nó ar choibhéis fhoirm A1 (foirmeacha SE nó foirm Q). Ní mór go mbeadh an fhoirm cheapacháin sínithe ag oifigeach de chuid na cuideachta agus ní mór í a chomhdú leis an CRO.

Tar éis cheapadh an GOC, más amhlaidh go gcuirfidh an GOC Foirm B2 isteach chun a sheoladh féin a nuashonrú, déanfar nuashonrú freisin ar sheoladh oifig chláraithe na gcuideachtaí bainteacha gan aon ghá a bheith ann foirmeacha aonair B2 a chur isteach. Ní dhéanfar nuashonrú ach ar chuideachtaí a sholáthair toiliú sonrach i leith an cheapacháin. Na cuideachtaí atá faoi chúram an GOC ach nach bhfuil toiliú sonrach comhdaithe acu maidir le ceapadh an GOC, ní dhéanfar iad a nuashonrú.

Tabhair faoi deara: Is féidir le gach cuideachta ceapachán Gníomhaire Oifigí Cláraithe a scor ach foirm B2 a chur isteach chun a seoladh a nuashonrú, agus an fhoirm a bheith sínithe ag oifigeach de chuid na cuideachta. Ní féidir le Gníomhaire Oifigí Cláraithe éirí as an bpost, toisc nach mór do gach cuideachta oifig chláraithe a bheith aici i gcónaí. Ní féidir an clár a nuashonrú ach amháin trí sheoladh nua a chur isteach.