Eisiúint Réamheolaire

Leagann an rannóg seo na nósanna imeachta chun réamheolairí a chlárú. Chun críocha Acht na gCuideachtaí 2014, ciallaíonn réamheolaire aon réamheolaire, fhógra, chiorclán, nó chuireadh eile, a thairgeann don phobal le liostáil nó le ceannach aon scaireanna nó bintiúr cuideachta.

Comhdú Réamheolaire

Comhdaítear Réamheolaire don CRO  (is leis an láithreoir an fhreagracht le cinntiú cén cuid de reachtaíocht faoina bhfuil réamheolaire á chomhdú)

An Banc Ceannais  is ea an t-údarás inniúil chun Réamheolairí a cheadú faoi na rialacháin seo ( I.R. 380 de 2019)

Reachtaíocht: Acht na gCuideachtaí 2014

Doiciméid a thairiscint arna ullmhú do thairiscint áitiúil, tairiscint urrús don phobal sa Stát i gás a bhfuil teorann sainithe níos lú ná €5,000,000 ag an tairiscint ar mhéid an bhreithnithe iomlán. Déantar na doiciméid tairiscintí áitiúla a chlárú go díreach leis an CRO ar nó roimh an dáta foilsithe. Deir Alt 1361(4) den Acht " No offering document prepared for local offer shall be issued by or on behalf of a PLC or in relation to an intended PLC unless, on or before the date of its publication, a copy of the offering has been delivered to the registrar of companies". (níl leagan Gaeilge ann). Ní mór Foirm B18a a úsáid chun réamheolaire a chomhdú faoin reachtaíocht seo agus is féidir í a íoslódáil ónár láithreán gréasáin. (€15 an táille chomhdaithe)

Nasc: Foirmeacha