Mheabhrán agus de na hairteagail chomhlachais a athrú

Rúin speisialta/Gnáthrúin

Foirm G1/G2 (rúin)

(a) Rúin speisialta/Gnáthrúin (seachas rúin le haghaidh ainm a athrú) a chuirtear i láthair le hiad a chomhdú, ní mór iad a chló nó a chlóscríobh agus an dáta a chur orthu.

Ní mór Foirm B4 a chur isteach freisin nuair a thagann méadú ar an scairchaipiteal de bharr rúin. Ní mór Foirm B7 a chur isteach freisin nuair a dhéantar an scairchaipiteal a chealú (seachas de bharr ordaithe cúirte), a chomhdhlúthú, a fhoroinnt nó a fhuascailt.

Is ionann an chuideachta TEO agus leagan simplithe den chuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna. Ní bhíonn aon mheabhrán comhlachais ag bunreacht cuideachta den sórt sin ach beidh airteagail luaite ina bunreacht aici go fóill. Toisc nach bhfuil meabhrán aici, níl aon chuspóirí luaite ina bunreacht, rud a fhágann gur féidir léi dul i mbun gníomhaíochta ar bith a cheadaítear.

Nasc: Foirmeacha  Nasc: Táillí CRO

Rún speisialta le haghaidh ainm a athrú (Foirm G1Q)

Ní mór rúin speisialta le haghaidh ainm a athrú (Foirm G1Q) a chló nó a chlóscríobh agus an dáta a chur orthu agus ní mór an t-ainm cuideachta céanna a úsáid a bhíonn scríofa ar an deimhniú ionchorpraithe. Ní chóir rún ar bith eile a lua ar an bhfoirm seo. Ní mór cóip den mheabhrán agus de na hairteagail chomhlachais athcheartaithe, a thaispeánann ainm nua na cuideachta, a chur isteach in éineacht leis an bhfoirm agus an rún.

Rúin a leasaíonn an meabhrán agus/nó na hairteagail chomhlachais de chuid cuideachta teoranta, ní mór téacs leasaithe a chur isteach leo ina ionchorpraítear na hathruithe ar fad a tharla ón am a comhdaíodh an meabhrán bunaidh agus na hairteagail chomhlachais bhunaidh.

Baineann na ceanglais ghinearálta seo a leanas:

  • ní mór iad a chló nó a chlóscríobh.
  • Ní mór téacs iomlán agus suas chun dáta an mheabhráin agus na n-airteagal araon a bheith sa doiciméad, lena n-áirítear sonraí an tsíntiúsóra i ngach cás.
  • Ní mór gach athrú a cuireadh i bhfeidhm ó am corpraithe na cuideachta a chorprú sa téacs.
  • Ní mór cóip den mheabhrán agus de na hairteagail chomhlachais athcheartaithe, a thaispeánann ainm nua na cuideachta, a chur isteach in éineacht leis an bhfoirm agus an rún.

Ní ghlactar le hathruithe lámhscríbhinne. Ní mór ord uimhriúil ceart na n-alt a choimeád. Ní ghlactar le doiciméad atá doléite nó go mbeadh deacrachtaí lena scanadh nó lena chóipeáil. Ní ghlactar le fótachóipeanna de théacs ach amháin go bhfuil an cló soléite agus in-athchóipeáilte agus inscanta go sásúil.