Cuideachta


Cuireann Acht na gCuideachtaí 2014 líon dualgas ar chuideachtaí chun tuairisceáin a dhéanamh laistigh de theorainneacha ama sonraithe. Leagann na hailt seo a leanas príomhcheanglais iarchorpraithe na gcuideachtaí in éineacht le nósanna imeachta chun athrú ar ainm a chlárú agus ceanglais chun na tuairisceáin reachtúla is coitianta a chur isteach.

Tá beagnach gach doiciméad iarchorpraithe faoi réir táillí comhdaithe.

Ní airbheartaíonn na treoracha seo gur liosta iomlán de cheanglais iarchorpraithe iad. Don chuid is mó moltar dul i mbun comhairle leis na hAchtanna, Rialacháin, do dhlíodóir nó do chuntasóir nó an bheirt acu araon, sula gcuirfidh tú na tuairisceáin reachtúla isteach.

  • Faisnéis faoi Thuairisceán Bliantúil: Faisnéis faoi Dhátaí Thuairisceáin Bhliantúil (DTB).
  • Morgáistí: Faisnéis faoi Mhorgáistí agus Muirir a chomhdú agus na foirmeacha atá de dhíth chun muirear a shásamh.
  • Athrú ar Oifig Chláraithe: Ní mór fógra a chur isteach don CRO i gcás a bhfuil athrú ar oifig chláraithe na cuideachta.
  • Athrú ar Fhaisnéis faoi Oifigeach: I gcás a bhfuil athrú ar shonraí oifigigh na cuideachta, ní mór sonraí a chur isteach d'Oifig na gCuideachtaí. Is féidir cuid de na doiciméid seo a chomhdú ar líne saor in aisce.
  • Athrú ar Ainm Cuideachta: Féadann cuideachta a hainm a athrú trí rún speisialta.
  • Cineál Athraithe ar Chuideachta: Is féidir le cuideachta a stádas a athrú ó dhliteanas teoranta go neamhtheoranta agus ó phríobháideach go poiblí agus a mhalairt de chás.
  • Athrú ar Shuíomh na gClár: I gcás a bhfuil athrú ar shuíomh na gclár ní mór iad a fhógairt don CRO, m.sh. clár na gcomhaltaí, sealbhóirí bintiúr.
  • Athrú ar Scarchaipiteal: Faisnéis ar na foirmeacha le cur isteach I gcás a bhfuil athrú ar scarchaipiteal. I gcás a bhfuil aistriú scaireanna, ní gá é a fhógairt don CRO ag am an aistrithe. Ní mór é a fhógairt do na Coimisinéirí Ioncaim áfach ag baint úsáide as foirm Aistriú stoc.
  • Athrú ar M&A chomhlachais: Faisnéis ar na foirmeacha le cur isteach i gcás a bhfuil athrú ar bunreacht (M&A).
  • Eisiúint Réamheolaire: Faisnéis faoi fhoirmeacha le cur isteach le haghaidh réamheolairí.
  • Nós Imeachta Formheasta Achomair: Clúdaíonn an Nós Imeachta Formheasta Achomair roinnt réimsí éagsúla den Acht agus ceadaíonn an nós imeachta gníomhaíochtaí srianta áirithe a bheadh toirmiscthe ar shlí eile. Is bealach é trínar féidir le cuideachtaí dul i mbun gníomhaíochtaí srianta trína chinntiú go dtoilíonn na daoine a bhfuil na srianta sin ceaptha lena gcosaint, leis an ngníomh.
  • Rúin agus Cruinniú: Déileáiltear le Cruinnithe Ginearálta agus Rúin i gCaibidil 6, Cuid 4 d'Acht na gCuideachtaí 2014
  • Cuideachtaí infheistíochta agus UCITeanna: Ceanglaítear ar chuideachtaí infheistíochta agus UCITeanna ráitis airgeadais a chur faoi bhráid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí mar gheall ar gur tugadh isteach athruithe atá leagtha amach in Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017.