Cineál Athraithe

I ngach cás, nuair a comhlánaíodh na sonraí de réir Acht na gCuideachtaí 2014, bain úsáid as Foirm D20. Táille €60. Féach Bileog Faisneise 35.

Deimhnithe Digiteacha um Athrú Ainm Cuideachta agus um Athchlárú Cineál Cuideachta
Is mar dhoiciméid “atá deimhnithe go digiteach” a eiseofar Deimhnithe um Athrú Ainm Cuideachta agus Deimhnithe um Athchlárú Cineál Cuideachta as seo amach.  Tar éis clárú, seolfar iad amach mar dhoiciméad pdf ach úsáid a bhaint as an seoladh ríomhphoist a iontráladh sa chuid dar teideal “Seoladh ríomhphoist na cuideachta” ar fhoirm G1Q agus ar fhoirm D20. Is féidir le hiarratasóirí na deimhnithe digiteacha sin a chur ar fáil go díreach trí ríomhphost do thríú páirtithe amhail bainc agus institiúidí eile airgeadais, de réir mar is gá.

Athchlárú
I gcás cuideachtaí a athchlárú ina gcineál eile cuideachta, ní mór Foirm D20 a chur isteach faoi alt 1285 d’Acht na gCuideachtaí 2014. Tá riachtanais bhreise i gceist ag brath ar an gcineál athchláraithe atá á thionscnamh.

I gcás athruithe, mar shampla ó chuideachta theoranta go cuideachta neamhtheoranta nó ó chuideachta gan scaireanna go dtí cuideachta a bhfuil scaireanna aici, d’fhéadfadh toiliú na gcomhaltaí i leith an athraithe a bheith ag teastáil, mar aon le nochtadh úinéireachta. Déantar Foirm D20 a chomhlánú beag beann ar an gcineál athchláraithe atá á lorg agus cuirtear isteach bunreacht nua na cuideachta in éineacht leis an ordú cúirte nó an rún de réir mar a bheidh. (Is nós imeachta ar leithligh é comhshó cuideachta ina cuideachta TEO nó CGA faoi Chuid 2 d’Acht na gCuideachtaí. Is nós imeachta ar leithligh é comhshó ina Societas Europaea freisin. Féach ar bhileog faisnéise 19 le do thoil).

An Doiciméad a bheidh le Cur Isteach - Foirm D20 - Nasc Foirmeacha
Folaítear san fhoirm D20 ráiteas géilliúntais go bhfuil an rún rite agus gur comhlíonadh ceanglais Chuid 20 d’Acht na gCuideachtaí 2014.
Doiciméid Bhreise: Rún Speisialta (Foirm G1) agus bunreacht nua na cuideachta.

Leis an rún speisialta, athrófar bunreacht na cuideachta ionas go sonrófar ann go bhfuil an chuideachta chun a bheith ina cuideachta den chineál ar mian an chuideachta a athchlárú mar é; déanfar cibé athruithe eile is gá i mbunreacht na cuideachta ionas go mbeadh sé i gcomhréir le ceanglais an Achta seo ó thaobh substainte agus foirme maidir le comhdhéanamh an chineáil cuideachta iarmhartaigh; agus déanfar cibé athruithe eile i mbunreacht na cuideachta atá ag teastáil
sna himthosca. 

Ní dhéanfaidh athchlárú cuideachta mar chineál eile cuideachta faoin gCuid seo difear d’aon cheart nó oibleagáid de chuid na cuideachta, ná ní dhéanfaidh sé lochtach aon imeachtaí dlí ag an gcuideachta nó ina haghaidh, agus aon imeachtaí dlí a tionscnaíodh ina haghaidh nó ar leanadh leo faoina stádas roimhe seo, féadfar leanúint díobh nó iad a thionscnamh ina haghaidh ina stádas nua

Cumann go cuideachta

Ní mór iarratas a chur isteach do Chláraitheoir na gCara-Chumann ag léiriú gur mian leis an aonán tiontú ó chumann go cuideachta. Nuair a fhaomhann Cláraitheoir na gCara-Chumann an t-iarratas, ní mór cóip den mheabhrán agus d’airteagail chomhlachais mar aon le Foirm A1 comhlánaithe a chur isteach don CRO mar aon leis an táille chomhdaithe chuí.

Foirmeacha  Nasc:Táillí CRO