An Idirthréimhse faoi Acht na gCuideachtaí 2014

Áiríodh le hAcht na gCuideachtaí 2014 idirthréimhse a tháinig chun deiridh an 30 SAMHAIN 2016 agus a chuaigh i bhfeidhm ar Chuideachtaí Príobháideacha faoi Theorainn Scaireanna a corpraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí roimhe. Chuaigh sí i bhfeidhm ar Chuideachtaí Ráthaíochta agus ar Chuideachtaí Neamhtheoranta freisin. A bhuí leis an idirthréimhse, bhí na cuideachtaí lena mbaineann in ann athruithe a dhéanamh ar a mbunreacht de réir mar ba ghá.

I gcás cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna, bhí siad in ann a roghnú iad féin a chomhshó ina gcuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna (Teo.) faoi Chuid 2 d’Acht na gCuideachtaí 2014 nó ina gCuideachta Ghníomhaíochta Ainmnithe (CGA) faoi theorainn scaireanna. I gcás nach ndearnadh aon chomhshó, measadh go raibh an chuideachta ina cuideachta faoi dhliteanas teoranta faoi Acht 2014 ag deireadh na hIdirthréimhse.
Ceanglaíodh ar chuideachtaí ráthaíochta agus ar chuideachtaí neamhtheoranta a n-ainm a athrú ionas go gcuirfí an iarmhír ábhartha leis. Bhí Cuideachtaí Príobháideacha Ráthaíochta ina gCuideachtaí Gníomhaíochta Ainmnithe faoi Chuid 16 agus bhí Cuideachtaí Poiblí Ráthaíochta ina gCuideachtaí faoi Theorainn Ráthaíochta faoi Chuid 18. Cláraíodh Cuideachtaí Neamhtheoranta faoi Chuid 19.

DEIMHNITHE DIGITEACHA LE hAGHAIDH COMHSHÓ UATHOIBRÍOCH AGUS ATHRÚ AINM UATHOIBRÍOCH
Deimhnithe digiteacha le haghaidh cuideachta a chomhshó go huathoibríoch ina cuideachta faoi dhliteanas teoranta (Teo.):
Cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna nár comhshódh ina gcuideachta CGA nó ina gcuideachta theoranta (Teo.) le linn na hidirthréimhse, rinne CRO iad a chomhshó go huathoibríoch ina gcuideachtaí teoranta (cuideachtaí príobháideacha faoi theorainn scaireanna faoi Chuid 2 d’Acht na gCuideachtaí 2014) an 1 Nollaig 2016, faoi mar a fhoráiltear dó in alt 61(2), Cuid 2, Acht na gCuideachtaí 2014. Eisíodh Deimhniú Corpraithe digiteach nua do gach cuideachta den sórt sin chuig an seoladh/chuig na seoltaí ríomhphoist atá ar comhad ag CRO do na cuideachtaí lena mbaineann.

Deimhnithe digiteacha le haghaidh athrú ainm uathoibríoch:
Cuideachtaí nár athraigh a n-ainm le linn na hidirthréimhse, cuireadh an t-athrú ainm i bhfeidhm dóibh an 1 Nollaig 2016. (Cuideachtaí Ráthaíochta agus Cuideachtaí Neamhtheoranta). D’eisigh CRO Deimhniú Corpraithe digiteach nua chuig an seoladh/chuig na seoltaí ríomhphoist atá ar comhad ag CRO do na cuideachtaí lena mbaineann.

CUIDEACHTAÍ CEADÚNAITHE/DÍOLMHAITHE
Má bhí cuideachta (cuideachta faoi theorainn ráthaíochta/cuideachta ghníomhaíochta ainmnithe) díolmhaithe faoin reachtaíocht roimhe ón bhfocal “Teoranta/Limited” a úsáid ag deireadh a hainm (cuideachta cheadúnaithe), tá feidhm ag an díolúine sin go fóill faoi Acht na gCuideachtaí 2014 agus níor cuireadh an iarmhír le hainm aon chuideachtaí den sórt sin tar éis an 1 Nollaig. Níor eisíodh aon deimhniú corpraithe nua chuig na cuideachtaí sin.

Aon Chuideachta Phríobháideach faoi Theorainn Scaireanna a bhí ann cheana agus a raibh ceadúnas aici an focal “Teoranta/Limited” a eisiamh óna hainm, CHAILL sí an díolúine sin nuair a cuireadh an comhshó uathoibríoch i bhfeidhm. Níl díolúine ag aon chuideachta ar cuideachta faoi dhliteanas teoranta (Teo.) í. Ní mór do gach cuideachta faoi dhliteanas teoranta (Teo.) an focal TEORANTA nó an focal LIMITED a bheith ag deireadh a n-ainm acu.

ATHCHLÁRÚ, ATHRÚ AINM AGUS GLACADH BUNREACHTA NUA TAR ÉIS AN 30 SAMHAIN
Ó dheireadh na hidirthréimhse an 30 Samhain 2016, féadfaidh cuideachtaí leanúint leis na nithe seo a leanas a dhéanamh:
(a) a gcuideachta a athchlárú mar chineál eile cuideachta ach Foirm D20, Réiteach Speisialta agus Bunreacht nua a chomhdú agus táille comhdaithe €60 a íoc (féach Bileog Faisnéise Uimh. 35 ó CRO chun tuilleadh faisnéise a fháil),
(b) a n-ainm a athrú ach foirm G1Q agus Bunreacht leasaithe a chomhdú agus táille €50 a íoc má chomhdaítear ar líne iad nó táille €100 a íoc má chomhdaítear ar páipéar iad, agus
(c) Bunreacht nua a ghlacadh ach é a chomhdú le foirm G1 - Réiteach Speisialta, nach ngearrtar aon táille ina leith má chomhdaítear ar líne iad nó a ngearrtar táille €30 ina leith má chomhdaítear ar páipéar iad.

ATHBHUNÚ CUIDEACHTAÍ
Ón 1 Nollaig 2016 i leith, i gcás go bhfuil cuideachta á hathbhunú sa chlár, tá seans ann go mbeidh céim bhreise ag teastáil sula n-athbhunófar an chuideachta.

Is an toradh a bheidh ar athbhunú aon Chuideachta Príobháidí faoi Theorainn Scaireanna a corpraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí roimhe agus a díscaoileadh roimh dheireadh na hIdirthréimhse agus nár comhshódh ina cuideachta theoranta (Teo.) nó CGA atá faoi theorainn scaireanna ná go n-athrófar cuideachta den sórt sin ina cuideachta phríobháideach faoi theorainn scaireanna faoi Chuid 2 de d’Acht na gCuideachtaí 2014 (cuideachta theoranta (Teo.)).

Is é an toradh a bheidh ar athbhunú Cuideachta Ráthaíochta agus athbhunú Cuideachta Neamhtheoranta ná go n-athrófar ainm na cuideachta le go gcuirfear ar áireamh ann an iarmhír ábhartha a cheanglaítear le Cuid 16, Cuid 18 agus Cuid 19 d’Acht na gCuideachtaí 2014. Leis na codanna sin, forchuirtear ceanglais maidir le hainmneacha cuideachta ar chineálacha áirithe cuideachta, is iad sin, cuideachtaí príobháideacha ráthaíochta (Cuid 16), cuideachtaí poiblí ráthaíochta (Cuid 18) agus cuideachtaí neamhtheoranta, bíodh siad ina gcuideachtaí príobháideacha nó poiblí (Cuid 19). Tá oibleagáid ar an gCláraitheoir faoi Acht na gCuideachtaí 2014 ceanglas an ainm cuideachta a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, athrófar ainm na cuideachta ar a hathbhunú.

Ní mór seoladh ríomhphoist a thabhairt i ngach iarratas ar athbhunú. Tar éis athbhunú, eiseofar deimhniú corpraithe digiteach nua chuig cuideachtaí trí ríomhphost.