Tuairisc maidir le hÍocaíochtaí le Rialtais

Tháinig Acht na gCuideachtaí (Cuntasaíocht), 2017 i ngníomh an 9ú Meitheamh 2017. Ní mór do chuideachtaí de chineálacha áirithe Tuairiscí maidir le hÍocaíochtaí a chomhdú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí faoi Chuid 26 d’Acht na gCuideachtaí 2014 (arna leasú). Foirm PR1 a chuirtear faoi bhráid. 

Cuideachtaí a bhfuil orthu comhdú a dhéanamh

Cuireann Cuid 26 oibleagáid ar chuideachtaí móra, grúpaí móra agus “eintitis leasa phoiblí” atá gníomhach sa tionscail mianadóireachta agus eastóscach nó i lománaíocht foraoiseacha príomhúlacha tuairiscí bliantúla maidir le híocaíochtaí a rinneadh le rialtais a ullmhú agus a chomhdú leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (Sceideal 18 AC 2014). (Liostaítear thíos - Cuideachtaí arna Liostú i Sceideal 18 le hAcht na gCuideachtaí 2014).

Leis na hailt nua den Acht déantar foráil do chuntas ar na híocaíochtaí atá lena gcur san áireamh, an fhormáid do thuairisciú agus na cuideachtaí a bhfuil feidhm aige seo ina leith. Níl oibleagáid ar chuideachtaí neamhainmnithe príobháideacha neamhtheoranta (ULC) Tuairiscí maidir le hÍocaíochtaí a chomhdú faoi alt 1274a. 
  
Foirm lena comhlánú
Ní mór na doiciméid a chomhdú ag baint úsáide as Foirm PR1. Ní mór an fhoirm a chomhdú laistigh de 11 mí ó Dheireadh na Bliana Airgeadais. Cion i gcatagóir 3 é má mhainnítear comhdú a dhéanamh. Táille €15. Foirmeacha

Tá oibleagáid ar chuideachta sealbhaíochta, a ullmhaíonn ráitis airgeadais grúpa faoi alt 293, tuairisc chomhdhlúite maidir le híocaíochtaí a ullmhú áit gur fiontar mianadóireachta nó cairéalithe nó fiontar lománaíochta í féin nó a fochuideachta(í). 

Inneachar Tuairisce maidir le hÍocaíochtaí

Tuairisc maidir le hÍocaíochtaí Eintitis
Cuirfidh cuideachta san áireamh, i leith a tuairisce maidir le híocaíochtaí eintitis, do gach aon bhliain airgeadais, na nithe seo a leanas i ndáil lena gníomhaíochtaí ábhartha:

(a) an rialtas lena bhfuil gach aon íocaíocht déanta, an tír lena mbaineann an rialtas sin san áireamh;
(b) suim iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh le gach aon rialtas;
(c) an tsuim iomlán in aghaidh gach cineál íocaíochta a rinneadh le gach aon rialtas;
(d) ait a bhfuil na híocaíochtaí sin curtha i leith tionscadail shainiúil, an tsuim iomlán in aghaidh gach cineál íocaíochta a rinneadh i leith gach aon tionscadail agus suim iomlán na n-íocaíochtaí a rinneadh i leith gach aon tionscadail.

(Áit a ndéanann cuideachta íocaíocht nach bhfuil curtha i leith tionscadail shainiúil, ní bheidh sé riachtanach sa tuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis í a chur i leith tionscadail shainiúil).

Ní bheidh oibleagáid ar chuideachta íocaíocht a chur san áireamh sa tuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis más rud é — (a) gur íocaíocht shingil í de shuim níos lú ná €100,000, nó (b) gur cuid í de shraith d’íocaíochtaí gaolmhara laistigh de bhliain airgeadais áit a bhfuil suim iomlán na sraithe íocaíochtaí sin níos lú ná €100,000.

Ní dhéanfar, áfach, íocaíochtaí, gníomhaíochtaí agus tionscadail a bhriseadh go saorga ná a chomhiomlánú chun an cur i bhfeidhm a sheachaint.

Éilítear nochtadh íocaíochtaí chun substaint, seachas foirm, gach aon íocaíochta, gníomhaíochta ábhartha nó tionscadail i gceist. Áit a ndéantar íocaíochtaí comhchineáil le rialtas, luafaidh an tuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis luach na n-íocaíochtaí comhchineáil sin agus, áit is infheidhme, méid na n-íocaíochtaí comhchineáil sin, agus cuirfidh na stiúrthóirí nótaí tacaíochta ar fáil chun a mhíniú cén chaoi ar cinneadh luach na n-íocaíochtaí comhchineáil sin.

Inneachar na tuairisce comhdhlúite maidir le híocaíochtaí

Cuirfidh cuideachta sealbhaíochta san áireamh, i leith a tuairisce comhdhlúite maidir le híocaíochtaí, do gach aon bhliain airgeadais, an t-eolas céanna a leagadh amach thuas i gcás tuairisce maidir le híocaíochtaí eintitis agus luafaidh sí freisin:

(a) íocaíochtaí ar bith a tháinig mar thoradh ar ghníomhaíochtaí ábhartha fiontair mianadóireachta nó cairéalithe agus
(b) íocaíochtaí ar bith a tháinig mar thoradh ar ghníomhaíochtaí ábhartha fiontair lománaíochta.
(Áit a ndéanann fiontar íocaíocht nach féidir a chur i leith tionscadail shainiúil, ní bheidh sé riachtanach sa tuairisc chomhdhlúite maidir le híocaíochtaí í a chur i leith tionscadail shainiúil).

Díolúintí atá ar fáil
Tá díolúintí ar fáil faoi Chaibidil 4 Cuid 26 d’Acht na gCuideachtaí 2014:

  • Tá díolúine ar fáil ó thuairisc maidir le híocaíochtaí a ullmhú do fhochuideachta/cuideachta sealbhaíochta má bhíonn an tuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis san áireamh i dtuairisc chomhdhlúite maidir le híocaíochtaí arna hullmhú ag an gcuideachta sealbhaíochta. (alt 1454)
  • Tá díolúine ar fáil ó thuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis/tuairisc chomhdhlúite maidir le híocaíochtaí a tháirgeadh má bhíonn fiontar le sealbhaíocht níos airde ag an gcuideachta atá bunaithe i Stát AE eile, agus go mbíonn tuairisc chomhdhlúite táirgthe ag an ardchuideachta a bhfuil eolas na cuideachta Éireannaí san áireamh inti.
  • Beidh díolúine le fáil do na stiúrthóirí freisin áit a bhfuil an chuideachta faoi réir ag riachtanais choibhéiseacha tuairiscithe agus go bhfuil na híocaíochtaí nochta sa tuairisc eile seo. (alt 1455).
  • Tá díolúine ar fáil ón tuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis/tuairisc chomhdhlúite maidir le híocaíochtaí a tháirgeadh má bhíonn fiontar le sealbhaíocht níos airde ag an gcuideachta atá bunaithe i Stát AE eile, áit a mbíonn tuairisc chomhdhlúite faoi riachtanais choibhéiseacha tuairiscithe táirgthe ag an ardchuideachta a bhfuil eolas na cuideachta Éireannaí san áireamh inti. (alt 1456).
  • Tá díolúine ar fáil faoi alt 1460 AC 2014 arna leasú áit a mbíonn díolúine ag na stiúrthóirí áit a gcuireann an chuideachta faoi bhráid ina ionad sin cóip den tuairisc maidir le híocaíochtaí eintitis (tuairisc chomhdhlúite maidir le híocaíochtaí) arna hullmhú de réir na riachtanas coibhéiseach tuairiscithe laistigh de 28 lá tar éis d’íocaíocht dá leithéid bheith curtha ar fáil don phobal faoi na riachtanais choibhéiseacha tuairiscithe. 

Cuideachtaí arna Liostú i Sceideal 18 le hAcht na gCuideachtaí 2014 (arna leasú)

 

Cuid A - Talmhaíocht, Foraoiseacht agus Iascaireacht
Rannán Grúpa Rang  Tuairisc

Aicmiú Tionscail de réir Caighdeáin Idirnáisiúnta Athbhreithniú 4

 02  02.2   02.20  Lománaíocht 0220
         
Cuid B - Mianadóireacht agus Cairéalú
Rannán Grúpa Rang  Tuairisc 

Aicmiú Tionscail de réir Caighdeáin Idirnáisiúnta Athbhreithniú 4

 05     Mianadóireacht guail agus ligníte  
   05.1   Mianadóireacht guail chrua  0510
   05.2  05.20  Mianadóireacht lignite  0520
 06     Eastóscadh amhpheitriliam agus gáis nádúrtha  
   06.1  06.10 Eastóscadh amhpheitriliam  0610
   06.2  06.20  Eastóscadh gáis nádúrtha  0620
 07     Mianadóireacht mianta miotail  
   07.1  07.10 Mianadóireacht iarnmhianta  0710
   07.2   Mianadóireacht mianta miotail neamhfheiriúla  
     07.21 Mianadóireacht úráiniam agus mianta tóiriam  0721
     07.29 Mianadóireacht mianta miotail neamhfheiriúla eile  0729
 08     Mianadóireacht agus cairéalú eile  
   08.1   Cairéalú cloch, gainimh agus cré  
     08.11 

Cairéalú cloch ornáideacha agus cloch tógála, aolchloch, gipsim, cailce agus slinne

 0810 (cuid díobh)
     08.12 Oibriú claiseanna grin agus gainimh; mianadóireacht créanna agus caoilín  0810 (cuid díobh)
   08.9    Mianadóireacht agus cairéalú nach bhfuil aicmithe aon áit eile  
     08.91 Mianadóireacht mianraí ceimiceacha agus leasacháin  0891
     08.92 Eastóscadh móna  0892
     08.93 Eastóscadh salainn    0893
     08.99 Mianadóireacht agus cairéalú eile nach bhfuil aicmithe aon áit eile    0899