CCanna na bhFoirmeacha Gréasáin

Agus tú ag úsáid na timpeallachta le foirmeacha a chomhlánú, is féidir leat:

  • Foirmeacha a chomhdú ar líne saor in aisce nó ag ráta laghdaithe
  • Do dhoiciméid a rianú trí phróiseas cláraithe na CRO
  • Bain leas as clárú níos tapa do do chuid doiciméad

Cuirtear freagraí ar cheisteanna coitianta ar fáil ar an leathanach seo. Má bhíonn deacrachtaí agat leis an gcóras comhdaithe ar líne ní mór duit léamh trí na CCanna seo ar dtús. Mura bhfuil freagra ann ar do cheist déan teagmháil leis an Rannóg Ríomhchomhdaithe le do thoil.

Tabhair cuairt ar láithreán gréasáin CORE - https://core.cro.ie.

Ceisteanna Coitianta

Cad iad na cineálacha mar a gcláróidh mé ?

Cineál láithreora

Cuideachta cláraithe in Éirinn.

Más cuideachta tú atá cláraithe san oifig seo roghnaigh an rogha seo, iontráil uimhir do chuideachta agus cliceáil ar ‘Fíoraigh Ainm’

Ainm gnó atá cláraithe in Éirinn

Más ainm gnó tú atá cláraithe san oifig seo roghnaigh an rogha seo, iontráil uimhir do chuideachta agus cliceáil ar ‘Fíoraigh Ainm’

Mura bhfuil tú cinnte faoi uimhir do chuideachta nó ainm gnó, féach ár saoráid chuardaigh ag Search

Duine aonair a chónaíonn in Éirinn

Más duine tú a chónaíonn in Éirinn agus ní cuideachta nó ainm gnó, roghnaigh an rogha seo agus iontráil d’UPSP. Is féidir d’UPSP a fháil ón Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh

Cliant CRO Cláraithe

Mura mbaineann ceann ar bith de na roghanna thuasluaite leat agus níl tú i do chónaí i bPoblacht na hÉireann, déan teagmháil le Ríomhchomhdú, áit a bhfaighidh tú uimhir chliant CRO cláraithe, Iontráil d’ainm, seoladh agus uimhir ghutháin.

Is ionann do sheoladh r-phoist agus d’ainm úsáideora agus is leatsa rogha an fhocail faire.

Riarthóir

Seo é an duine ar a bhfuil freagracht fhoriomlán laistigh dá eagraíocht as comhdú ar líne. Féadann an duine seo duine (daoine) eile a cheapadh laistigh dá eagraíocht chun comhdú ar líne.

Anois cliceáil ar ‘Cláraigh’.

ar ais go barr

Conas is féidir liom clárú le CORE?

Chun leas a bhaint as seirbhísí CORE ní mór duit clárú mar úsáideoir. Tá clárú saor in aisce.

Nuair a chláraíonn tú, bainfidh tú úsáid as do r-phost mar ainm úsáideora agus ansin focal faire a roghnú. Ní bheidh ort ach clárú uair amháin agus ina dhiaidh sin féadann tú foirmeacha a chomhdú do líon cuideachtaí is mian leat.

Más cleachtas cuntasaíochta nó gníomhaire comhdaithe tú, cláraigh in CORE in ainm do chleachtais féin, ag baint úsáide as ainm do chuideachta féin nó uimhir chuideachta. Ní gá logáil isteach ar leith a dhéanamh do gach cuideachta ar mian leat comhdú dóibh.

ar ais go barr

Cad is CORE ann?

Saoráid comhdaithe ar líne de chuid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí is ea CORE (Timpeallacht Cláraithe Ar Líne na gCuideachtaí). Tá sí bunaithe le ligean duit, mar chustaiméir de chuid CRO, amharc, i dtimpeallacht phríobháideach shlán, ar an bhfaisnéis is déanaí faoi chuideachtaí a ndéanann tú comhdú dóibh.

Cuireann CORE ar do chumas:-

* Doiciméid a chomhdú ar líne (is féidir cuid doiciméad a chomhdú saor in aisce)

* Stádas do chuideachtaí a sheiceáil i liostaí ar féidir iad a shórtáil in oird éagsúla

* Fógraí a fháil maidir le comhdú i leith cuideachtaí i do phunann agus le hathruithe ar stádas na ndoiciméad sin.

* Súil a choimeád ar do chuideachtaí

* Faigh iarmhéid do Chuntais, idirbhearta agus ráitis CRO

ar ais go barr

Cad iad na buntáistí le húsáid CORE?

Féadann tú do Thuairisceán Bliantúil a chomhdú ar €20. Tá 28 lá agat ó Dháta do Thuairisceáin Bhliantúil le do thuairisceán a chomhdú ar líne. Tá 28 lá sa bhreis agat ón dáta a ríomhchomhdaíonn tú chun leathanach sínithe, cuntais agus íocaíocht a sheachadadh don CRO.

Ainmneacha Gnó

Féadann tú Ainm do Ghnó a chomhdú ar €20 leath den chostas ar chomhdú ar pháipéar. Is féidir leat leas a bhaint as clárú níos tapa mar thugtar tosaíocht do dhoiciméid a chomhdaítear ar líne.

Athrú ar Oifig Cláraithe (Foirmeacha B3, F4, RBN2/A/B) SAOR IN AISCE, sábháil €15

Athrú ar Oifig Cláraithe (Foirm B2) Saor in Aisce.

Athrú ar Stiúrthóir/Rúnaí (Foirm B10) SAOR IN AISCE

Rúin (G1agus G2) SAOR IN AISCE, sábháil €15

Rún chun ainm Cuideachta Theoranta a athrú €50 leath den chostas ar chomhdú ar pháipéar

   

ar ais go barr

Cad iad na bhfoirmeacha ar féidir comhdú ar líne?

Is féidir leat na foirmeacha seo a leanas a chomhdú ag RÁTA LAGHDAITHE agus leas a bhaint as clárú níos tapa:

Clárú an Ainm Gnó Duine Aonair (Foirm RBN1) €20 (in áit €40 le páipéar)

Clárú an Ainm Gnó Páirtíocht (Foirm RBN1A) €20 (in áit €40 le páipéar)

Clárú an Ainm Gnó Comhlacht Corparáideach (Foirm RBN1B) €20 (in áit €40 le páipéar)

Ainm Cuideachta a Athrú (Foirm Rúin speisialta G1Q) €50 (in áit €100 le páipéar)

Tuairisceán Bliantúil (B1) do €20.
   

Is féidir leat na foirmeacha seo a leanas a chomhdú SAOR IN AISCE agus leas a bhaint as clárú níos tapa:

Athrú ar shonraí stiúrthóra/rúnaí na cuideachta (Foirm B10)

Athrú ar sheoladh (Foirmeacha B2, B3, F4, RBN2/A/B)    

Rún speisialta (Foirm G1) agus doiciméad eile ar bith a thaisctear ina leith

Gnáthrún (Foirm G2) agus doiciméad eile ar bith a thaisctear ina leith

Fógra faoi Údarú Gníomhaire Ríomhchomhdaithe

Foirm RBN3 - Stopadh Gnó faoi Ainm Gnó

 

ar ais go barr

Inis dom an dóigh ar féidir liom Tuairisceán Bliantúil a chomhdú in CORE?

Is féidir leat do Thuairisceán Bliantúil a chomhdú trí CORE anois.   Má tá tú bailíochtaithe in CORE, cuir an chuideachta le do liosta ‘Mo chuid Cuideachtaí’. Má tá tú in ann an chuideachta a chur ar do liosta, chun tú féin a bhailíochtú in CORE, Logáil isteach agus cliceáil ar ‘Mo chuid Iarrataí’

Cliceáil ar ‘Cuir leis’ agus roghnaigh ‘Bailíochtú an Láithreora de Lámh’

Iontráil roinnt uimhreacha cuideachta agus an gaol atá agat leis na cuideachta sin

Cliceáil ‘Cuir Isteach’

ar ais go barr

Cad é atá de dhíth orm ar mo ríomhaire?

Chun comhdú ar líne beidh na nithe seo a leanas de dhíth ort:

- Seoladh r-phoist atá bailí

- Adobe Acrobat 9 nó leagan níos déanaí ar do ríomhaire

- Íoslódáil saor in aisce ó www.adobe.comLinks to external website is ea Adobe acrobat. Beidh ort é seo a íoslódáil ar do ríomhaire roimh ríomhchomhdú.

- Printéir

Cinntigh go bhfuil do phrintéir ceangailte le do ríomhaire mar beidh ort leathanach sínithe a phriontáil amach i ndiaidh duit d’fhoirm a chomhdú

ar ais go barr

Cad is mo spás oibre ann?

Gach uair a chruthaíonn tú doiciméad nua, coimeádtar cóip den doiciméad sin i bhfillteán speisialta ar a dtugtar Spás Oibre.

Ar thaobh deise an Spás Oibre feicfidh tú ceannteideal "Bainistíocht Doiciméad"

Feicfidh tú roinnt íocón faoin teideal seo.

Má tá d’fhoirm comhlánaithe agat agus d’éirigh lena seoladh feicfidh tú trí íocón.

(1) Cóip den fhoirm a chuir tú isteach is ea an chead íocón, do do thaifid féin.

(2) Do leathanach sínithe is ea an dara íocón. Má tharla nár phriontáil do leathanach sínithe don fháth ar bith, cliceáil ar an íocón seo lena oscailt arís.

(3) Cliceáil ar an tríú íocón le d’fhoirm a oscailt agus leasuithe a dhéanamh uirthi

ar ais go barr

Conas is féidir liom doiciméad atá comhdaithe in CORE a leasú?

Logáil isteach arís le d’ainm úsáideora agus d’fhocal faire

- Cliceáil ar Spás Oibre

- Ar thaobh deise den Spás Oibre faoin gceannteideal "Bainistíocht Doiciméad", feicfidh tú trí íocón

- Cliceáil ar an íocón "Oscail mar chóip"

- Déan an leasú a éilítear agus cuir an doiciméid isteach arís

Gheobhaidh tú leathanach sínithe nua, nach mór duit é a phriontáil amach, a shíniú, agus a sheoladh chuig an Oifig seo.

ar ais go barr

Rinne mé dearmad de m’fhocal faire. Cad é a dhéanfaidh mé?

Má tá dearmad déanta agat de d’fhocal faire

- Gabh chuig an scáileán logála isteach

- Cliceáil ar rogha "Dearmad déanta d’fhocal faire"

- Líon isteach d’ainm úsáideora (seoladh r-phoist) agus do shloinne agus do cheadainm

Seolfar d’fhocal faire chugat.

ar ais go barr

Conas a cuir ainm in áirithe?

Tá an tsaoráid chun ainm cuideachta a fhorchoimeád, rud a ligeann ainm cuideachta a fhorchoimeád ar feadh tréimhse suas le 28 lá, tá sé ar fáil i bhfoirm leictreonach amháin agus is féidir í a aimsiú in CORE sa rannóg "Comhdaigh Foirm". Tá faisnéis a bhaineann leis an tsaoráid ar fáil in CORE freisin agus ní mór dul i mbun comhairle leis le linn cur isteach ar iarratas a mheas. Is é €25 an táille ar iarratas ar fhorchoimeád ainm cuideachta agus is féidir í seo a fhritháireamh in aghaidh iarratais ar chuideachta nua má chuirtear deimhniú an ainm forchoimeádta isteach leis an bhFoirm iarratais A1 laistigh den tréimhse sonraithe 28 lá.

Féach leathanach Cuir ainm in áirithe.

ar ais go barr

Ní dhearna mo leathanach sínithe a phriontáil. Cad é a dhéanfaidh mé?

Cinntigh go bhfuil Leagan 9 Adobe Acrobat nó níos déanaí agat ar do ríomhaire. Mura bhfuil Adobe Acrobat agat beidh ort é a íoslódáil sula leanfaidh tú ar aghaidh. Is féidir Adobe Acrobat a íoslódáil saor in aisce ag www.adobe.comLinks to external website.

Nuair a bheas Adobe Acrobat suiteáilte agat, logáil ar ais inár gcóras ríomhchomhdaithe.

- Gabh chuig do Spás Oibre

- Sa chuid "Bainistíocht Doiciméad" (ar thaobh na láimhe deise den leathanach) cliceáil ar an íocón "Oscail Leathanach Sínithe"

- Déan an leathanach seo a phriontáil. Má fhaigheann tú teachtaireacht earráide, (m.sh. Earráid 500) ar chliceáil "Oscail Leathanach Sínithe" duit, ciallaíonn sé seo nach bhfuil an leagan ceart Adobe Acrobat ar do ríomhaire nó nach bhfuil sé suiteáilte i gceart agat.

ar ais go barr

Cá háit a rachaidh mé chun tuilleadh faisnéise a fháil?

Chun tuilleadh cúnaimh a fháil nó má tá barúil agat a bhaineann leis an tsaoráid comhdaithe ar líne, seol r-phost chuig electronic.filing@dbei.gov.ie le do thoil.

ar ais go barr

Conas is féidir liom míreanna aníos a chumasú?

Chun úsáid a bhaint as CORE, ní mór do bhacairí míreanna aníos a chumasú.

Ní mór duit cinntiú go bhfuil siad cumasaithe agat ar do ríomhaire roimh doiciméad a chomhdú. Tá líon mór bacairí míreanna anuas ar fáil ar an margadh agus tugaimid treoir ar na cinn is coitianta thíos. Bainfidh na socruithe seo le do ríomhaire féin agus má bhíonn deacracht agat le míreanna aníos a chumasú beidh ort teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí seirbhíse féin nó le do rannóg TF féin mar ní féidir le CRO tacaíocht a thabhairt do ríomhairí aonaracha.

Má tá Microsoft XP le Paca Seirbhíse 2 á úsáid agat, beidh bacaire míreanna aníos ann i do leagan Internet Explorer. Tá bacairí míreanna aníos ann i líon mór brabhsálaithe eile, mar Mozilla, Firefox, agus Opera. Is féidir barra uirlisí a úsáid freisin, mar Bharra Uirlisí Google nó Yahoo, a bhfuil bacaire míreanna aníos iontu.

Internet Explorer . Firefox . Opera . Mozilla . Barra Uirlisí Google . Barra Uirlisí Yahoo

Bacaire Míreanna aníos Internet Explorer a Dhíchumasú

Chun míreanna aníos a dhíchumasú in Internet Explorer, gabh chuig Uirlisí ---- Bacaire na Míreanna aníos ----- Cas as bacaire na míreanna aníos. Cuimhnigh do bhacaire míreanna aníos a chasadh air arís nuair a bheas d'fhoirm comhdaithe agat.

Bacaire Míreanna aníos Firefox a Dhíchumasú

Chun míreanna aníos a dhíchumasú in Firefox, gabh chuig Uirlisí ------ Roghanna. Nuair a osclaítear an fhuinneog Roghanna, cliceáil ar Gnéithe Gréasáin

Ina dhiaidh sin, Bain tic den Fhuinneog Ticbhocsa Bacaire Míreanna aníos. Cliceáil OK ag an mbun chun glacadh leis na hathruithe. Cuimhnigh do bhacaire míreanna aníos a chasadh air arís nuair a bheas d'fhoirm comhdaithe agat.

Bacaire Míreanna aníos Opera a Dhíchumasú

Chun míreanna aníos a dhíchumasú in Opera, gabh chuig Uirlisí ------ Méar-roghanna ----- Oscail gach mír aníos. Cuimhnigh do bhacaire míreanna aníos a chasadh air arís nuair a bheas d'fhoirm comhdaithe agat.

Bacaire Míreanna aníos Mozilla a Dhíchumasú

Chun míreanna aníos a dhíchumasú in Mozilla, gabh chuig Eagar ----- Roghanna. Nuair a osclaítear an fhuinneog Roghanna, cliceáil ar Príobháideachas & Slándáil. Ina dhiaidh sin, cliceáil ar Fuinneoga Míreanna aníos.

Ina dhiaidh sin, Bain tic den Fhuinneog Ticbhocsa Bacaire Míreanna aníos nár Iarradh. Cliceáil OK ag an mbun chun glacadh leis na hathruithe. Cuimhnigh do bhacaire míreanna aníos a chasadh air arís nuair a bheas d'fhoirm comhdaithe agat.

Bacaire Míreanna aníos i mBarra Uirlisí Google a Dhíchumasú

Chun míreanna aníos a dhíchumasú i mBarra Uirlisí Google, cliceáil ar Roghanna. Nuair a osclaítear an fhuinneog Roghanna Barra Uirlisí , bain tic den bhosca Bacaire Míreanna Aníos. Cliceáil OK ag an mbun chun glacadh leis na hathruithe. Cuimhnigh do bhacaire míreanna aníos a chasadh air arís nuair a bheas d'fhoirm comhdaithe agat.

Bacaire Míreanna aníos Barra Uirlisí Yahoo a Dhíchumasú

Chun míreanna aníos a dhíchumasú i mBarra Uirlisí Yahoo, Cliceáil ar an bpictiúr beag a bhfuil fuinneog le sciath inti. Cliceáil ar Cumasaigh Bacaire Míreanna Aníos chun an rogha seo a chealú. Cuimhnigh do bhacaire míreanna aníos a chasadh air arís nuair a bheas d'fhoirm comhdaithe agat.

ar ais go barr