AG FÁIL ROCHTANA AR SHONRAÍ CRO

Is é an Oifig um Chlárú Cuideachtaí (CRO) an stór lárnach maidir le faisnéis reachtúil phoiblí faoi chuideachtaí Éireannacha agus ainmneacha gnó. Stóráiltear faisnéis go leictreonach faoi chuideachtaí Éireannacha agus ainmneacha gnó mar shonraí agus mar íomhánna doiciméid i mbunachar sonraí. Soláthraíonn an CRO rochtain ar na sonraí seo ar mhórán slite:

  • 1. Is féidir rochtain a fháil ar líon teoranta faisnéise tríd an Uirlis Cuardaigh CuideachtaLinks to external website ar láithreán gréasáin an CRO.
  • 2. Trí Sheirbhísí Oscailte, cuireann an CRO an fheidhmiúlacht Cuardaigh Cuideachta ar fáil le gur féidir é a chomhtháthú le láithreáin ghréasáin eile;
  • 3. Is féidir Doiciméid atá Sainiúil do Chuideachtaí a cheannach ina n-aonar ar láithreán gréasáin an CRO.
  • 4. Ar shuibscríobh bliantúil a íoc, cuirtear sonraí builc ar fáil a chuimsíonn faisnéis agus/nó íomhánna doiciméid maidir le gach cuideachta ar an gclár;
  • 5. Is féidir rochtain a fháil ar fhaisnéis faoin CRO ar Chlár Gnó na hEorpa (EBR)Links to external website
  • 6. Tá rochtain shaor ag údaráis faoi leith phoiblí air.

1. Cuardach Cuideachta

Is féidir rochtain a fháil ar líon áirithe faisnéise faoi Ainmneacha Cuideachta agus Gnó ar láithreán gréasáin an CRO tríd an áis Cuardaigh CuideachtaLinks to external website saor in aisce. Nuair a iontráiltear an tAinm Cuideachta nó Gnó, léirítear an fhaisnéis seo a leanas saor in aisce más infheidhme: Uimhir, Táscaire Gnó, Ainm, Seoladh, Dáta Clárúcháin, Stádas, An Dáta Tuairisceáin Bhliantúil Deireanach, An chéad DátaTuairisceáin Bhliantúil eile, Dáta Deireanach na Bliana Cuntasaíochta, Cineál

Is féidir breathnú ar liosta aighneachtaí freisin a comhdaíodh leis an CRO ag cuideachta nó i ndáil le haon chuideachta. Is féidir breathnú ar an bhfaisnéis seo a leanas: Uimhir Aighneachta, Uimhir Doiciméid, Uimhir Cuideachta, Táscaire Gnó Cuideachta, an Cineál Aighneachta, an Cineál Doiciméid, Stádas na hAighneachta, an Dáta faighte, Dáta Éifeachtach, Cuntais a cumhdaíodh go dtí seo (is infheidhme le Cuntais amháin), an Dáta Scanta, an Líon Leathanach, Méid an Chomhaid.

2. Seirbhísí Oscailte

Tugann an CRO an deis d’fhorbróirí bogearraí an áis Cuardaigh Cuideachta (mar a leagtar amach thuas) a chomhtháthú lena gcuid feidhmchlár trí Sheirbhísí Gréasáin RESTful, ar a dtugtar "Seirbhísí Oscailte". Cuireann sé seo ar a gcumas sonraí bunúsacha Cuideachtaí agus Aighneachta a úsáid laistigh d’fheidhmchláir faoi leith. Tá an tseirbhís seo saor in aisce ach faoi réir théarmaí agus coinníollacha an CRO, mar aon le beartas inghlactha úsáide.

NB: Ní mór d’fhorbróirí bogearraí, ar mhaith leo leas a bhaint as an méid thuas, bheith inniúil sa ríomhchlárú, agus taithí a bheith acu ar sheirbhísí gréasáin.

Féach, le do thoil, ar fhaisnéis Theicniúil faoi Sheirbhísí Oscailte an CRO. https://services.cro.ie

3. Doiciméid atá sainiúil do Chuideachtaí

Is féidir Asphriontaí Cuideachta agus Aigneachtaí Cuideachta a cheannach ina n-aonar (tá feidhm ag táillí reachtúla cuardaigh agus aisghabhála) agus a fháil ar láithreán gréasáin an CRO. Nuair a iontráiltear Ainm Cuideachta nó Gnó san áis Cuardaigh Cuideachta, a míníodh thuas, is féidir an t úsáideoir breathnú ar liosta aighneachtaí agus ceann amháin díobh a roghnú nó iarraidh ar asphrionta cuideachta. Is léiriú é an t-asphrionta cuideachta ar an gCuideachta ag an am sin agus cuimsítear sonraí mar seo a leanas: Ainm an Chuideachta, an tAinm roimhe seo, Oifig Chláraithe, an Cineál Cuideachta, Sonraí faoin Ionchorprú agus Tuairisceán Bliantúil, Muirir Urraithe, Stiúrthóirí agus Rúnaí, agus Liosta Aighneachtaí. Íoctar as an doiciméad/na doiciméid roghnaithe ansin agus seoltar go díreach iad chuig seoladh ríomhphoist an chustaiméara.

Is féidir doiciméid agus asphriontaí Cuideachta a cheannach freisin ag Oifig Phoiblí an CRO, Teach Bloom, Plás Gloucester Íochtarach, Baile Átha Cliath 1.

4. Sonraí Builc

Soláthraíonn an CRO sonraí builc faoi ainm cuideachta agus gnó d’úsáideoirí ardtoirte, faoi cheadúnas agus ar tháille a íoc. Cuimsítear faisnéis faoi gach cuideachta ar an gclár sna sonraí seo. Chomh maith leis sin, soláthraíonn an CRO íomhánna doiciméid d’úsáideoirí builc faoin cheadúnas agus ar tháille a íoc.

NB: Ní féidir fo-thacar de na sonraí builc a cheannach faoi láthair.

Soláthraítear sonraí builc trí shleachta a uaslódáileann an CRO chuig áit slán. Is féidir custaiméirí sonraí builc iad a íoslódáil trí fhaisnéis aitheantais aonair a úsáid. Ní mór bheith inniúil sa teicneolaíocht chun na sonraí seo a úsáid.

Tuilleadh faisnéise faoi chostais na sonraí builc, forálacha ceadúnais agus custaiméirí reatha.

5. Clár Gnó na hEorpa (EBR)

Is Eagríocht uile-Eorpach é Clár Gnó na hEorpa (EBR)Links to external website a sholáthraíonn doiciméid um Chlárú Cuideachtaí ar fud na hEorpa. D’fhéadfadh úsáideoirí deiridh EBR é a úsáid chun Próifíl a fháil i dtaobh cuideachtaí atá cláraithe leis an CRO. Áiritear air sin an dáta clárúcháin, cineál agus stádas an chuideachta agus seoladh cláraithe na hoifige. D’fhéadfadh úsáideoirí deiridh EBR a úsáid chun fo-thacar de na cineálacha doiciméid a bhaineann leis an CRO a fháil, lena n-áirítear Tuairisceáin Bhliantúla, Cuntais Bhliantúla, Meabhráin agus Airteagail agus roinnt doiciméad eile. Níl sonraí nó doiciméid ag Clár Gnó na hEorpa. Cuirtear gach iarratas ar aghaidh chuig an CRO a fhreastalaíonn orthu ar shlí dhinimiciúil.

6. Údaráis Phoiblí

Tá comhaontuithe i bhfeidhm ag an CRO le líon údarás poiblí faoin tslí a n-úsáidtear a chuid sonraí. Le tuilleadh eolais a fháil faoin tslí ar féidir rochtain a fháil ar shonraí an CRO, téigh i dteagmháil linn le do thoil. Rphost - ITCRO@dbei.gov.ie