Cuardach Daoine Srianta/Dícháilithe

Amharc ar Chuardach

Is le sloinne amháin an cuardach. Iontráil Cuardach Daoine Srianta/Dícháilithe

NÓTAÍ D’ÚSÁIDEOIRÍ

Sliocht as Cláir um Dhaoine a Dícháilíodh agus a Srianadh is ea an fhaisnéis a chuirtear ar fáil, rud atá nuashonraithe go rialta. Má tá aithne agat ar dhuine ar bith atá ag feidhmiú mar stiúrthóir cuideachta nó oifigeach eile nó scáthstiúrthóir in ainneoin

Srian

Dearbhóidh an chúirt, mura mbeidh sí deimhin de i dtaca le haon ní de na nithe a shonraítear i bhfo-alt (2) Alt 819 Acht na gCuideachtaí 2014, nach ndéanfar, ar feadh tréimhse chúig bliana, duine lena mbaineann an Chaibidil seo a cheapadh ná nach ngníomhóidh sé ar bhealach ar bith, cibé acu go díreach nó go neamhdhíreach, mar stiúrthóir nó mar rúnaí ar aon chuideachta, ná nach mbeidh baint ná páirt aige I dtionscnamh ná I bhfoirmiú aon chuideachta, mura gcomhlíonann an chuideachta na ceanglais atá leagtha amach thíos:

Is iad na ceanglais dá dtagraítear i bhfo-alt (1)-

(a) gurb é a bheidh i luach ainmniúil scairchaipiteal leithroinnte na cuideachta-

(i) i gcás cuideachta poiblí teoranta, €500,000 ar a laghad,

(i) i gcás aon chuideachta eile, €100,000 ar a laghad,

(b) go mbeidh gach scair leithroinnte suas go dtí méid comhiomlán nach lú ná an méid dá dtagraítear i bhfo-mhír (i) nó (ii) de mhír (a) de réir mar a bheidh, láníoctha, lena n-áirítear iomlán aon phréimhe uirthi, agus

(c) go n-íocfar as gach scair leithroinnte den sórt sin agus iomlán aon phréimhe uirthi in airgead tirim.

Dícháilíocht

I gcás duine a chiontú ar díotáil in aon chion indíoltáilte i ndáil le cuideachta, nó lena mbaineann calaois nó mímhacántacht, ansin ar feadh tréimhse chúig bliana ó dháta an chiontaithe nó ar feadh cibé tréimhse eile a ordóidh an chúirt, ar iarratas ón ionchúisitheoir agus ag féachaint d’imthosca uile an cháis-

(a) ní cheapfar é ná ní ghníomhóidh sé mar iniúchóir, stiúrthóir ná oifigeach eile, ná mar ghlacadóir, leachtaitheoir ná scrúdaitheoir ná ní bheith baint ná páirt aige ar bhealach ar bith, cibé acu go díreach nó go hindíreach, le tionscnamh foirmiú nó bainistíocht aon chuideachta nó aon chumainn atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair 1893 go 2018;

(b) measfar é a bheith, chun críocha an Achta seo, faoi réir ordaithe dícháilíochta ar feadh na tréimhse sin.