R-Chomhdú

Saoráid comhdaithe ar líne de chuid na hOifige um Chlárú Cuideachtaí is ea CORE (Timpeallacht Cláraithe Ar Líne na gCuideachtaí). Tá sí bunaithe le ligean duit, mar chustaiméir de chuid CRO, amharc, i dtimpeallacht phríobháideach shlán, ar an bhfaisnéis is déanaí faoi chuideachtaí a ndéanann tú comhdú dóibh.

Cuireann CORE ar do chumas:-

  • Doiciméid a chomhdú ar líne (is féidir cuid doiciméad a chomhdú saor in aisce)
  • Stádas do chuideachtaí a sheiceáil i liostaí ar féidir iad a shórtáil in oird éagsúla
  • Fógraí a fháil maidir le comhdú i leith cuideachtaí i do phunann agus le hathruithe ar stádas na ndoiciméad sin.
  • Súil a choimeád ar do chuideachtaí
  • Faigh iarmhéid do Chuntais, idirbhearta agus ráitis CRO

Is féidir líon foirmeacha CRO a ríomhchomhdú, dóigh shlán simplí chun doiciméid a chomhdú. Má tá cabhair de dhíth ort féadann tú r-phost a sheoladh chuig an Rannóg Ríomhchomdaithe.

Féach físeán thíos chun cabhair a fháil le do thoil ar ríomhchomhdú  tuairisceán bliantúil (Foirm B1)

https://www.youtube.com/c/croirl

---------------------------------------------------------------------------------