Cuir ainm in áirithe

1 Meitheamh 2015 ba ea an dáta tosach feidhme chun ainm cuideachta a fhorchoimeád, a fhoráiltear faoi ailt 28 agus 29 Acht na gCuideachtaí 2014.

Tá an tsaoráid chun ainm cuideachta a fhorchoimeád, rud a ligeann ainm cuideachta a fhorchoimeád ar feadh tréimhse suas le 28 lá, tá sé ar fáil i bhfoirm leictreonach amháin agus is féidir í a aimsiú in CORE sa rannóg "Comhdaigh Foirm". Tá faisnéis a bhaineann leis an tsaoráid ar fáil in CORE freisin agus ní mór dul i mbun comhairle leis le linn cur isteach ar iarratas a mheas. Is é €25 an táille ar iarratas ar fhorchoimeád ainm cuideachta agus is féidir í seo a fhritháireamh in aghaidh iarratais ar chuideachta nua má chuirtear deimhniú an ainm forchoimeádta isteach leis an bhFoirm iarratais A1 laistigh den tréimhse sonraithe 28 lá.

Féach CORE - https://core.cro.ie. Nasc: Ceisteanna Coitianta

File a form in CORE - Doicimead a chlaru

Táille

€25 is ea táille ar iarratas chun ainm cuideachta a fhorchoimeád agus is féidir í seo a fhritháireamh in aghaidh iarratais ar chuideachta nua má chuirtear deimhniú an ainm forchoimeádta isteach leis an bhFoirm iarratais A1 laistigh den tréimhse sonraithe 28 lá.

Is féidir iarratas a chur isteach, in éineacht le táille €25, chun tréimhse sa bhreis a shíniú tráth nach mó ná 28 lá ar ainm cuideachta a forchoimeádadh. An dara táille €25 chun tréimhse forchoimeádta a shíniú, ní dhéantar é a fhritháireamh in aghaidh d’iarratais ar chuideachta nua.

Athrú ar Ainm Cuideachta dodhéanta

Bíodh a fhios agat nach féidir an tsaoráid chun ainm cuideachta a fhorchoimeád a úsáid chun ainm a fhorchoimeád maidir le hiarratas ar athrú ar ainm cuideachta (Foirm G1Q). Is Féidir ainm a fhorchoimeád ón Meitheamh 2015 - Acht na gCuideachtaí 2014.

Cuardach Cuideachta

Is féidir an tsaoráid a úsáid mar uirlis chuardaigh a ligfidh do chustaiméirí ainm molta a sheiceáil in aghaidh ainmneacha cuideachtaí ar chlár CRO, agus dá mheasfadh an CRO gurbh inghlactha acu ainm a bheadh molta. Ba cheart go dtabharfadh sé seo léargas don chustaiméir maidir le hainm a bheadh inghlactha le linn Foirm A1 a chomhdú chun cuideachta a ionchorprú. Tá an tseirbhís seo mar bhreis don fheidhm "Cuardach Cuideachta" atá ann cheana, áit ar féidir leat seiceáil má tá an t-ainm molta agat comhchosúil le ceann atá cláraithe cheana féin.

Moltar duit costais a sheachaint maidir leis an ainm molta (m.sh. comharthaí, páipéar ceannlitreacha agus páipéarachas srl. a ullmhú) sula bhfaighidh tú admháil deimhnithe um fhorchoimeád an ainm nó deimhniú ionchorpraithe a dheimhneoidh gur forchoimeádadh nó gur cláraíodh an chuideachta faoin ainm a roghnaíodh.

Tá sé tábhachtach scrúdú a dhéanamh lena chinntiú nach bhfuil an t-ainm atá ag teastáil uait ró-chosúil le hainm eile ar chlár na gcuideachtaí sula gcuireann tú na doiciméid foirmithe cuideachta isteach. Má bhíonn an t-ainm atá roghnaithe agat ró-chosúil le hainm cuideachta eile, agus má ghlacann an CRO leis le haghaidh cláraithe, trí neamhaire nó a mhalairt, d’fhéadfadh agóid scríofa a bheith curtha isteach de bharr cosúlachta chuig Clár na gCuideachtaí tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis do chuideachta a ionchorprú agus d’fhéadfadh a bheith ort ainm do chuideachta a athrú ar ordú ón gCláraitheoir.

Agus measúnú á dhéanamh ar cé acu a bhfuil ainmneacha ró-chosúil lena chéile nó nach bhfuil,féachfaidh an Cláraitheoir ar na tosca ábhartha ar fad a thugann le tuiscint go bhfuil na hainmneacha ar an dá chuideachta cosúil lena chéile agus go gcuirtear iad trína chéile.

Má thugann an Cláraitheoir ordú do chuideachta, de bhun alt 30 d’Acht na gCuideachtaí 2014, a hainm a athrú, ní mór di é seo a dhéanamh tráth nach déanaí ná sé sheachtain ón dáta a thugann an Cláraitheoir an t-ordú nó tréimhse níos faide a shocraíonn an Cláraitheoir. Is féidir cuideachta a ionchúiseamh má theipeann uirthi cloí leis an ordú.

Ainm Cuideachta a Fhorchoimeád

Ligeann an córas seo duit ainm a fhorchoimeád do chuideachta nua. Mura nglactar leis an ainm atá molta nó má tá sé comhchosúil le hainm cuideachta eile cuirfear in iúl duit láithreach ar an scáileán. Níl aon mhuirear ann as an tseirbhís seo.

Mura ndiúltaítear don ainm atá molta láithreach, measfaidh an CRO é agus cuirfear in iúl duit laistigh de 5 lá oibre. €25 is ea an costas ar an iarratas sin, ar féidir íoc as roimh ré le cárta creidmheasa nó é a ghearradh ar do chuntas sa CRO. Eiseofar admháil láithreach ar an scáileán agus déanfar nóta de i do spás oibre laistigh de CORE.

Má tharlaíonn go ndéantar d'iarratas a mheas agus a dhiúltú iarrfar ort más mian leat d’iarratas a mhionathrú agus é a chur isteach arís saor in aisce. Ní gá é seo a chur isteach láithreach. Is féidir an mionathrú seo a dhéanamh arís agus arís eile go dtí go nglacfar leis. Má ghlactar le d’iarratas cuirfear in iúl duit trí r-phost a sheoladh chugat. Cuirfear deimhniú RCN i do spás oibre in CORE.

Forchoimeádtar an t-ainm ar feadh 28 lá mar a léirítear ar Dheimhniú RCN. Seolfar meabhrúchán chugat le r-phost i ndiaidh 23 lá den dáta éaga. Ba cheart duit Deimhniú RCN a phriontáil amach agus é a chur isteach le d’iarratas ar chuideachta nua. Má dhéantar é seo a chur i láthair laistigh den tréimhse sonraithe 28 lá bainfear €25.00 den táille ionchorpraithe.

Deimhniú RCN, Ní Nóta Creidmheasa

Bíodh a fhios agat nach féidir laghdú sna táillí a thabhairt ach amháin go gcuirtear an deimhniú RCN i láthair leis an iarratas ar chuideachta nua. Ní féidir é a chur i láthair níos moille nó ní féidir úsáid a bhaint as le comhdú eile. Ní cárta creidmheasa é Deimhniú RCN.

Féadann tú an forchoimeád a shíniú ar feadh 28 lá eile agus is é €25.00 an costas air seo. Ní féidir an forchoimeád a shíniú níos faide ná an tréimhse sin. Beidh iarratas úr de dhíth ina dhiaidh sin. Ba cheart duit Deimhniú RCN a phriontáil amach go fóill agus é a chur isteach le d’iarratas ar chuideachta nua. Má chuirtear é seo i láthair laistigh de 28 lá - sínithe suas le 56 lá anois - fanann lacáiste iomlán sna táillí mar €25.00.

Déan Teagmháil

Má tá aon cheist agat faoin gcóras seo déan teagmháil le do thoil (01) 804 5200, Íosghlao 1890 220226 nó seol r-phost chuig info@cro.ie.